Tá sé ráite ag Amnesty International gur bhris Iosrael an dlí idirnáisiúnta aréir nuair a ghabh cabhlach na tíre long an ghrúpa carthanachta ar bhí ag iarraidh an bac loingseoireachta atá i bhfeidhm ar Gaza a shárú agus cúnamh fóirithinte a thabhairt go dtí an pobal ansin.
Dháréag de chriú a bhí ar bord na loinge an Madleen nuair a chuaigh údaráis de chuid Iosrael ar bord uirthi i rith na hoíche. An gníomhaí Greta Thunberg an duine is mó atá i mbéal an phobail a bhí ar chriú an Madleen.
Faoi bhratach na Breataine a bhí an Madleen ag seoladh agus í faoi stiúir an Freedom Flotilla Coalition (FFC) grúpa atá ar son na Palaistíne. Theastaigh uathu beagán cúnaimh a thabhairt go Gaza mar shiombail fheiceálach a dhíreodh aird an tsaoil mhóir ar an ngéarchéim dhaonnúil atá sna críocha céasta sin.
I ráiteas ó Ard-Rúnaí Amnesty International, Agnès Callamard, dúirt sí,
“Tá a dhualgais dlí i leith na saoránach atá ina gcónaí i Stráice gafa Ghaza sáraithe arís eile ag Iosrael tríd an Madleen a stopadh agus a bhac, long ar a raibh cúnamh daonnúil agus criú gníomhaithe dlúthpháirtíochta ar bord. Léirigh an beart sin an neamhaird scáfar atá ag Iosrael ar orduithe na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta, orduithe a bhfuil ceangal dlí leo.
“Sáraíonn an oibríocht seo a rinneadh i lár na hoíche agus in uiscí idirnáisiúnta an dlí idirnáisiúnta agus chuir sí sábháilteacht na ndaoine a bhí ar bord i mbaol.
“Gníomhaithe gan airm agus cosantóirí chearta an duine an criú a bhí ar bord an Madleen agus iad ag tabhairt faoi mhisean daonnúil, caithfear iad a scaoileadh amach láithreach bonn agus gan aon choinníoll a chur lena saoradh. Go dtí go scaoiltear saor iad, caithfear iad a choinneáil slán ó chéasadh ná aon drochbhail eile.”
Dúirt Agnès Callamard ón uair a thug an Madleen faoina turas fóirithinte as Catania sa tSicil ar an gcéad lá de Mheitheamh gur siombail iontach cumhachtach a bhí sa long don dlúthpháirtíocht leis na Palaistínigh atá ar anchaoi agus iad faoi léigear agus scrúdta leis an ocras agus “gan beart dá laghad á dhéanamh ar a son ag údaráis idirnáisiúnta”.
“Ní mór a rá, áfach, go léiríonn an misean seo gur drochtheist ar an bpobal idirnáisiúnta gur loic siad deireadh a chur le bac mídhaonna Iosrael. Ní bheadh aon chall do ghníomhaithe a mbeatha a chur i mbaol dá mbeadh comhghuaillithe Iosrael sásta beart éifeachtach a dhéanamh de réir a gcuid briathra agus cúnamh a ligean isteach go dtí muintir Ghaza.”
Tá sé deimhnithe ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha Iosrael go bhfuil an long faoina smacht anois.
D’ordaigh Israel Katz, Aire Cosanta Iosrael, don arm Dé Domhnaigh gan ligean don Madleen dul chomh fada le Gaza, agus mhaígh sé gur iarracht bholscaireachta ar son Hamas a bhí sa turas farraige.
Ón mhí seo caite tá na húdaráis in Iosrael ag tabhairt cead roinnt den chúnamh atá riachtanach a ligean isteach go Gaza ach tá rabhadh tugtha ag oibrithe agus saineolaithe daonnúla go bhfuil pobal Ghaza i mbaol gorta mura gcuirtear deireadh leis an gcosc ar bháid isteach go dtí an stráice agus leis an ionsaí míleata.
Tá an cosc loingseoireachta i bhfeidhm in Gaza ó 2007, tráth ar ghlac Hamas ceannas ar an stráice.
Tá cúrsaí in Gaza i bhfad níos measa le 20 mí, ó rinne Hamas ionsaí ar Iosrael mí Deireadh Fómhair 2023, ionsaí inar maraíodh 1,200 duine agus gabhadh 251 giall.
Áitíonn an aireacht Sláinte in Gaza go bhfuil 54,000 Palaistíneach maraithe in ionsaithe Iosrael ó shin.
Le déanaí chuir Iosrael bac ar chúnamh daonnúil a thabhairt isteach sa stráice ar feadh 80 lá, cosc a chuir an pobal go doras an bháis leis an ocras, dar le heagraíochtaí cúnaimh idirnáisiúnta.
Fág freagra ar 'An dlí idirnáisiúnta briste ag Iosrael nuair a ghabh siad an ‘Madleen’'