Séamus Ó Coileáin ceaptha ina Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga

Beidh Sémus Ó Coileáin, as iarthar Luimnigh, ar an státseirbhíseach is sinsearaí ar fhoireann an Choimisinéara Teanga agus é freagrach as bainistiú na hoifige agus as comhairle a chur ar an gCoimisinéir

Séamus Ó Coileáin ceaptha ina Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga

Tá an t-aistritheoir agus léachtóir ollscoile Séamus Ó Coileáin as Luimneach ceaptha ina Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga.

Beidh Ó Coileáin ar an státseirbhíseach is sinsearaí ar fhoireann an Choimisinéara Teanga agus é freagrach as bainistiú na hoifige agus as comhairle a chur ar an gCoimisinéir, Séamas Ó Concheanainn.

Tá Oifig an Choimisinéara Teanga gan aon stiúrthóir oifige ó d’éirigh Séamas Ó Concheanainn féin as an gcúram sin nuair a ceapadh ina choimisinéir teanga é ag deireadh na bliana 2023.

Tá Séamus Ó Coileáin, arb as Áth an tSléibhe in Iarthar Luimnigh ó dhúchas dó, ag obair in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe le 25 bliain anuas.

Roimhe sin d’oibrigh sé in Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC, agus leis an gcomhlacht aistriúcháin Europus ar an gCeathrú Rua

D’oibrigh sé le roinnt blianta anuas mar Cheann Disciplín ar an Aonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta in Ollscoil na Gaillimhe. Bhí sé ina chomhordaitheoir freisin ar an Ionad Barr Feabhais i gcomhair Gairmeacha san AE.

Aistritheoir liteartha é chomh maith agus ar na saothair a d’aistrigh sé bhí The Wizard of Oz  (Asarlaí Oz ) agus ‘The Invisible Man’ (An Fear nárbh fhéidir a fheiscint).

Tá sé ar dhuine de bhunaitheoirí an tsuímh aistriulitriochta.ie, áis don aistriúchán litríochta.

Fág freagra ar 'Séamus Ó Coileáin ceaptha ina Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga'

  • D

    Treise leat, a Shéamuis.

  • Andrea

    Comhghairdeas ó chroí dó! Go n-éirí an bóthar leis agus guím gach rath air sa ról nua.

  • Liam P. Ó Murchú

    Ardfhear, a Shéamuis! Fag gearra acu é!

    Liam P. agus Marian Ó Murchú,

    Corcaigh.

  • Pól Ruiséal

    Comhghairdeachas leat a Shéamais. Go n-éirí an bóthar leat i ngach slí feasta!

  • Bridie úi Gearailt

    Comhghairdeashas leat a Shéamais gach rath ort

  • Mn

    An-rogha!