An Deisceart, deisceart na hÉireann, Poblacht na hÉireann, na 26 contae – mearbhall faoi ainm na tíre seo againne

Na figiúirí Covid-19 an cruthúnas is déanaí nach bhfuil an tuiscint chéanna ag cách ar ainm na tíre seo againne

An Deisceart, deisceart na hÉireann, Poblacht na hÉireann, na 26 contae – mearbhall faoi ainm na tíre seo againne

Agus mé ag lorg líon na gcásanna laethúla den choróinvíreas in Éirinn ó thús na paindéime, ba mhinic mearbhall orm faoin gcuid den oileán a rabhthas ag tagairt di sna meáin.

Ar bhain na figiúirí d’Éirinn leis an tír ar fad, thuaidh agus theas, nó an ea go mba iad na 26 contae amháin a bhí i gceist? Bhuel, de réir mo thuisceana, braitheann sé ar an nuachtán atá á léamh agat.

Cuimsíonn figiúirí Tuairic.ie, cuir i gcás, an 32 contae cuid mhór den am; na 26 contae amháin a bhíonn i gceist leis na meáin Bhéarla (Irish Times, Independent is araile) den chuid is mó, seachas caonaí aonair d’alt anseo is ansiúd.

Más cásanna ó thuaidh agus ó theas atá á dtuairisciú sna meáin Bhéarla agus, ar ndóigh, ar Raidió na Gaeltachta, cuirtear sin in iúl trí thagairtí ar leith a dhéanamh do Thuaisceart Éireann agus d’Éirinn.

Bíodh sin mar atá, agus nílim ag fáil locht ar éinne acu, is ríshoiléir nach bhfuil an tuiscint chéanna ag cách ar ainm na tíre seo againne.

De réir airteagail 4 de Bhunreacht na hÉireann, ‘Éire is ainm don Stát nó, sa Sacs-Bhéarla, Ireland’, ach i ndáiríre, tá tuilleadh is brí amháin ag baint le ‘Éire’, agus mar bharr ar an gcíor thuathail is mó ainm a úsáideann muintir na tíre sa bhreis ar an gceann sa bhunreacht chun tagairt don stáitín seo.

Dar ndóigh, tá baint nach beag ag meon polaitiúil an duine leis an rogha a dhéanfaidh sé – an Deisceart, Deisceart na hÉireann, Poblacht na hÉireann, na 26 contae, an Saorstát nó fiú ‘Eire’ (gan an síneadh fada). Ach sin scéal eile.

Dar liom, is minice ná a mhalairt sa lá atá inniu gur ag caint ar an stát seo seachas an tír ina hiomláine – idir thuaidh agus theas – a bhítear agus Tadhg na sráide ag plé ‘Éire’. Feictear domsa go bhfuil chuile ghlúin nua, de réir a chéile, ag luí isteach ar an ngnás sin. Is cinnte go bhfuil na meáin ag cur cosa faoin gcor agus an claonadh seo gan trácht ar anáil throm na staire.

Bím ag éisteacht le meáin na Spáinne is na Gearmáine anois is aríst, agus is é an rud céanna a chloisim, is é sin gur ag díriú ar an stát seo amháin a bhítear agus ‘Irlanda’ nó ‘Irland’ acu.

Bíonn neamhréir i gceist uaireanta fiú in ailt sa nuachtán céanna. ‘Irish woman becomes world’s first patient to receive Pfizer’s Covid-19 vaccine’ a bhí mar cheannteideal ar alt ar an Irish Times an lá cheana, mar shampla.

Níor thug siad Tuaisceartach ná bean as Tuaisceart Éireann ar mbean chéanna, arb as Fear Manach ó dhúchas di, cé gur ag tagairt don stát ó dheas amháin a bhíonn siad nuair is líon na gcásanna Éireannacha den choróinvíreas a bhíonn faoi chaibidil acu.

Tuigfidh léitheoirí foinse na faidhbe is máthair an mhearbhaill.

Fág freagra ar 'An Deisceart, deisceart na hÉireann, Poblacht na hÉireann, na 26 contae – mearbhall faoi ainm na tíre seo againne'