An Daingean tríd go dtí an cluiche ceannais, mná Naomh Abán fós ina seasamh ach Gleann Fhinne díbeartha in Ulaidh

Tá seans go fóill ag peileadóirí an Daingin Craobh Shinsir Peile Chiarraí a bhuachan den chéad uair ó 1948 agus an ceann is fearr faighte acu ar Chiarraí Láir

An Daingean tríd go dtí an cluiche ceannais, mná Naomh Abán fós ina seasamh ach Gleann Fhinne díbeartha in Ulaidh

Ciarraí

Dá ndéarfaí leat roimh chluiche leathcheannais Dhaingean Uí Chúis go gcoinneofaí Paul Geaney gan scór i gcoinne Chiarraí Láir, is beag duine a cheapfadh go mbeadh an bua ag fir an Daingin ach b’in mar a tharla agus áit bainte amach acu arís i gcluiche ceannais an chontae.

Bearna trí phointe a bhí idir na foirne sa deireadh, 1-16 in aghaidh 0-16, agus tionchar mór ar an gcluiche ag beirt a bhí ag filleadh ar fhoireann an Daingin. Is mar ionadaí a thosaigh Conor Geaney an bua ar Chiarraí Thiar sna babhtaí ceathrú ceannais agus é ag teacht chuige ó ghortú ach thosaigh sé in aghaidh Chiarraí Láir. 1-6 a d’aimsigh Geaney, a chúl ag teacht i dtréimhse chinniúnach ag deireadh an chéad leath nuair a d’imigh an Daingean ó sé phointe ar chúl (0-2 in aghaidh 0-8) go dtí pointe chun tosaigh ag leath ama, 1-6 in aghaidh 0-8.

Ba é Mark O’Connor scéal mór an chluiche agus é tagtha abhaile ón Astráil chun imirt don Daingean. Thóg sé tamaillín ar an gConchúireach, atá ag imirt le Geelong Cats san AFL ó 2016, dul i dtaithí ar an gcaid arís ach bhí tionchar mór aige ar an gcath láir páirce sa dara leath.

Cé nár scóráil sé, bhí tionchar nach beag ag Paul Geaney ar chúrsaí chomh maith agus é tite siar chun a leathbhádóir le Ciarraí, Mike Breen, a tharraingt amach ó chosaint Chiarraí Láir.

Mhéadaigh pointí ó Niall agus Conor Geaney an bhearna idir na foirne sa dara leath agus bhí an Daingean sé phointe chun cinn agus cúig nóiméad fágtha. Rinne Ciarraí Láir iarracht ar theacht aniar san am a bhí fágtha ach chlis orthu agus an Daingean atá ag fáil réidh do chluiche ceannais an chontae Dé Domhnaigh beag seo nuair a thabharfaidh siad agus Cumann Aibhistín de Staic aghaidh ar a chéile i dTrá Lí.

Dún na nGall

Cúpla seachtain tar éis dóibh a séú craobh shinsir a thabhairt leo i nDún na nGall, bhí údar díomá ann do mhná Ghleann Fhinne agus iad sáraithe ag curaidh Thír Eoghain, Aireagal Ciaráin, i mbabhtaí ceathrú ceannais Uladh.

Chuir Gleann Fhinne tús iontach leis an gcluiche a imríodh ar a bpáirc féin agus iad 1-2 in aghaidh 0-0 chun tosaigh tar éis naoi nóiméad, an cúl aimsithe ag Yvonne Bonner.

Níor thóg sé i bhfad eile ar mhná Thír Eoghain dúiseacht, áfach. D’aimsigh Maria Canavan, neacht le Peter, cúl ó chic éirice tar éis 12 nóiméad agus bhíodar imithe chun tosaigh cúig nóiméad ina dhiaidh sin.

Bhí Aireagal Ciaráin ceithre phointe chun tosaigh ag leath ama, 2-5 in aghaidh 1-4, agus an dara cúl faighte dóibh ag Aoife Horisk, ach chuir Gleann Fhinne tús maith leis an dara leath. D’aimsigh Bonner, Abbie McGranaghan agus Karen Guthrie pointí chun an bhearna a laghdú agus nuair a fuair Danielle McGinley pointe eile, na Conallaigh ar ais ar comhscór.

Bhí na foirne fós cothrom agus deich nóiméad fágtha ach chríochnaigh Aireagal Ciaráin go láidir, áfach agus an trí scór deireanach den chluiche aimsithe ag Horisk agus Canavan (2), chun bua 2-10 in aghaidh 1-10 a thabhairt dóibh.

Corcaigh

D’éirigh níos fearr le mná Naomh Abán i gCraobh Idirmheánach na Mumhan agus bua cuimsitheach acu ar churaidh Phort Láirge, Naomh Áine, sna babhtaí ceathrú ceannais, 3-18 in aghaidh 1-5.

Ghéill mná Mhúscraí cúl luath san imirt ach níor thóg sé i bhfad orthu cúrsaí a chur ina gceart le cabhair cúl ó Annie Ní Mheachair. Bhí Naomh Abán ag imirt i gcoinne na gaoithe sa gcéad leath thíos san Chill i bPort Láirge ach bhíodar fós dhá phointe chun cinn ag leath ama, 1-5 in aghaidh 1-3. Mhéadaigh siad an bhearna luath sa dara leath ach is sa gceathrú uaire deireanach a thóg Naomh Abán ceannas iomlán ar chúrsaí agus 2-8 aimsithe acu i gcomparáid le haon phointe amháin ó Naomh Áine. Tá siad le haghaidh anois a thabhairt ar Mhagh Coirce-Buirgheas Thiobraid Árann sna babhtaí leathcheannais Dé Domhnaigh seo chugainn.

Fág freagra ar 'An Daingean tríd go dtí an cluiche ceannais, mná Naomh Abán fós ina seasamh ach Gleann Fhinne díbeartha in Ulaidh'