An cúlstop, ‘An Béal Bocht’ agus easpa umhlaíochta na nGael…

Tá dochar tromchúiseach déanta cheana féin don ghné Éireannach de phróiseas na síochána de dheasca chur chuige Rialtas na hÉireann i dtaobh an Bhreatimeachta

An cúlstop, ‘An Béal Bocht’ agus easpa umhlaíochta na nGael…

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tarlaíonn rud ait d’Éireannaigh áirithe nuair a labhraíonn siad go poiblí. Rinneadh cur síos iontach ar an athrú a thagann ar na daoine seo i leabhar Bhriain Uí Nualláin, An Béal Bocht. Ag oscailt na feise amuigh faoin dtuath sa leabhar sin, cuireann an polaiteoir ionadh ar an lucht éisteachta lena léacht:

‘Ní miste dom a rá gur Gael mise. Táim Gaelach ó mo bhaithis go bonn mo choise – Gaelach thoir, thiar, thuas agus thíos. Tá sibhse go léir fíor-Ghaelach mar an gcéanna. Gaeil Ghaelacha de shliocht Ghaelach is ea an t-iomlán againn.’ Chualathas leagan nua den seanphort céanna ó Bobby McDonagh, iar-ambasadóir na hÉireann i Londain, le déanaí. Tugadh cuireadh dó teacht ar Channel 4 News chun cabhrú leo cur chuige bagrach Rialtas na hÉireann a thuiscint. Labhair McDonagh faoi iarrachtaí Theresa May athrú a dhéanamh ar an dréachtchonradh maidir le himeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach:

The room for manoeuvre for the whole of the European Union including Ireland is very small on that [leasú a dhéanamh ar an gcúlstad], not just because of electoral concerns although the Taoiseach would be vulnerable to anything that would be seen to undermine the Good Friday Agreement and the Irish dimension of it. But it’s also a matter of fundamental principle that the Good Friday Agreement is one of the two great peace processes of modern history. The other one being the European Union itself although that isn’t often recognised in the British debate.

Is maith le taidhleoirí na Roinne Gnóthaí Eachtracha againne an cineál seo cainte, go háirithe nuair a bhíonn siad os comhar lucht éisteachta Briotanach. Is maith leo léachtaí a thabhairt faoi ‘thragóidí stair na hÉireann’ agus a bheith ag caitheamh anuas ar ár gcomharsana béal dorais cráite. Maidir le caint McDonagh tá go leor atá cearr léi. Ar an gcéad dul síos, ní chabhróidh an cúlstad le Comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint mar tagann an cúlstad féin salach ar an gconradh sin a chuir an Tionól ag Stormont agus an tOireachtas i gceannas ar an gcomhoibriú thuaidh/theas. Níor thug an comhaontú i 1998 cumhacht ar bith don Aontas Eorpach sa réimse conspóideach fíorpholaitiúil seo.

Tá dochar tromchúiseach déanta cheana féin don ghné Éireannach sin den phróiseas a luaigh an t-iar-ambasadóir de dheasca chur chuige Rialtas na hÉireann.

Is cuma leo faoi thoil na n-aontachtaithe agus bhain an Roinn Gnóthaí Eachtracha úsáid as Coimisiún an Aontais Eorpaigh chun ionsaí polaitiúil a dhéanamh ar an DUP. Ní comhoibriú an saghas seo iompair. Labhair an tUasal McDonagh ansin mar gheall ar stair na mór-roinne féin. Rinne sé comparáid idir Comhaontú Aoine an Chéasta agus forbairt na n-institiúidí Eorpacha ón gcéad chomhaontú faoi ghual agus faoi chruach i 1951, agus na conarthaí níos déanaí a bhunaigh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i 1957 agus an Comhphobal Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach i 1957. Níor chuir éinne ar Channel 4 an cheist seo air: an gceapann an Roinn Ghnóthaí Eachtracha anois go bhfuil siad chomh hoilte agus chomh stuama is a bhí Jean Monnet, Robert Schuman agus Walter Hallstein, príomhailtirí an tionscnaimh Eorpaigh, triúr taidhleoirí a tharraing mór-roinn scriosta as an bpoll dubh a chruthaigh na Naitsithe idir 1939-45? An bhfuil meas ag ár dtaidhleoirí féin a thuilleadh ar an umhlaíocht?

Fág freagra ar 'An cúlstop, ‘An Béal Bocht’ agus easpa umhlaíochta na nGael…'

  • Antain Mac Lochlainn (@AntainMac)

    Tá iarracht láidir den osréalachas ag baint le fodar an Sunday Indo a léamh i nGaeilge.