An cúigiú duine gan dídean básaithe i mBéal Feirste…

Má tá práinn le soláthar tithíochta agus cóir leighis ó dheas tá an fhadhb chéanna ann ó thuaidh…

Part of the By a Wall series.
Part of the By a Wall series.

Bhí Catherine Kenny ina luí ag doras siopa i lár na cathrach i mBéal Feirste . Fuarthas amach go raibh sí i dtrioblóid nuair a chuaigh duine dá lucht aitheantais i gcabhair uirthi mar nach raibh a mála codlata á clúdach i gceart. Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála ach níorbh fhéidir cuidiú léi. Bhí sí marbh in aois a 32 bliain.

Ba í an cúigiú duine gan dídean í a cailleadh ar shráideanna na cathrach i mbliana, an chéad bhean. Tá a muintir ag éileamh ar na húdaráis a dhul i ngleic le cúiseanna a báis faoi phráinn. Bhí fadhbanna óil, drugaí agus meabhairshláinte ag Catherine ó bhí sí ina déagóir. Bhí sí gan dídean le bliain beagnach. Maíodh gur iomaí iarracht in aisce a rinne sí le déileáil le fadhb seo na handúile aici.

Tá a lucht tacaíochta den bharúil gur ligeadh síos í ‘cheal seirbhísí cónaithe, comhairle agus cóir leighis a mbeadh fáil orthu go tapa’.

Bhí cion thar na bearta ag a muintir agus a cairde uirthi. Fágadh bláthanna agus teachtaireachtaí ag an áit a bhfuair sí bás. Dúradar gur dhuine gnaíúil, suáilceach í a bhfuair a fadhbanna smacht uirthi. Is minic a bhíonn an caidreamh idir dhaoine gan dídean agus a muintir briste ach níorbh amhlaidh an scéal i gcás Catherine. Bhí a tuismitheoirí marbh ach bhíodh a deirfiúr, Lee Marie Hughes i dteagmháil léi gach lá. Theastaigh óna deirfiúr go bhfoilseofaí ainm Catherine – go dtabharfaí aitheantas di mar dhuine –ní mar chorp ar an tsráid.

Bhí Catherine san ospidéal an tseachtain seo caite. Chaith Lee Marie an lá léi ansin agus dúirt Catherine léi go raibh sí ullamh chun glacadh le cabhair. Rinne Lee Marie na teagmhálacha riachtanacha ach níorbh fhéidir coinne éigeandála a fháil go ceann trí seachtainí. Cá bhfios an mbeadh Catherine slán dá mbeadh seirbhís le fáil aici níos luaithe, dá mbeadh na liostaí feithimh níos giorra?

Áirítear go bhfuil 3,500 gan dídean i mBéal Feirste, a bhformhór ag codladh ‘ó tholg go tolg’ . Níl an fhadhb chomh holc is atá sé i mBaile Átha Cliath agus níl teaghlaigh sáinnithe i seomraí óstáin ach is ceist í ar cheart do na polaiteoirí abhus a dhul i ngleic léi. Níl aon dabht ach go gceisteofar na hiarrthóirí do thoghchán an Tionóil faoina bpleananna chun ganntanas tithíochta a fhuascailt chomh maith le ceisteanna faoi dhrugaí agus alcólachas.

Rinne muintir Catherine achainí ar na polaiteoirí gníomhú faoi phraghas óil. D’inis fear ar an tsráid dóibh gur féidir leathdhosaen cannaí beorach a cheannach ar phraghas níos ísle ná an mearbhia is saoire. Ní mór praghas óil a ardú, a deir siad. Ní mór freisin beart níos éifeachtaí a dhéanamh in aghaidh mangaireacht drugaí. Fearacht go leor eile, d’impigh siad ar an bhFeidhmeannas i Stormont tosaíocht a thabhairt do sheirbhísí meabhairshláinte.

Bhí aithne ag go leor de na háisíneachtaí cabhrach ar Catherine. Ghoill a bás go mór orthu agus teastaíonn uathu go mbeadh comhoibriú níos dlúithe idir na heagraíochtaí cabhrach. Maítear gur cheart dóibh eolas a roinnt faoi na daoine atá i dtrioblóid ionas gurbh fhéidir an chabhair chuí a sholáthar gan aon mhíthuiscint ná lúb ar lár.

Go bunúsach, tá na háisíneachtaí sin ag déileáil le comharthaí sóirt. Ní acusan atá an t-údarás chun déileáil leis na cúiseanna le daoine a bheith gan dídean – an dífhostaíocht, gan a bheith in ann cíos/morgáiste a íoc, easpa tithíochta chomh maith leis na fadhbanna a bhaineann le tinneas nó andúil.

Is maith ann cabhair do na siomptóim ach ’sé gnó an stáit na seirbhísí athshlánaithe a sholáthar agus dul go bunchúis na faidhbe.

Fág freagra ar 'An cúigiú duine gan dídean básaithe i mBéal Feirste…'