An cruinn nó míchruinn a bhí gramadach an Athar Peadar?

Cuirtear tús anseo le colún ócáideach nua faoi cheart agus mícheart na Gaeilge. An geábh seo, ní i gcónaí a bhíonn saineolaithe gramadaí ar aon fhocal lena chéile faoin ainm briathartha…

An cruinn nó míchruinn a bhí gramadach an Athar Peadar?

Ní lia duine ná tuairim, a deir an seanfhocal. Léiriú ar an méid sin is ea an locht atá faighte in imeacht na mblianta ag roinnt saineolaithe gramadaí ar dhá abairt de chuid an Athar Peadar.

Abairtí iad a bhfuil plé déanta orthu ag an Ollamh Cormac Ó Cadhlaigh in Gnás na Gaeilge. Abairtí, leis, iad a léiríonn úsáid neamhghnách den ainm briathartha, ach leaganacha iad atá bailí mar sin féin, dar liom.

Seo iad iad:

  1. 1.Ba mhór an díobháil dos na Gallaibh Barún Ínse Í Chuinn do thuitim.
  2. 2.Ba mhór an trua aon drochnídh a dh’imeacht air.

Is ionann ‘do thuitim’ sa chéad abairt agus ‘a thitim’ sa lá atá inniu ann.

Maidir leis an dara ceann, is ionann ‘a dh’imeacht’ agus ‘a imeacht’ i litriú na linne seo.

Toisc nach dtagann aon rud i ndiaidh na mbriathra ‘tit’ agus ‘imigh’ sna samplaí thuas, bítear ag fáil locht orthu mar Ghaeilge, ó thaobh na comhréire de.

Barr ar an donas, is roimh an mbriathar a thagann an t-ábhar cainte lena mbaineann sé i ngach abairt díobh (‘Barún Ínse Í Chuinn’; ‘drochní’), seachas ina dhiaidh. Is lena mhalairt a bheifí ag súil i gcás briathra den tsaghas sin. 

Taibhsítear do roinnt tráchtairí gramadaí dá réir go bhfuil abairtí den chineál thuas ar aon dul leis na leaganacha lochtacha ‘d’fhéadfadh sé a thitim amach [=titim amach] nach dtiocfaidh dóthain daoine’ nó ‘d’fhéadfadh sé a imeacht luath [=d’fhéadfadh sé imeacht luath] dá mba mhian leis’ – ach ní thiocfainnse leis an léamh sin ar an scéal.

Struchtúr amháin atá inghlactha sa chanúint agus sa chaighdeán araon is ea a leithéid seo: ‘Ba mhór an trua é a thitim amach go gcuirfí deireadh le Tuairisc.ie’. San abairt áirithe seo, is ionann ‘a thitim amach’ agus ‘a bheith ag titim amach’.

Sa tslí chéanna, is féidir na focail ‘a bheith ag titim’ a scríobh san áit a bhfuil ‘a thitim’ ag an Athair Peadar is ag an Ollamh Ó Cadhlaigh thuas. Agus féadtar ‘a bheith ag imeacht’ a scríobh i leaba na bhfocal ‘a imeacht’ sa dara habairt acu.

Sin é an bhrí atá leo, ina gceann is ina gceann.

Tá an úsáid seo den ainm briathartha ag teacht le roinnt samplaí atá tugtha ag na Bráithre Críostaí (i gCaibidil 18 den Ghraiméar acu), agus tá samplaí den struchtúr ‘a imeacht’ ag Pádraic Ó Conaire in Deoraíocht.

Féach freisin a leithéid seo ag Máirtín Ó Cadhain sa ghearrscéal ‘An Bóthar go dtí an Ghealchathair’:

‘Níor chuid iontais léi a hiníon féin a fheiceáil ag dul go Meiriceá ach an oiread leis an ochtar deirfiúr arbh é a géarchuimhne cuid acu a imeacht ann.’

Dála an scéil sna habairtí thuas, is ionann ‘a imeacht’ ag an gCadhnach anseo agus ‘a bheith ag imeacht’.

Bean a mhionnaigh agus a mhóidigh nach n-imeodh sí as Éirinn go deo ab ea Eibhlín Ní Mhurchú, bean Leagan Cainte ar Raidió na Gaeltachta. Mar seo a labhair sí lá ar an raidió faoin míthuiscint a bhí uirthi i dtaobh iníon le Peig Sayers a dhul sall go Meiriceá i dteannta aintín léi, bean a cheap Eibhlín a bhí ina hiníon eile le Peig:

‘B’ait liom nár dhein Peig aon tagairt ina leabhar do bheirt iníon léithe a dh’fhágaint in aon turas ag dul go Meiriceá.’ (RTÉ Raidió na Gaeltachta, 12 Lúnasa 2012)

Is mó duine a déarfadh ‘le dul’ san áit a bhfuil ‘ag dul’ ag Eibhlín thuas, ach sin scéal thairis, agus ní chuige sin atáim; is ionann ‘a dh’fhágaint’ thuas agus ‘a fhágaint’, is é sin, ‘a bheith ag fágaint’, nó ag fágáil sa Chaighdeán.

Ní hé gur thug Peig marcaíocht do na mná chomh fada leis an mbád bán agus gur fhág sí ansin iad; beirt iníonacha léi a bheith ag fágáil in éineacht a chuir iontas ar Eibhlín (de réir na míthuisceana a bhí uirthi), toisc nach raibh tagairt ach do dhuine amháin acu i leabhar Pheig.

Caith do shúil go malltriallach ar leaganacha luatha den Bhunreacht – comhcheilg Mhuimhneach! – agus cífir an struchtúr sin ann minic go leor.

Ceist eile ar fad is ea an ndéarfaí a leithéid sa lá atá inniu ann?  B’fhéidir nach minic é, ach tá sé fós beo; chuala féin duine de mhuintir Uí Bheaglaioch á chur ag obair ina chuid cainte go nádúrtha tuairim is sé mhí ó shin ar An Saol Ó Dheas. Más tearc féin é sa chaint, tá sé cruinn ceart ní hamháin é a rá, ach é a scríobh, agus b’olc an mhaise dúinn é a bheith ina shampla de ‘dhroch-Ghaeilge’ againn.

Seans gur mar seo a leanas a déarfaí is a scríobhfaí na habairtí thuasluaite taobh amuigh de Chúige Mumhan:

  1. 1.(a) Ba mhór an díobháil do na Gaill titim Bharún Ínse Í Chuinn.
  2. 2.(b) Ba mhór an díobháil do na Gaill dá dtitfeadh Barún Ínse Í Chuinn.
  1. 2.(a) Ba mhór an trua aon drochní a bheith ag imeacht air.
  1. 2.(b) Ba mhór an trua dá n-imeodh aon drochní air.

Bhí ‘an dá arm aigne’ ag an Athair Peadar ceart go leor, ach níor fhág sin bearnach a chuid Gaeilge ná baol air.

Thuig sé an méid a bhí á scríobh aige.

Fág freagra ar 'An cruinn nó míchruinn a bhí gramadach an Athar Peadar?'