An cliché – an chloch is mó ar phaidrín iriseoirí Gaeilge?

FRIOTAL - Ó tharla borradh a bheith faoi na meáin Ghaeilge arís, shíleamar go mba thráthúil roinnt frásaí úsáideacha a fhoilsiú i bhfoirm ‘ceist agus freagra’ chun gur fusa iad a chur de ghlanmheabhair.

Screen Shot 2013-08-29 at 07.34.27_0

Cúrsaí reatha

Cinneadh seo Fhoras na Gaeilge/an Rialtais (breac isteach ainm eagraíochta), cad é atá sé tar éis a chur ar a lán daoine?

Ionadh agus alltacht.

Agus cén chéim chomparáide is fearr a chuireann síos orthu?

Ní mó ná sásta atá siad.

Cá mbíonn ‘a lán daoine’?

Ní taobh istigh a bhíonn siad ar aon nós, mar tá sé ráite riamh: ‘Tá a lán daoine amuigh ansin.’

Agus cad é atá ar siúl ag ‘a lán daoine’?

Gníomhach ‘ar an talamh’ atá cuid acu.

An feirmeoirí iad?

Ní hea, bíonn siad ag cothú rudaí agus á gcur chun cinn i measc na phobail.

An ar a ndícheall a bhíonn siad?

Ar a seacht ndícheall, féadaim a rá.

An amhlaidh a bheidh a leithéidí arís ann?

Neosfaidh an aimsir.

Cad é atáthar a rá i dtaobh thoradh an toghcháin/reifrinn?

Gur idir dhá cheann na meá atá sé.

Cé chomh leathan is atá an bhearna idir an dá thaobh?

Níl oiread agus coiscéim coiligh ann.

Cá bhfuil an chloch is faide siar, dar lena lán daoine?

Ar phaidrín an Rialtais (seachas Cloch na Rón).

Ainmnigh an dá cheannlíne bheannaithe.

  1. ‘Cad a dhéanfaimid feasta gan…’ (breac isteach cibé rud atá in easnamh: nuachtán clóite, ospidéal réigiúnach, adhmad)
  2. ‘Laghdú/méadú suntasach…’ (ar rátaí dífhostaíochta, ar bhoilsciú, ar úsáid an fhocail ‘suntasach’)

Cúrsaí spóirt

Cad leis a mbítear ag súil i bPáirc an Chrócaigh?

Taispeántas den scoth.

Cá huair a shéideann an réiteoir an fheadóg?

Nuair a bhíonn a dhóthain feicthe aige.

Cén tréith a bhaineann le peileadóirí Chiarraí seachas dream ar bith eile sa tír?

Tá an chúiléith i bhfad siar acu.

Léirmheasanna

Cad é a bheadh Alan Titley/Nuala Ní Dhomhnaill (breac isteach ainm scríbhneora)?

Bheadh sé/sí molta agus mé i mo thost.

Cén cineál leabhair é seo?

Leabhar de chineál nach bhfeictear go rómhinic sa Ghaeilge.

Ainmnigh tréithe an údair.

(1) Áirítear i measc mhórscríbhneoirí na Gaeilge é.

(2) Scríbhneoir is ea é nach bhfuair a cheart go dtí seo.

(3) Is scríbhneoir bisiúil é.

Conas a chuirtear clabhsúr ar léirmheas leabhair?

(1) Nára fada uainn an chéad leabhar eile!

(2) Ní miste a bheith dóchasach go ndéanfaidh an t-údar seo gaisce, lá éigin.

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

 

Fág freagra ar 'An cliché – an chloch is mó ar phaidrín iriseoirí Gaeilge?'

  • Seosamh Ó Beirgin

    Chuir sé sin go mór le scléip na oíche, comh fada agus a bhain sé liomsa ar aon nós.

  • Eoin P.

    Ceannlíne eile

    7/10/20/100 bliain ag fás(braitheann sé cathain a bunaíodh an rud/fiontar/togra/tógra/tionscadal/tionscnamh)

  • Conchubhar Ó D.

    Agus sinn ‘ag dul chun tosaigh’ nó ‘ag dul ar aghaidh’, déanaimís ár seacht míle dícheall na drochnósanna sin a sheachaint!