An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo

Tá an-áthas ar Tuairisc.ie agus Conradh na Gaeilge comhthogra nua a fhógairt. Uair sa tseachtain as seo amach foilseofar leathanach amháin ón iris “An Claiḋeaṁ Soluis”. Foilseofar íomhá den iris féin in éindí le leagan caighdeánaithe den téacs go dtuige ár léitheoirí ar fad ar scríobhadh

ClaidheamhTriail4

Tá an-áthas ar Tuairisc.ie agus Conradh na Gaeilge comhthogra nua a fhógairt. Uair sa tseachtain as seo amach foilseofar leathanach amháin ón iris “An Claiḋeaṁ Soluis”. Foilseofar íomhá den iris féin in éindí le leagan caighdeánaithe den téacs go dtuige ár léitheoirí ar fad ar scríobhadh. 

Foilsíodh iris sheachtainiúil an Chonartha ón mbliain 1899 go dtí an bhliain 1932 faoi ainmneacha éagsúla; “An Claiḋeaṁ Soluis”, “Fáinne an Lae” agus “Misneaċ” . Foilseofar sleachta anseo céad bliain go baileach ó chéadfhoilsíodh iad i “An Claiḋeaṁ Soluis”. 

Tá súil againn go mbainfidh ár léitheoirí taitneamh agus tairbhe as na leathanaigh seo agus agus go bhfaighidh sibh léargas ar shaol na Gaeilge mar a bhí céad bliain ó shin.


Uimhir 879         Cláraithe mar pháipéar nuachta         Eanáir 30, 1915 Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Ár ngnó féin

Mórán Cainte

mórán cainte ag na páipéir agus níl ach aon ábhar amháin cainte acu. An Cogadh! An Cogadh! An Cogadh! Long imithe tóin poill! Pléascáin anuas ar bhaile cuain! Sasanaigh! An Cadhsar (Kaiser) sna trinsí! Teampall eile loiscthe! Dul ar aghaidh! Agus dul ar gcúl! Gorta sa nGearmáin! Éirí amach san Ungáir! Is iomaí bréag a insítear agus ní ligtear dúinn a fhírinne a fháil amach. Ach bíonn beagán gráin tríd an gcáith, agus is soiléir dúinn in aineoinn na mbréag go bhfuil ár agus dochar mór á ndéanamh ar a chéile ag na cumhachtaí atá ag treascairt sa gcogadh seo. Tá muintir gach náisiúin acu snaidhmthe go dlúth le chéile agu gan ach aon mheon agus aon mhian amháin acu, a dtír a chosaint is a saoirse a choimeád.

Díbeartaí Éireannacha

Níl an t-ár á dhéanamh go fóill in Éirinn ach is iomaí díth agus dochar atá orainn, agus sinn féin ciontach ina lán acu. Nuair a tháinig na Beilgigh bhochta go hÉirinn ar teitheadh ón gcogadh bhí trua an domhain againn dóibh. Thugamar £30,000 “airgead síos” dóibh. Tháinig ár mná uaisle dá gcabhair agus ár lucht ceoil le suantraí a sheinm dóibh. An rud is annamh ‘sé is iontach. Na daoine a rinne iontas mór de na Beilgigh ní hionadh leo go n-imíonn ar deoraíocht go deo as Éirinn gach bliain níos mó daoine ná a tháinig ar fad ar teitheadh ón mBeilg. Imíonn siad beo boacht uainn gan maoin, gan mórán oideachais, agus gan céard ná eolas ar an tír a bhfuil siad ag dul ann. Ní dhéantar ár leas féin. Níl suim againn i gcúrsaí a chéile. ‘Sí an neamhshuim atá dár ndonú agus tá ag mbochta ar seachrán.

Clisteacht ár nÓg

an chlisteacht coitianta i measc Gael. Is mór an t-ábhar dóchais dúinn é sin. Taispeánadh go minic ag na feiseanna ar fud Éireann go bhfuil ár n-aos óg go meabhrach is go gleoite, go bhfuil dúil acu i léann i gceol is i rince. Dá mbeadh cóir cheart oideachais againn ní bheadh a leithéid dár n-aosaigh le fáil. Bheidís oilte eolasach gustalach dúthrach. Bheadh caoi acu agus slí beatha dóibh, nó bhformhór, sa mbaile, agus an méad acu a d’fhágfadh Éire bheadh ceird nó oideachas acu a d’fheilfeadh don domhan thiar nó don domhan thoir.

Ag fanacht

Bhí súil againn le Rialtas Dúchais ach caithfimid fanacht mar atáimid tamall eile, is baolach, agus beimid ar bheagán airgid de bharr an chogaidh. Ar an ábhar sin ní mór dúinn feidhm a bhaint as an gcóir atá againn. Níl ach greim lag fós againn ar an oideachas agus ní bheidh againn ach oideachas leathchaoch go mbí na scoileanna Gaelacha bun agus barr. Tá gléas oideachais againn féin agus le linn dúinn a bheith ag fanacht le deireadh smacht Gall ar ár scoileanna is féidir linn an gléas sin a oibriú níos fearr. Tig linn caoi a thabhairt d’oidí scoile leis an nGaeilge a fhoghlaim. Tig leo-san teagasc a fháil ar feadh an gheimhridh i ranganna an Dipeartmint agus sa samhradh sna coláistí Gaeilge. Ní mór dúinn iad a mhealladh chugainn. Tá an samhradh ag teacht agus ná bíodh na coláistí ar bheagán mac léinn. Tá bacadh ar Rialtas Dúchais agus tá na seanGhaeilgeoirí ag sleamhnú uainn chuile lá. Ní dúinn mar sin féin a bheith drochmhisniúil ná neamhdhóchasach. Má nímid an rud atá ar ár gcumas a dhéanamh agus má nímid go croíúil slachtmhar é beidh an bua againn go fóill.

Déanfaidh dhá bheagán mórán

Beidh léitheoirí an pháipéir seo ag obair do Sheachtain na Gaeilge. Le linn dóibh a bheith ag bailiú pingineacha d’fhéadfaidís eolas i dtaobh na Gaeilge a scaipeadh. Tá croí na ndaoine slán ce go bhfuil mearbhall ar aigne cuid acu. B’fhurasta iad a mhealladh chun oibre agus is beag áit nach dtiocfadh linn cóir a thabhairt dóibh. Muna bhfuil múinteoir Gaeilge le fáil i ngach áit tá daoine le fáil a mhúinfeadh stair agus ceol agus rince agus is maith an bhunchloch na trí cinn sin le chéile. Is fearr freastal ar an aos óg i gcónaí mar go bhfuilild saor fós ó dhaille an Ghalldachais. Is mór an sásamh aigne ár gceol is ár rincí agus cuimhnimís gur míshástacht agus uaigneas a dhíbríonn go leor dár n-óige thar sáile. Rinne an conradh obair bhreá chun an spiorad dúchasach a mhúscailt inár ndaoine san am atá caite agus thiocfadh linn an oiread eile a dhéanamh ach cur chuige. B’fhurasta náire agus ceann faoi agus ruaig a chur ar an nGalldachas dá mbeadh muinín againn asainn féin agus as ár ndúchas Gaelach. Déanadh gach duine beagan agus déanfaidh dá bheagán mórán. Ní láidreacht an Ghalldachais ata dár gcur ar gcúl ach ár bhfaillí féin.

An Buailteán

Conamara

Le Pádraic Ó Domhnalláin

(ar leanúint)

M’ochon agus ochón ó.

Atá an tráthnóna ag titim agus beidh sé ina oíche orainn sula shroichimid Uachtar Ard. Nach aoibhinn a bhreathnaíos na cnoic faoi éagsúlaí gach datha; dath an óir, dath buí, dath donn, dath gorm, dath corcra, agus dathanna nár ainmníodh fós riamh. Dar leat gur curaí calma cróga na cnoic chéanna; iad ansin ag déanamh gaisce as a neart agus as a n-ársacht; go rabhadar gléasta in ilbhrataí i gcomhar fhleá an bhua, agus go raibh fúthu iad féin a chur i gcéill agus cruthú dá gcuirtí orthu go raibh uaisleacht agus cáilíocht ar leith ag rith leo. Agus ní iontógtha orthu má atá meas agus urraim acu orthu féin! Nach mbíodh ríthe agus flatha ar cuairt oruth? Nach mbíodh maithe agus móruaisle ag seilg is ag fiancoscairt orthu? Nach mbíodh flea agus féasta ar a sleasa, togha gach bí agus rogha gach dí á gcaitheamh orthu? Nach mbíodh coimhlint, comhrac, is coraíocht ar a gceapacha? Nár oileadh éigse, agus saoithe, agus seanchaithe ar a malaí? Nár tógadh lianna agus laochra ina ngleannta? Nach raibh mil is uachtar le fáil ar a mbánta? Nach raibh bric is bradáin ina locha? Nach raibh dánta is dréachta ag baint leo gach uile lá riamh? Agus nach n-aistrítear cora an tsaoil úd chomh paiteanta inniu amhail is dá mba inné a tharlaíodar? Agus míle moladh le Dia insítear na gníomhartha sin as an teanga bhinn fileata chéanna a labhraití na mílte bliain ó shin.

Is fíor duit. Sin é Magh Uillin, a ainmníodh ón Uillin úd lenar maraíodh Oirbsean i. Mananann Mac Lir. Bhí cath coscartha anseo ar bhruach an locha ag rinne an…

Nuair a cheannaíonn tú an Claidheamh cabhraíonn tú le cúis na Gaeilge.
Tá do chabhair uainn anois

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo'

  • Eoin P.

    Ardsmaoineamh agus an-Ghaeilge!

  • Mise Åine

    Maith sibh!

  • Fearn

    De suimiúlacht cinnte.

    Nach iontach go deo go raibh inimirceoirí agus eisimiriceoirí i mbéal an phobail ansiúd, díreach mar atá anois?

  • Colm Ó C.

    Thar cionn ar fad!