An chuid eile de na halbaim thraidisiúnta ab fhearr in 2018…

Sa dara halt de dhá cheann, roghnaíonn ár léirmheastóir cuid de na halbaim is fearr a chuir ceoltóirí traidisiúnta amach in 2018

An chuid eile de na halbaim thraidisiúnta ab fhearr in 2018…

I mí Lúnasa a tháinig an t-albam The Bank of Turf ó fhidléir Chontae Mhuineacháin Dónal McCague agus fear na fliúite as Co. Laoise Tommy Fitzharris. Tá an ceol atá ar an taifeadadh seo iontach ar fad ó thús go deireadh agus tionlacan breá acu ó fhear an phianó Brian McGrath. Tá roinnt píosaí ceoil nua-chumtha le Dónal agus le Tommy le cloisteáil ar an taifeadadh freisin agus iad ag luí go deas le seanphíosaí ó aimsir na díle.

Chuaigh Paddy Tutty agus Caoimhín Ó Fearghail as na Déise isteach sa stiúideo i mbliana freisin agus rinne siad taifeadadh an-bhreá go deo. Is í an fhliúit atá á casadh ag Caoimhín ar an taifeadadh seo agus an fhidil ag Paddy. Tá an ceol a chasann siad le chéile an-dlúth agus an-bhinn agus is beirt an-ildánach go deo iad agus iad fhéin i mbun an tionlacain ar an ngiotár, an basúcaí agus an bodhrán.

Thar Am is teideal don albam atá déanta ag fear an bhainseó Páraic Mac Donnchadha. Is fada fíorach an lá ó thosaigh Páraic ag cuimhneamh ar an taifeadadh seo a chur le chéile agus insíonn sé dúinn gur thóg sé gar de dhá scór bliain air an beart a dhéanamh ach tá sin déanta go slachtmhar aige agus togha an cheoil le cloisteáil anseo. Ina theannta ar an taifeadadh tá a dheirfiúr Sinéad, a dheartháir MacDara chomh maith le Macdara Ó Faoláin, Claire Egan, Graham Guerin, Cormac Begley, Terence O’Reilly, Libby McCroghan, Colm Murphy agus Noel O’Grady.

Is i mí Meán Fómhair a seoladh An Tower ar lipéad Chló Iar-Chonnacht. Is é fear Chamais Tommy Mellett atá le cloisteáil ar an taifeadadh seo agus roinnt cuidithe aige uaim fhéin ar an bhfliúit. Inár dteannta ar an taifeadadh tá mac Tommy, Tommy Óg agus a ghar-iníon Jennifer chomh maith le John Blake ar ghiotár agus ar phianó agus Paddy Ó Fiannachta ar an mbodhrán. Seo é an chéad taifeadadh atá déanta ag Tommy Mellett agus is iontach go bhfuil a chuid ceoil ar fáil anois mar is duine de shárbhoscadóirí Chonamara é.

An Tobar Séimh an teideal atá ar an dlúthdhiosca álainn amhránaíochta atá foilsithe ag Cárthach Mac Craith as Rinn Ua gCuanach i gCo. Phort Láirge. Is amhránaí álainn é Cárthach agus bailiúchán iontach aige anseo d’amhráin a chuir sé i dtoll a chéile lena athair, go ndéanamh Dia grásta air. Is amhráin iad seo as stór fairsing a tháinig anuas trí na glúnta a chuaigh roimhe agus is cinnte gur fhág siad oidhreacht shaibhir againn. Tá ceithre cinn déag d’amhráin ar fad ar an taifeadadh agus tionlacan ceoil ar roinnt acu ó Sheán agus Caoimhín Ó Fearghail, Dónal Clancy, Eimear Uí Ghealbháin agus Méin Nic Craith.


CUID A hAON – Cérbh iad na halbaim thraidisiúnta ab fhearr in 2018? 


Is i bPort Láirge a rugadh an fidléir Jimmy Power céad bliain ó shin i mbliana agus chun comóradh a dhéanamh ar an ócáid sin bhailigh Lamond Gillespie as Londain Shasana slám breá de sheantaifid de cheol Jimmy óna chairde agus a ghaolta agus tá siad le fáil anois ar an dlúthdhiosca Go Home and Have Your Dinner. Bhí Jimmy ar dhuine de na daoine a chuir dlús agus borradh faoin gceol traidisiúnta i Londain Shasana agus is iomaí duine a bhíonn ag trácht ar na hoícheanta agus na laethanta ceoil a bhíodh san Auld Triangle, san Favourite agus go leor tithe ósta eile ar fud Londan. Bhí sé páirteach sa bhfadcheirnín Paddy in the Smoke, a tháinig amach sa mbliain 1968 agus is ar an múnla céanna sin atá na taifeadtaí atá le cloisteáil sa mbailiúchán seo. 

Bhí bliain iontach ag an amhránaí Máire Ní Chéileachair. Bronnadh Gradam TG4 d’Amhránaí na Bliana 2018 uirthi i dtús na bliana, thug sí Corn Uí Riada léi i Mí na Samhna agus d’fhoilsigh sí dlúthdhiosca dúbailte dá cuid amhráin i mí na Nollag faoin teideal Ceantar Glas Mhúscraí. Amhránaí breá í Máire agus stór mór amhrán aici. Tá trí amhrán déag i nGaeilge aici sa gcnuasach seo agus dhá cheann déag i mBéarla agus meascán álainn aici idir amhráin mhalla agus amhráin spraíúla meidhreacha.

Tá Matt Molloy ar an mbóthar le fada agus é anois os cionn deich mbliana is trí scór. Tá sé ar dhuine de na fliúiteadóirí aitheanta as Co. Ros Comáin agus go leor ceoil casta aige le grúpaí móra ceoil ar nós The Bothy Band sna 70idí agus leis na Chieftains ó 1979 i leith. Tá roinnt fadcheirníní agus dlúthdhioscaí curtha amach cheana aige ach tá sé roinnt mhaith blianta anois ó rinne sé taifeadadh aonair agus bhí go leor ag tnúth go mór leis an gceann seo Back to the Island a eisíodh cúpla seachtain ó shin. Tá tionlacan aige ó Bhrian McGrath ar phianó, Arty McGlynn agus Steve Cooney ar ghiotár agus ó Joe McNulty ar an mbodhrán agus tá an tionlacan sin fíor bhlasta. Bhí an cháil riamh ar Mhatt go raibh sé sásta triail a bhaint as píosaí ceoil a sheachnaíodh fliúiteadóirí eile mar nach raibh siad éasca a chasadh ar fhliúit agus bhí sé ina cheannródaí ag go leor de na fliúiteadóirí a tháinig ina dhiaidh. I measc an cheoil álainn atá casta aige ar an taifeadadh nua seo tá dhá ríl a chum sé fhéin, ceird nach raibh sé aitheanta léi go dtí seo.

Fear Inis Bearachain atá ar an dlúthdhiosca is déanaí ó Johnny Óg Connolly. Is é a athair Johnny Phádraig Phetair, Rí an Mhileoidin as Inis Bearachain ó dhúchas, atá mar inspioráid ag Johnny Óg leis an taifeadadh seo. Seo an chéad taifeadadh atá déanta ag Johnny Ó ar mhileoidean, an uirlis ab ansa lena athair agus tá súil agam go mbeidh tuilleadh den chineál seo ceoil ag teacht uaidh amach anseo. Tá tionchar an tseancheoil óna 1920idí le cloisteáil ar an gceol seo agus ceoltóirí den scoth ina theannta, Pádraig Ó Dubhghail ar ghiotár, Garry Ó Briain ar ghiotár, mandocello agus pianó, Clíodhna Costello ar bhainseó, Liam O’Connor ar an bhfidil agus Tommy Fitzharris ar an bhfliúit.

Fág freagra ar 'An chuid eile de na halbaim thraidisiúnta ab fhearr in 2018…'