Cérbh iad na halbaim thraidisiúnta ab fhearr in 2018? 

Sa chéad alt de dhá cheann, roghnaíonn ár léirmheastóir cuid de na halbaim is fearr a chuir ceoltóirí traidisiúnta amach in 2018

Cérbh iad na halbaim thraidisiúnta ab fhearr in 2018? 

Ba bhliain thorthúil a bhí againn arís i 2018 ó thaobh na n-albam ar fad a tháinig amach. Tá an chuid is mó de na cinn is mó a chuaigh i bhfeidhm orm féin curtha le chéile anseo agam agus b’fhéidir go mbeidh deis agaibh greim a fháil orthu idir seo agus an Nollaig agus is cinnte go mbeadh fáilte roimh aon cheann acu seo sa stoca Nollag. 

Is i mí Feabhra a sheol fear an mhileoidin Bobby Gardiner an dlúthdhiosca Melodeon Mad! agus bhí an chéad seoladh aige le linn Éigse an Spidéil.  Fear é Bobby atá ar an mbóthar le fad agus é ag tarraingt ar na ceithre scór anois bail ó Dhia air ach má tá fhéin tá sé in ann formán breá a bhaint as an mileoidean i gcónaí agus fuinneamh agus brí ina chuid ceoil. Tá tionlacan aige ar an taifeadadh seo óna chlann iníonacha Kelley, Lynda agus Fíodhna chomh maith le Jack Talty agus Garry Ó Briain.

Is anall as Meiriceá a tháinig an dlúthdhiosca Deliriously Happy chugam agus is é an fidléir Dylan Foley atá ag casadh air.  Is breá liomsa an stíl cheoil atá ag an bhfear óg seo.  Tá sé lán le fuinneamh agus é an-traidisiúnta go deo. Tá dhá rian déag ar an albam agus tionlacan pianó, giotáir agus bodhráin aige ó Matt Mulqueen agus Josh Dukes. 

Is as Co. Mhaigh Eo d’fhear an bhainseó Shane Mulchrone agus tá a chéad albam déanta aige le Raelach Records.  Solid Ground an teideal atá ar an dlúthdhiosca agus tá trí rian déag de cheol breá á chasadh aige ar bhainseó agus ar ghiotár le roinnt cuidithe ó Jack Talty, Noel O’Grady agus Heather Cole-Mullen.  Tá pictiúr breá den Dún Briste ar chlúdach an dhlúthdhiosca agus chuirfeadh an ceol atá air gliondar ar do chroí!

Fiddling Without a Bow is teideal den taifeadadh atá déanta ag boscadóir Shligigh Daithí Gormley.  Is fear é Daithí a bhfuil an-suim aige i gceol na fidle agus an-staidéar déanta aige ar na stíleanna a bhí ag na fidléirí móra cáiliúla as Sligeach, leithéidí Michael Coleman, Paddy Killoran agus fear a raibh gaol ag Daithí fhéin leis James Morrison.  Tá a dtionchar siúd le cloisteáil ina chuid ceoil agus é ag casadh ceol iontach traidisiúnta le tionlacan d’ardchaighdeán ó Catherine McHugh, bean as oirthear na Gaillimhe, ar an bpianó.

Is in Luton Shasana a d’fhás Theresa O’Grady suas ach tá sí ag cur fúithi anois i gcontae Shligigh.  Casann sí an bainseó agus an giotár agus tá a céad albam aonair déanta aice faoin teideal Banjo’ista.  Is álainn an stíl atá aice agus arís is í bean an phianó as oirthear na Gaillimhe Catherine McHugh atá ag tabhairt tionlacan di chomh maith le Caoimhín Ó Fearghail ar ghiotár agus basúcaí agus Hugh Sulllivan ar an mbodhrán.

Ten Thousand Miles an teideal atá ar an albam a tháinig amach i mbliana ón ngrúpa traidisiúnta Danú.  Is í Nell Ní Chróinín, bean a thug léi Corn Uí Riada in 2014, atá ag casadh na n-amhrán leo faoi láthair agus tá cúig cinn d’amhráin aici ar an albam seo, péire i nGaeilge agus trí cinn i mBéarla agus tá said go hálainn ar fad.  Tá an ceol gan locht freisin agus é casta go breá traidisiúnta ag Benny McCarthy, Oisín McAuley, Éamon Doorley, Ivan Goff agus Tony Byrne.   

Tá aithne mhaith againn faoin am seo ar chúpla órga an cheoil thraidisiúnta, Caitlín Nic Gabhann agus Ciarán Ó Maonaigh agus tá siadsan páirteach sa ngrúpa nua ceoil a thugann The High Seas orthu fhéin.  Is é fear óg Ghaoth Dobhair Cathal Ó Curráin atá ag casadh na n-amhrán agus tá sin déanta go paiteanta aige.  Tá amhrán álainn grá casta aige ‘Níl cailín óg níos deise’ agus tá sé scéal an-rómánsach ag baint leis. Is amhrán é a chum fear óg do sheanmháthair Chathail, Neilí Dinny Uí Ghallchóir.  Chum  an fear óg an t-amhrán di nuair a chuaigh sé ar imirce go Sasana ach faraor níor fhill sé riamh.  Frítheadh an t-amhrán i mbosca a bhí faoina leaba aici tar éis a báis agus is deas go bhfuil sé casta ag Cathal ar an taifead seo. Tá an ceol ar an albam seo go hiontach ó thus go deireadh.

I lár na bliana a tháinig an bailiúchán breá ceoil Ceol Mhaigh Eo chomh fada liom.  Is í an ceoltóir traidisiúnta Emer Mayock a chuir borradh faoin togra seo san Linenhall Arts Centre i gCaisleán an Bharraigh in 2017.  Is togra é a bhfuil sé d’aidhm aige taighde a dhéanamh ar thraidisiún shaibhir ceoil Chontae Mhaigh Eo, mar a bhí blianta ó shin agus mar atá faoi láthair.  Is dlúthdhiosca dúbailte atá anseo le ceithre rian déag is fiche ar fad.  Tá ceoltóirí agus amhránaithe as chuile choirnéal den chontae le cloisteáil agus is bailiúchán fíorbhreá go deo atá ann. 

Bhí Caitlín Nic Gabhann fíorghnóthach go deo i rith na bliana seo. Chomh maith leis an taifeadadh a rinne sí le The High Seas a luaigh muid níos túisce, thug sí amach dlúthdhiosca breá i dteannta a hathar Antóin Mac Gabhann chomh maith, Tobar Bhríde.  Is é Brian McGrath atá á dtionlacan ar an bpianó agus tá máthair Chaitlín, Bernie Mhic Gabhann, le cloisteáil ag déanamh cúpla ceápar breá damhsa freisin.  Is taifeadadh fíor-álainn agus fíorthraidisiúnta é seo.

Beidh an dara cuid den alt seo á fhoilsiú amárach, Dé hAoine

Fág freagra ar 'Cérbh iad na halbaim thraidisiúnta ab fhearr in 2018? '