An Chomhairle Mhúinteoireachta ag caitheamh le cainteoirí Gaeilge mar ‘mar shaoránaigh den dara grád’ 

Tá breis is dhá bhliain caite ag sagart Gaeltachta aitheanta agus múinteoir ag iarraidh ‘cothrom na Féinne’ a fháil don chainteoir Gaeilge ón Chomhairle Mhúinteoireachta 

An Chomhairle Mhúinteoireachta ag caitheamh le cainteoirí Gaeilge mar ‘mar shaoránaigh den dara grád’ 

Tá sé curtha i leith na Comhairle Múinteoireachta go bhfuil cur chuige “maslach agus neamartach” acu i leith na Gaeilge agus phobal na Gaeilge.  

Deir an tAthair Brian Ó Fearraigh, sagart paróiste Ghaoth Dobhair, a chaith scór bliain ag múineadh in iarbhunscoileanna Gaeltachta, go bhfuil an Chomhairle ag caitheamh le múinteoirí Gaeltachta agus Gaeilge “mar shaoránaigh den dara grád”.  

Tá breis is dhá bhliain caite ag an sagart Gaeltachta aitheanta ag iarraidh “cothrom na Féinne” a fháil don chainteoir Gaeilge ón Chomhairle.  

Dúirt an tAthair Ó Fearraigh le Tuairisc go bhfuil “díomá agus fearg mhillteanach” air nach féidir le múinteoirí Gaeilge agus Gaeltachta clárú go hiomlán i nGaeilge leis an Chomhairle, atá freagrach as caighdeáin ghairmiúla a chinntiú i measc múinteoirí. 

Tá Brian Ó Fearraigh ag éileamh go gcuirfí seirbhísí clárúcháin i nGaeilge ar fáil ar líne ó bhunaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta a dtairseach dhigiteach i mí Dheireadh Fómhair 2021.  

Is i mBéarla amháin a bhí an tairseach ar fáil go dtí le déanaí agus cé go bhfuil ráite ag an Chomhairle le Tuairisc go bhfuil leagan Gaeilge den tairseach ar fáil, tá bearnaí san fhoirm i gcónaí, rud a fhágann go mbíonn ar mhúinteoirí atá ag iarraidh clárú ar líne iompú ar an Bhéarla.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh gur “beag suime” a léirigh an Chomhairle an leagan Gaeilge den tairseach a chur ar fáil.

“Tá an Chomhairle ag brú Béarla agus ag cur iallach ar phobal na Gaeilge dul i dtuilleamaí an Bhéarla.  

“Tá sé dochreidte i bhfírinne go bhfuil siad sásta táille €65 in aghaidh na bliana a ghlacadh ó mhúinteoirí ach níl siad sásta cothrom na Féinne a thabhairt daofa maidir lena gcearta teanga. Táthar ag caitheamh linn mar shaoránaigh den dara grád,” a dúirt sé.  

Is gá do gach múinteoir sa stát clárú leis an Chomhairle Mhúinteoireachta agus athnuachan a dhéanamh ar a gcuid sonraí gach bliain le go gcoinneofar ar chlár na múinteoirí iad.  

Nuair a tháinig córas clárúcháin digiteach na Comhairle Múinteoireachta i bhfeidhm ag tús na bliana acadúla 2021, dhiúltaigh Ó Fearraigh athnuachan a dhéanamh ar a chuid sonraí toisc nach raibh an tseirbhís ar fáil i nGaeilge.  

Mar thoradh air sin, fuair sé litir ón Chomhairle Mhúinteoireachta ag rá nach bhféadfaí a thuarastal a íoc mura mbeadh sé cláraithe leis an Chomhairle agus nach bhféadfadh sé leanstan air ag teagasc mar mhúinteoir neamhchláraithe. Moladh sa litir d’Ó Fearraigh clárú ar an tairseach ar líne, rud nach raibh sé sásta a dhéanamh i mBéarla.  

Sa deireadh, chuir an Chomhairle cóip chrua den fhoirm Ghaeilge chuige le líonadh, socrú nach raibh ar dhóigh ar bith sásúil don Athair Ó Fearraigh, a bhí ag lorg “na seirbhísí céanna” i nGaeilge ar líne is a bhí ar fáil i mBéarla.  

Chuaigh Ó Fearraigh i dteagmháil le hOifig an Choimisinéara Teanga ina dhiaidh sin agus é ag iarraidh go bhfiosrófaí an scéal.  

Dheimhnigh urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga do Tuairisc go bhfuil an fiosrú sin fós ar bun. Ní fhéadfaidís dá bharr aon “tráchtaireacht a dhéanamh nó ráiteas a thabhairt ina leith”.  

I gcáipéisí a fuarthas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, deirtear gur bronnadh €606,891 ar an chomhlacht Silverbear Limited in 2020 le tairseach chlárúcháin na Comhairle Múinteoireachta a fhorbairt ar líne. Sa chonradh tairisceana, luadh go mbeadh leagan Gaeilge den tairseach le forbairt agus gur ghá go mbeadh sé ar chumas na tairsí glacadh le hainmneacha Gaeilge.  

Deir Ó Fearraigh áfach go bhfuil “ceisteanna tromchúiseacha” le freagairt ag baill na Comhairle Múinteoireachta maidir leis an teip leagan Gaeilge den tairseach a chur ar fáil.   

“B’fhéidir go bhfuil éileamh ann, i ngan fhios dom féin, agus go bhfuil neamhaird á déanamh ag an Chomhairle ar an éileamh sin, mar a bhí go dtí seo.  

“Rud eile a chuireann iontas orm fosta ná baill na Comhairle féin, nach raibh sé de chumas acusan an tairseach seo a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Tá ceisteanna tromchúiseacha ann faoi bhord na Comhairle agus faoi na hiarrachtaí a rinneadh an tairseach a chur ar fáil,” a dúirt sé.   

Cé nach bhfuil Ó Fearraigh ag teagasc i scoil níos mó, deir sé go bhfuil sé chun leanacht lena iarrachtaí ionas go mbeidh seirbhís chlárúcháin na Comhairle Múinteoireachta ina hiomláine ar fáil i nGaeilge.  

“Tá mé amuigh as Pobalscoil Ghaoth Dobhair ó anuraidh ach tá mé ag clárú ar bhonn prionsabail. Tá mé ag leanacht leis an cheist seo le go mbeidh sé ar fáil do mhúinteoirí eile.  

“Caithfear brú a chur orthu cothrom na Féinne a thabhairt do mhúinteoirí Gaeltachta agus Gaeilge, rud atá sáraithe go huile agus go hiomlán ag an Chomhairle Mhúinteoireachta go dtí seo.”  

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar an Chomhairle Mhúinteoireachta faoin scéal.  

Fág freagra ar 'An Chomhairle Mhúinteoireachta ag caitheamh le cainteoirí Gaeilge mar ‘mar shaoránaigh den dara grád’ '

  • Gearóid de Grás

    Sheol mise an ríomhphost seo chucu ar 22 Lúnasa:
    Go raibh maith agat as do theachtaireacht, Urvi.

    Ní fheadar ar thug tú faoi deara go bhfuil m’ainm i nGaeilge? Chomh maith leis sin, léiríonn mo sheoladh go bhfuilim ag cur fúm sa Ghaeltacht.
    Is trí leathanach Gaeilge na Comhairle a chuir mé tús leis an bpróiseas ath-ghrinnfhiosraithe.

    Ach is itrí Bhéarla a bheartaigh sibh dul i dteagmháil liom. An é polasaí na Comhairle caitheamh le Gaeil sa tslí sin?
    D’aithníos an cur chuige céanna nuair a bhí fanacht fada orainn, Gaeil, teacht ar leagan Gaeilge de bhur suíomh idirlín athchóirithe cúpla bliain ó shin.

    Tá cóip de mo cheadúnas tiomána curtha agam mar iatán leis an teachtaireacht seo agus tá súil agam go réitíonn sé sin an fhadhb a luaigh tú.
    Ba mhór agam dá bhféadfadh sibh dul i dteagmháil liom trí mheán na Gaeilge as seo amach.

    Le dea-mhéin,

    Gearóid de Grás

    Fuair mé an teachtaireacht seo (i mBéarla amháin) uathu ar 25 Meán Fómhair:
    To: Gearóid De Grás
    Your new vetting disclosure from the National Vetting Bureau is now available. Your previous disclosure has been revoked and can no longer be shared from Digitary. This means that any sharing arrangements you have created for the old disclosure are invalid. You may wish to share the new disclosure. For security reasons, this document is digitally signed and is issued to you by the Teaching Council via the Digitary document portal.

    To gain access to your vetting disclosure, login to your Digitary account using the button below:

    Login
    If you experience difficulties viewing your document please email the Teaching Council at vetting@teachingcouncil.ie

    Frequently asked questions on the use of Digitary can be found here.

    The Teaching Council | Block A, Maynooth Business Campus | Maynooth | Co .Kildare
    T: 01 6517900
    F: 01 6517901
    W: http://www.teachingcouncil.ie

  • Elaine Ní Bhroin

    Bhí an taithí chéanna agam leo i mbliana, d’iarr mé seirbhís Ghaeilge uathu maidir le hathchlárú agus níorbh fhéidir leo é a chur ar fáil – cóip chrua de bhileog a bhfuair mé sa deireadh ach ní raibh achan foirm as Gaeilge acu.

  • Sorcha de Brún

    A chairde,
    Níl sin maith a dhóthain. Ach níl aon ionadh orm, faraor.
    Cad faoi pholasaí na Comhairle i leith na Gaeilge a lorg? R-phost le líne amháin ann, agus an cheist a chur go neamhbhalbh?
    Caithfidh polasaí a bheith acu agus caithfidh siad polasaí a chur ar fáil.
    Sorcha

  • jpmorley0@gmail.com

    Rud amháin is gá a thuiscint faoin gcuid is mó de státsheirbhísigh ná go dteastaíonn saol breá bog uathu agus a laghad stró is féidir a chur orthu féin. An chloch is mó ar a bpaidrín ná an tuarastal ag deireadh na míosa agus dul abhaile luath más féidir. Ní hamhlaidh go bhfuil a bhfurmhór in aghaidh na Gaeilge (tá cuid mhaith díobh mo léan) ach go bhfuil badar agus dua ag roinnt léi, cuireann sí lena gcuid oibre agus is ró-chuma leo ar aon chuma. Baineann an drogall agus an leisce seo le gach Roinn óm thaithí féin. Ní theastaíonn uathu an obair a dhéanamh!

  • Colm

    Mar eolas daoibh, is le déanaí gur thit an TC isteach faoin reachtaíocht go mbeadh dualgas orthu cáipéisíocht a chuir ar fáil trí mheán na Gaolainne. Stopaigí ag gearán anseo agus gníomhaigí ag cur bhur míshástáchta in iúl don TC. Sin an dóigh le tabhairt faoi.

  • Siobh

    Tá sé soiléir go mbíonn daoine ag gearán faoi ach nach bhfuil an TC ag tabhairt aird orthu. Céard is féidir linn a dhéanamh?

  • Sibéal

    Iarr ar TDanna ceist Dála a scríobh faoin TC don Aire Oideachas. Cuid des na ceisteanna i mBéarla freisin!

  • Colmán Ó Drisceoil

    Is léir go bhfuil locht ar an gCM maidir leis an tairseach agus gur cheart dóibh an fhadhb a réiteach, ach is í mo thaithí gurb í an Chomhairle ceann de na heagraíochtaí is fearr ó thaobh seirbhíse i nGaeilge. Bíonn gach comhfhreagras ginearálta uathu dátheangach agus bhí aon fhreagra a fuaireas ar fhiosrúchán i nGaeilge. Cuirim i gcontrárthacht iad le CMÉ/ INTO ar léir ar a suíomh idirlín, ar a n-iris In-Touch agus ar an tseirbhís Béarla ón Ard-Oifig an easpa measa/suime atá sa Ghaeilge, aineoin na mílte ball ar suim leo an Ghaeilge.

  • Cóil

    Lean leis na gearáin, ardaigh é leis an Aire Oideachais. Céard atá ar siúl ag Gréasán na Múinteoirí Gaeilge faoi? Tá ról acu tacú linn agus iad ag fáil tacaíocht mhaoinithe ón stáit. Cláraigh leo agus lorg suíochán ar Choiste Stiúrtha an Ghréasáin. Ná glac le diúltiú. Rothlú rialta riachtanach i ngach eagraíocht chun sainscileanna eile a roinnt, Gréasán do mhúinteoirí Gaeilge san áireamh atá ceapaithe a bheith ag déanamh ionadaíocht do mhúinteoirí Gaeilge na tíre.

  • Liam Mac Gearailt

    Maith thu, a Athair croga!

  • Agus Sin Sin

    Cuir ar an liosta fada í leis na heagrais eile mar sin. Ní bheinn i mo shuí ag fanacht air seo a bheith curtha ina cheart go luath. 😂

  • Donnchadh Ó Seaghdha

    Ní thuigim conas go mbeadh breis oibre agus dua ag baint le seirbhís a chur ar fáil tri ghaeilge dá mbeadh sé ar a gcumas acu . Tá obair ag dul le gach rud a caithfidh tú a dhéanamh fiú amháin trí bhéarla agus ní haon leithscéal é sin. Taid ag déanamh neamhshuim den ghaeilge agus sin iad an dream daoine is measa , níos measa ná na daoine a bhionn ag fógairt a naimhdeas i gcoinne na gaeilge