An cheist is bunúsaí a dhúisigh gearán an Taoisigh – an bhfuil muinín aige dáiríre as Simon Harris?

Spreag an Taoiseach achrann nach léir a thairbhe lena ráiteas faoi altraí agus dochtúirí a bheith ar saoire mí Eanáir 

An cheist is bunúsaí a dhúisigh gearán an Taoisigh – an bhfuil muinín aige dáiríre as Simon Harris?

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Ar theastaigh mór-achrann ó Leo Varadkar nuair a dúirt sé sa Dáil Dé Máirt go dtéann an iomarca oibrithe ospidéil ar saoire i mí Eanáir? Cibé athrú a bhí ar intinn aige, ní léir fós conas ná cén uair a chuirfear i gcrích é.

Dá mbeadh an Taoiseach meáite ar olc a chur ar altraí agus ar dhochtúirí, ba dheacair lá níos oiriúnaí ná Dé Máirt a phiocadh chun a rá gur chóir srian a chur le saoire i mí Eanáir. Ba chóir go mbeadh na hospidéil lánoscailte sa chéad choicís den mhí, a dúirt sé, toisc gur sa tréimhse sin a shroicheann an riachtanas a bhuaicphointe.

Bhí thart ar 500 othar ar thralaithe in ospidéil an stáit agus an Taoiseach ag caint. Thart ar an am céanna, bhí ballóid stailce á fógairt ag Cumann na nAltraí agus na mBan Cabhrach, Dé Máirt.

Níor thug an Taoiseach faisnéis sa Dáil chun tacú lena chás agus ní raibh faisnéis ag urlabhraithe an fhreasúra chun cur ina choinne. Tharraing Micheál Martin ábhar eile anuas a léirigh ar an toirt laige i ngearán an Taoisigh.

Ní raibh plean geimhridh fógartha fós ag an HSE, a dúirt sé, ainneoin mí na Samhna a bheith buailte linn. Thagair sé freisin do thuairisc san Irish Times nár cuireadh airgead ar fáil in am chun plean geimhridh na bliana seo caite a chur i bhfeidhm sna hospidéil.

Beidh an argóint faoi lánseol ar feadh cúpla lá agus ní léir fós cén toradh fónta a fheicfear ar chaint an Taoisigh. Níor chuir a ndúirt sé faoin moill a chuirtear ar chóir leighis, toisc nach mbíonn saotharlanna ar oscailt ná x-ghathú ar fáil, iontas ar mhórán othar. Ní theastaíonn ach atheagrú agus earcú foirne leis an bhfadhb a réiteach, ach níor réitíodh fós í.

Ní inniu ná inné ach oiread a pléadh deacrachtaí dá leithéid. Ba ríléir iad do scata polaiteoirí (ina measc, Leo Varadkar féin, ó 2014 go 2016) a ceapadh mar airí sláinte sular ghlac Simon Harris leis an gcailís nimhe. 

Tá caint an Taoisigh cáinte ar chaon taobh, mar a bhí súil aige leis roimh ré gan dabht. Ní go minic a bhíonn comhairleoirí ospidéil agus Sinn Féin ar aon tuairim, ach chuireadar araon i leith an Taoisigh gur iarracht a bhí á déanamh aige aird an phobail a tharraingt ó mhórfhadhbanna (easpa foirne agus leapacha) sna hospidéil agus in árais altranais. 

Ní léir fós go bhfuil páirtí ar bith, sa rialtas ná sa bhfreasúra toilteanach aghaidh a thabhairt ar ghéarcheist eile: an féidir na haltraí agus na dochtúirí a theastaíonn a earcú mura n-ardaítear tuarastail? 

Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil ábhair réasúnta míshásaimh ann agus an riachtanas le hatheagar a dhéanamh curtha os comhair an phobail ag Leo Varadkar. Níl ach locht amháin ar a ndúirt sé. Níl sé i gceannas ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus d’éirigh sé as a phost mar aire sláinte dhá bhliain ó shin.

Ní le gearán ná le gríosú poiblí a dheimhnítear toradh éifeachtach ar chaint an phríomhfheidhmeannaigh. Is éifeachtaí go mór síor-áitiú agus síorbhrú nach gcloiseann an pobal focal ina thaobh ach ó am go ham, agus go hindíreach. Ní hionann go hiomlán an saol polaitiúil agus cúrsaí gnó, ach baineann an prionsabal céanna bainistíochta leo araon: má cheaptar duine chun a bheith freagrach as cuid d’eagraíocht, ní foláir ligean dó/di a bheith freagrach aisti.

An cheist pholaitiúil is bunúsaí mar sin a dhúisíonn gearáin an Taoisigh: an bhfuil muinín aige dáiríre as Simon Harris?

Fág freagra ar 'An cheist is bunúsaí a dhúisigh gearán an Taoisigh – an bhfuil muinín aige dáiríre as Simon Harris?'