An Cheathrú Rua i measc na bhfoirne Gaeltachta a bhfuil cluichí móra rompu

Imreofar na cluichí deireanacha i mbabhtaí na ngrúpaí i gCraobhacha Sinsir na Gaillimhe agus Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo agus foirne Gaeltachta ag iarraidh na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach nó na babhtaí díbeartha a sheachaint

An Cheathrú Rua i measc na bhfoirne Gaeltachta a bhfuil cluichí móra rompu

Oileáin Árann agus An Cheathrú Rua. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Beidh cluiche tábhachtach ag peileadóirí na Ceathrún Rua tráthnóna agus iad ag iarraidh áit a chinntiú i ngrád na sinsear in 2019. Caithfidh fir na Ceathrún Rua an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Chláir na Gaillimhe i Maigh Cuilinn chun an tríú háit a bhaint amach i nGrúpa 1 na craoibhe nó beidh orthu aghaidh a thabhairt ar na babhtaí dícháilithe.

Beidh Naomh Anna, Leitir Móir ag imirt sna babhtaí sin is cuma céard a tharlaíonn i gcoinne An Chreagáin/Mhaigh Locha sa gcluiche eile a imreofar i Maigh Cuilinn inniu. Ní féidir le Bearna na babhtaí dícháilithe a sheachaint ach an oiread cé go bhfuil cluiche amháin fágtha acu sa ghrúpa in aghaidh Eanach Dhúin i dTuaim tráthnóna.

Is iad Maigh Cuilinn an t-aon fhoireann ó Chonamara gur féidir leo na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach sa chraobh shinsir ach beidh orthu an ceann is fearr a fháil ar Mhuine Mheá/An Mhainistir tráthnóna amárach i Staid an Phiarsaigh.

Imreofar na cluichí ceathrú ceannais sa Chraobh Idirmheánach an deireadh seachtaine seo chomh maith agus beidh roinnt foirne Gaeltachta ag dul chun páirce. I Staid an Phiarsaigh tráthnóna, imreoidh An Spidéal i gcoinne Mhionlaigh agus tabharfaidh Micheál Breathnach agus Órán Mór/Mearaí aghaidh ar a chéile i gcluiche ceathrú ceannais amárach. Amárach chomh maith, a chasfaidh Oileáin Árann agus An Clochán ar a chéile i Ros Muc.

Imreofar ocht gcluiche sa chraobh shinsir i dTír Chonaill an deireadh seachtaine seo agus tábhacht ag baint le gach ceann acu seachas an choimhlint idir Gaoth Dobhair agus an Clochán Liath Dé Domhnaigh.

Ó tharla an dá chluiche atá imeartha ag Gaoth Dobhair go dtí seo a bheith buaite acu, tá áit bainte amach acu sa bhabhta ceathrú ceannais cheana féin agus beidh ar an gClochán Liath aghaidh a thabhairt ar na babhtaí dícháilithe pé toradh a bheidh ar an gcluiche amárach.

Beidh coimhlint ollmhór ann sa chluiche eile i nGrúpa B, áfach, agus Naomh Conaill agus Naomh Adhamhnán ag iarraidh an dara háit a bhaint amach sa ghrúpa. Ní raibh sárthosach Naomh Conaill, Dermot ‘Brick’ Molloy ar fáil dóibh sa chluiche a chaill siad i gcoinne Ghaoth Dobhair an tseachtain seo caite, cluiche inar chuir siad 15 iarracht ar scór amú. Má bhíonn Molloy ar iarraidh arís amárach, beidh siad i dtrioblóid.

I nGrúpa A, tá dhá chluiche as péire buaite ag Ard an Rátha ach níl áit bainte amach acu sa chéad bhabhta eile fós. Má fhaigheann Bun Dobhráin an ceann is fearr orthu le níos mó ná dhá phointe, beidh an baol ann gur sa tríú háit sa ghrúpa a chríochnóidh Ard an Rátha.

Imreoidh Gleann tSúilí i gcoinne na Birte sa chluiche eile sa ghrúpa. Is iad Gleann tSúilí rogha na n-údar don chluiche agus Michael Murphy, a thug taispeántas den scoth i gcoinne Bhun Dobhráin an tseachtain seo caite, i mbarr a mhaitheasa faoi láthair. Buaileadh an Bheart go dona sa dá chluiche a bhí acu roimhe seo agus is cinnte go mbeidh siadsan ag imirt sna cluichí dícháilithe faoi cheann cúpla seachtain.

I nGrúpa C, tá Naomh Micheál nach mór tríd go dtí na babhtaí ceathrú ceannais tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Na Ceithre Máistrí agus ar An Tearmann roimhe seo. Críochnóidh fir an Chraoslaigh ar bharr an ghrúpa chomh fada is nach gcaillfidh siad in aghaidh Mhálanna tráthnóna.

Sa chluiche eile, tabharfaidh an Tearmann aghaidh ar Na Ceithre Máistrí. Beidh ar an Tearmann bua ollmhór a bheith acu ar fhoireann Leitir Ceanainn más fúthu na babhtaí dícháilithe a sheachaint.

Imreoidh Cill Charthaigh agus Seán Mac Cumhaill i gcoinne a chéile tráthnóna agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach ar bharr ghrúpa D. Beidh coimhlint mhór ann sa chluiche eile sa ghrúpa idir Na Cealla Beag agus Baile na nGallóglach. Caithfidh Baile na nGallóglach an cluiche sin a bhuachan nó beidh siad ag imirt i gcluiche dícháilithe.

Fág freagra ar 'An Cheathrú Rua i measc na bhfoirne Gaeltachta a bhfuil cluichí móra rompu'