An chéad ollchúrsa oscailte ar líne i nGaeilge seolta go hoifigiúil

Tá an chéad ollchúrsa oscailte ar líne i nGaeilge seolta go hoifigiúil ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh

An chéad ollchúrsa oscailte ar líne i nGaeilge seolta go hoifigiúil

Sheol an tAire Stáit McHugh ‘Irish 101: An introduction to Irish Language and Gaelic Culture’, cúrsa nua ar líne atá maoinithe ag Roinn na Gaeltachta faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus ag an gCrannchur Náisiúnta, i mBaile Átha Cliath tráthnóna.

Tá an cúrsa, a d’fhorbair  Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, dírithe ar aon duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge nó sa chultúr Gaelach. Gealltar go bhfaighidh an té a chláraíonn le ‘Irish 101: An introduction to Irish Language and Gaelic Culture’  buneolas faoin nGaeilge, faoin Ogham agus faoi fhoghraíocht agus aibítir na Gaeilge. Is ar an diaspóra, ar an bpobal ‘Éireannach nua’ agus ar dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil agus a bhfuil fonn orthu filleadh ar staidéar a dhéanamh uirthi arís is mó atá ‘Irish 101’ ag freastal.

Is é ‘Irish 101’ an chéad chuid den tionscadal nua ‘Fáilte ar Líne’ a thabharfaidh deis do dhaoine dul ar aghaidh ó chúrsaí bunleibhéil go dtí cúrsaí ardleibhéil agus céim sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach a dhéanamh ar líne.

Dúirt an tAire Stáit Joe McHugh go raibh “ríméad” air ‘Fáilte ar líne’ a sheoladh inniu. 

“Léiríonn an fiontar nua spreagúil seo an dóigh gur féidir linn an nua-theicneolaíocht agus an nuálaíocht a úsáid chun ár dteanga agus ár gcultúr a roinnt le pobail nua timpeall na cruinne. Mar Aire Stáit atá freagrach as an Ghaeilge, agus i mo ról roimhe seo mar Aire Stáit don Diaspóra, tuigim go rímhaith an spéis agus an paisean dochreidte atá ann dár dteanga agus dár gcultúr ar fud an domhain. Táim cinnte go léireofar é seo i líon agus éagsúlacht na rannpháirtithe a mheallfaidh ‘Fáilte ar líne’,” a dúirt an tAire Stáit McHugh.

Dúirt McHugh go gcuirfeadh “go leor daoine sa bhaile ar mhaith leo dul i ngleic leis an teanga an athuair” agus na hÉireannaigh nua spéis sa chúrsa ar líne chomh maith.

Tá go dtí deireadh na míosa seo ag daoine chun clárú le bheith ar an gcéad dream a dhéanfaidh an cúrsa ‘Irish 101: An introduction to Irish Language and Gaelic Culture’, an chéad chuid den tionscadal.

Tá an t-ollchúrsa oscailte ar líne, á sholáthar i gcomhar leis an ardán foghlama sóisialta FutureLearn.

Cuirfidh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath tús chomh maith ar an 29 Eanáir le hollchúrsa oscailte ar líne sa ríomhaireacht ardfheidhmíochta.

Dúirt Mark Lester, an Stiúrthóir um Fhorbairt Comhpháirtíochtaí in FutureLearn, gur cúis áthais dóibh ‘Irish 101’ a sholáthar.

“Tá sé go hiontach bheith ag obair le foireann chomh tiomanta sin atá dírithe ar an eispéireas digiteach is mó cáilíocht a sholáthar d’fhoghlaimeoirí ar fud an domhain agus táimid ag súil go mór lena fháil amach cad a bheimid in ann a bhaint amach le chéile sna míonna agus sna blianta atá le teacht,” arsa Mark Lester.

Tá an tionscadal á stiúradh ag an Ollamh Comhlach Mairéad Nic Giolla Mhichíl ó Fiontar agus Scoil na Gaeilge i gcomhpháirt le The Ideas Lab san Institiúid Náisiúnta um Fhoghlaim Dhigiteach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'An chéad ollchúrsa oscailte ar líne i nGaeilge seolta go hoifigiúil'