An chéad léargas ar fáil do na pleananna d’ionad cultúir agus ealaíon nua i gclochar an Spidéil

Tá suíomh an chlochair aitheanta ar an mbaile ceannaithe le gairid agus é i gceist athchóiriú a dhéanamh ar an seanfhoirgneamh chomh maith le foirgneamh iomlán nua a thógáil ar an suíomh

An chéad léargas ar fáil do na pleananna d’ionad cultúir agus ealaíon nua i gclochar an Spidéil

Tá amharclann, caifé agus spás stiúideo i measc na bpleananna d’ionad cultúir agus ealaíon nua atá beartaithe don Spidéal i gConamara.

Tá suíomh an chlochair aitheanta ar an mbaile ceannaithe le gairid agus é i gceist anois athchóiriú a dhéanamh ar an seanfhoirgneamh chomh maith le foirgneamh iomlán nua a thógáil ar an suíomh.

An comhlacht Castlestar Developments Group, a bhfuil Ronan Barrett mar stiúrthóir bainistíochta air, atá i mbun na forbartha agus tá Danú Media luaite mar chomhpháirtí leis an togra. Tuigtear go bhféadfadh Coláiste Chamuis agus eagraíochtaí eile ón gceantar úsáid a bhaint as an ionad má thógtar é.

De réir na bpleananna ailtireachta atá curtha le chéile don suíomh i lár shráidbhaile an Spidéil, tá sé i gceist lárionad cultúir agus ealaíon a thógáil ar a dtabharfaí Naomh Éinde.

Sa bhfoirgneamh nua a thógfaí, bheadh amharclann ilfheidhme 200 suíochán, caifé, spás gailearaí, saotharlann do na meáin dhigiteacha, spás d’oifigí Gteic, seomraí ranga, stiúideonna agus lóistín. Chuirfí spás ar fáil chomh maith chun an leabharlann áitiúil, atá béal dorais le suíomh an chlochair, a athlonnú sa bhfoirgneamh nua.

Sa seanchlochar, bheadh tuilleadh seomraí ranga agus seomraí seimineáir, chomh maith le 23 seomra codlata a chuirfeadh lóistín ar fáil do suas le 57 scoláire.

De réir na bpleananna tá sé i gceist An Spidéal a chur chun cinn mar thairseach Ghaeltacht Chonamara agus an sráidbhaile a chur i gcroílár na turasóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Deirtear go bhféadfaí compántas amharclannaíochta Gaeilge a lonnú go buan san ionad nua agus go bhféadfaí é a úsáid chun cláir chainte agus léiriúcháin eile de chuid TG4 a thaifeadadh.

Tá úsáid an ionaid mar mhol d’Oireachtas na Samhna nó mar láthair d’fhéilte idirnáisiúnta ceoil, scannánaíochta nó litríochta luaite sna pleananna chomh maith.

Cuireadh an clochar, Tearmann Éinde, ar díol ar €850,000 ag tús an tsamhraidh.

Sheol Comhlacht Forbartha an Spidéil plean gníomhaíochta cúig bliana le gairid agus moladh sa bplean sin go gceannódh an stát suíomh an chlochair chun é a úsáid mar ionad náisiúnta do na hEalaíona Gaelacha. Tuigtear go bhfuil Castlestar Developments Group le casadh leis an gcomhlacht forbartha chun na pleananna a phlé.

Tá sé i gceist ag Castlestar cur isteach ar chead pleanála don fhorbairt nua faoi mhí an Mheithimh 2024.

Tá cead pleanála faighte cheana féin ag Ronan Barrett chun óstán agus ionad leighis a thógáil ar an Spidéal, cúpla céad méadar soir ó shuíomh an chlochair. Tá baint aige freisin le hionad cultúir agus oidhreachta atá beartaithe do Chéibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua.

Tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta forbairt a dhéanamh chomh maith ar Ionad Oideachais agus Óige ar shuíomh Choláiste Lurgan in Indreabhán, ceithre chiliméadar siar ón Spidéal.

Fág freagra ar 'An chéad léargas ar fáil do na pleananna d’ionad cultúir agus ealaíon nua i gclochar an Spidéil'

  • Ciarán

    Tá go leor rudaí suimiúla san alt seo, ina measc go gcuirfí spás ar fáil san ionad nua do Leabharlann an Spidéil. Cén fáth? Cé atá ag iarraidh go ndéanfaí athlonnú ar an leabharlann atá suite i bhfoirgneamh stairiúil. Cé bhainfeas tairbhe as seo? Má déantar athlonnú ar an leabharlann, céard a déanfar leis an áit ina bhfuil sé faoi láthair? An bhfuil an tseirbhís leabharlainne ar an eolas faoi seo?
    Rud eile thar a bheith suimiúil a luaitear san alt, an plean le hóstán a thógáil sa Spidéal. Tá an suíomh sin tréigthe agus fágtha ina phraiseach le beagnach bliain. Is é an rud is feiceálaí é is tú ar do bhealach isteach sa Spidéal ar thaobh na Gaillimhe. Ach níl aon chaint faoi seo sna meáin (Tuairisc.ie, Raidió na Gaeltachta ná TG4), dá bhfios dom. Ní chloistear polaiteoirí áitiúla ag caint faoi ach an oiread. Is amhail go bhfuil omerta ann agus gan “fonn” ar aon dream labhairt amach faoi. Cén fáth?