An cat a thug mo chomharsanacht le chéile… sular fuadaíodh é

Tá cónaí ar ár gcolúnaí i gceantar lárchathrach a bhfuil neamhbhuaine aisteach ag baint leis an daonra ann toisc go ligtear mórchuid árasán ar cíos ar leithéidí Airbnb. Ansin, gan choinne, chothaigh piscín gormshúileach spiorad pobail gearrshaolach

An cat a thug mo chomharsanacht le chéile… sular fuadaíodh é

Nuair a chonaic mé an cat ar dtús bhí sé ina shuí in aice le fear gan dídean.

Bhí an fear ina chodladh ar bhinse ar an bplásóg os comhair an fhoirgnimh ina bhfuil cónaí orm agus bhí an cat ina shuí in aice leis an mbinse, ag faire ar an bhfear, shílfeá.

Hm, spéisiúil, a shíl mé liom féin, cat cosanta. Is minic a d’fheicfeá duine gan dídean agus madra nó dhó á leanacht – ach cat? Níl rud ar bith agam i gcoinne na gcat – go deimhin is fearr liom míle uair iad ná madraí – ach ní féidir a shéanadh gur ar mhaithe leo féin a bhíonn siad ag crónán agus go bhfuil siad cliste. Ní leanfaidís duine nach bhfuil ar a chumas aire a thabhairt dó féin, gan trácht ar aire a thabhairt do chat.

Agus go deimhin nuair a chuaigh mé amach ar bhalcón m’árasáin arís níos déanaí an mhaidin chéanna bhí an fear gan dídean imithe ach bhí an cat fós ag fánaíocht timpeall an bhinse, ag meamhlach go cráite agus gan stad.

Chuaigh mé síos chuige.

Cat álainn a bhí ann, piscín mór fireann, fionnadh ar dhath an ghainimh agus súile móra gorma a bhreathnaigh aníos orm agus a bhris mo chroí. Ní cat sráide a bhí anseo ar chor ar bith; is é sin le rá, ní cat sráide a bhí ann go dtí le fíorghairid, ba léir sin ón gcuma shlachtmhar a bhí ar an bhfionnadh agus ón mearbhall ginearálta a bhí air. Droch-úinéir éigin a chuir le taobh an bhóthair é an oíche roimhe, ba léir sin.

Bhí ocras ar an gcat agus níos stop sé ach ag geonaíl.

Go dtí an t-ollmhargadh liom ar mo rothar agus leathuair an chloig ina dhiaidh sin bhí dalladh bia agus uisce ag an gcat, mar ní mise amháin a bhí tar éis trua a ghlacadh dó ach roinnt mhaith comharsana eile freisin.

An chéad rud eile tháinig comhráití chun cinn idir daoine a d’fheiceadh a chéile gach lá beo ach nach mbeannaíodh dá chéile roimhe sin. Spreag an cat spiorad pobail de chineál éigin a bhí in easnamh go mór sa cheantar ina bhfuil cónaí orm, ceantar árasán buailte ar an trá agus a bhfuil neamhbhuaine aisteach ag baint leis toisc go ligtear nach mór leath de na hárasáin ar cíos ar leithéidí Airbnb.

‘Tabharfaidh muid aire dó le chéile,’ a dúirt mé féin agus na comharsana eile a bhí meallta ag an gcat, ‘anseo ar an bplásóg féin!’ Bhí muid ar fad ar aon intinn faoi gurbh fhearr leis an gcat, a bhí gan ainm fós, a bheith amuigh idir na pailmeacha cnó cócó agus na crainn almóinní ná a bheith faoi ghlas in árasán.

D’fhéadfaí é a dhéanamh. Go deimhin chonaic mé a leithéid cheana i gceantar eile a mbíodh cónaí orm sa chathair seo, áit atá i bhfad níos boichte ná an ceantar ina bhfuil cónaí orm anois agus céasta ag coimhlint idir buíonta drugaí lena chois. San áit sin, tugann an chomharsanacht aire do bhreis agus fiche cat amuigh ar an tsráid.

D’éirigh lenár bplean ar feadh trí lá. Bhí breis is a dhóthain bia ag an gcat agus bhí uisce úr ina chuid babhlaí i gcónaí. Bhí cuma shásta ar an gcat agus bhí gliondar ar na comharsana a thug aire dó.

Ach ansin, tráthnóna amháin, bhí drochnuacht dúinn ag duine den dornán áitritheoirí buana sa cheantar, an fear bodhar.

‘Há! Hae! An cat! Imithe! Chonaic mé chuile shórt! Carr! Thug siad leo é! Imithe! Luas ard!’

Fuadaíodh cat na comharsanachta. Agus leis sin, tháinig deireadh leis an spiorad pobail gearrshaolach a bhí cothaithe aige.

‘Tá súil agam go bhfuil sé i dteach maith anois,’ a dúirt mé féin agus na comharsana eile lena chéile agus is dócha go leanfaimid orainn ag caint faoin gcat go ceann seachtaine eile nó mar sin. Ach thug mé faoi deara maidin inniu go ndeachaigh bean a bhí ar dhuine de na comharsana a thugadh aire don chat in éindí liom tharam gan ‘maidin mhaith’ féin aisti.

Fág freagra ar 'An cat a thug mo chomharsanacht le chéile… sular fuadaíodh é'