Ó a dhiabhail, tá mé tar éis bás a fháil agus tá mé leaindeáilte i gCré na Cille

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Bíonn carachtair aonghnéitheacha i chuile scéal, agus tá mórshaothar Mháirtín Uí Chadhain lán leo. Ach bheadh a scéal féin le hinsint ag chuile dhuine acu ach é a scríobh…

Ó a dhiabhail, tá mé tar éis bás a fháil agus tá mé leaindeáilte i gCré na Cille

Tá fear bodhar ina chónaí san fhoirgneamh taobh leis an bhfoirgneamh ina bhfuil m’árasán.

Níl a fhios agam cén t-ainm atá ar an bhfear céanna. Níor chuala mé riamh á thabhairt air ach ‘an fear bodhar’ agus bhí cúis a bhodhaire ar eolas agam sular casadh an fear orm go pearsanta: buaileadh ar an gcluas le stól adhmaid é Lá Phátrúin Bonfim, i gceantar ar an taobh eile de chathair Salvador, sa Bhrasaíl, blianta fada ó shin.

Agus ba é sin go díreach an chéad rud a dúirt an fear féin liom nuair a cuireadh in aithne dom é faoi dheireadh an lá cheana. Dhírigh sé a mhéar i dtreo a chluaise agus bhéic: ‘buaileadh ar an gcluas le stól adhmaid mé Lá Phátrúin Bonfim! Stól adhmaid! Lá Phátrúin Bonfim! Blianta fada ó shin!’

Ó a dhiabhail, a dúirt mé liom féin, tá mé tar éis bás a fháil i ngan fhios dom féin agus tá mé leaindeáilte i gCré na Cille. Agus seo chugam leagan Brasaíleach, agus fireann, de Bhríd Thoirdhealbhaigh, a thit isteach sa tine, agus nach mbíonn d’ábhar comhrá aici ach gur titim isteach sa tine a rinne sí.

Scothshamplaí de charachtair aonghnéitheacha iad mo chomharsa bhodhar agus Bríd Thoirdhealbhaigh an Chadhnaigh. Bíonn ar a laghad duine nó beirt acu i ngach sráidbhaile agus bíonn na cathracha móra ag cur thar maoil leo.

Blianta fada ó shin, nuair a bhí mé ag freastal ar chúrsa ard-dioplóma sa chumarsáid fheidhmeach ag Ollscoil na Gaillimhe, iarradh orainn sraith raidió shamhlaíoch a fhorbairt timpeall ar an ábhar ‘carachtair “cearta” na Gaillimhe’. Bhí an liosta fada, agus bhí díospóireacht spéisiúil againn faoi céard is ‘carachtar “ceart” ann, pé scéal é. Ní cuimhin liom go díreach cén sainmhíniú ar tháinig muid aníos leis sa deireadh, ach déarfainn gur rud éigin ar nós ‘duine corr, ach nach mbeadh chomh corr sin nach bhféadfaí é a chur faoi agallamh’ a bhí ann.

Ach an rud a bhí i gcoitinne le mo chomharsa bhodhar agus le Bríd Thoirdhealbhaigh ag gach duine ar an liosta sin ná seo: daoine a bhí iontu a raibh laghdú chomh mór sin déanta ar a bpearsantacht i samhlaíocht an phobail nach raibh fágtha ach saintréith, nó scéal, amháin. Nó b’fhéidir gurbh fhearr a rá: carachtair a bhí iontu a raibh méadú chomh mór sin déanta ar ghné amháin dá bpearsantacht nach rithfeadh sé leat go deo go mbeadh tréithe eile acu, nó scéalta eile le hinsint.

Ní chloiseann mo chomharsa bhodhar a ghlór féin i gceart agus ar an ábhar sin bíonn sé i gcónaí ag béiceach. Níl aon phost aige (caithfidh sé go bhfuil liúntas míchumais aige, mar níl sé in aois an phinsin fós) agus caitheann sé an lá ar bhinse adhmaid díreach os comhair m’árasánsa ag scairteadh frásaí dothuigthe le chuile dhuine atá ag dul an bealach. ‘Heileo! Há! Há!! Téada eitleog! Éanacha bochta! Gortú!’

Chuireadh sé soir mé ar dtús, ach níorbh fhada nó gur thug mé faoi deara go bhfuil rud éigin i gcoitinne ag an bhfear bodhar agus agam féin. Piocaimid suas an bruscar a fhágann daoine ina ndiaidh, agus a siúlann daoine eile thairis, agus caithimid sa bhosca bruscair é. Téada níolóin eitleoga an aosa óig go háirithe a dhéanann tinneas don fhear bodhar, toisc go ngearrann siad cosa na n-éan nuair a théann siad i bhfostú iontu.

Ní hamháin go bhfuil dáimh agam le mo chomharsa anois ach feicim go bhfuil níos mó ná scéal amháin (‘Stól adhmaid!’) le hinsint aige. I bhfocail eile, ní carachtar aonghnéitheach, neamhshaothraithe é i m’aigne-se a thuilleadh ach carachtar iltaobhach, saothraithe.

Carachtar iltaobhach a bhí ann an t-am ar fad ar ndóigh. Is carachtair iltaobhacha muid go léir – ach ní i gcónaí a fheictear agus a léirítear mar sin muid, faraor.

An chéad rud eile, thosaigh smaoineamh ag borradh i m’intinn do ghearrscéal ina mbeadh fear bodhar a mbeadh an ghráin shíoraí aige ar bhruscar lárnach.

Cá mhéad scéalta a bheadh le hinsint ag carachtair aonghnéitheacha an domhain dá ndéanfadh scríbhneoirí saothrú ar phearsantachtaí na gcarachtar sin?

Is é paradacsa mór na ceiste sin ná go mbeadh tuilleadh carachtar aonghnéitheach ag teastáil chun na scéalta sin a insint. Bíonn focharachtair ag teastáil i gcónaí chun tacaíocht a thabhairt do phríomhcharachtair an scéil – agus chuirfeadh saothar ina mbeadh forbairt iomlán déanta ar chuile charachtar ann mearbhall ar an léitheoir – ach cá bhfios nach bhféadfaí scéal eile a scríobh ina n-inseodh carachtar tánaisteach a scéal féin.

Cén scéal a d’inseodh Bríd Thoirdhealbhaigh?

Fág freagra ar 'Ó a dhiabhail, tá mé tar éis bás a fháil agus tá mé leaindeáilte i gCré na Cille'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Píosa iontach! Ábhar smaoinimh cinnte… :-)