Tá briseadh síos tugtha ag Roinn na Gaeltachta ar an maoiniú €1,529,000 a fógraíodh an tseachtain seo caite d’fhoilsitheoireacht agus d’fhoclóireacht na Gaeilge.
De réir na bhfigiúirí a cuireadh ar fáil do Tuairisc beidh an méid céanna airgid ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge in 2024 agus in 2025 agus a bhí ar fáil ón mbliain 2021 i leith.
As an maoiniú a fógraíodh, cuirfear €300,000 ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge in 2024 agus €300,000 eile ar fáil in 2025. Tabharfar €300,000 don Áisíneacht Dáileacháin Leabhar (ÁIS) freisin agus is don tionscadal foclóireachta a thabharfar an €629,000 breise.
Cuireadh “buiséad bunlíne” €1,061,165 ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge i mBuiséad 2024, bunmhaoiniú nár tháinig athrú air le breis agus deich mbliana anuas. Foras na Gaeilge a chuireann an maoiniú sin ar fáil ach tá maoiniú breise bliantúil €300,000 á thabhairt go díreach do Chlár na Leabhar Gaeilge le trí bliana anuas. Fógraíodh €300,000 mar “mhaoiniú breise aon-uaire don Chlár den chéad uair in 2021, agus fuarthas an maoiniú ón Roinn arís in 2022 agus 2023.
D’fhág an maoiniú breise sin go raibh buiséad iomlán €1,360,000 ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge in 2021, 2022, agus 2023. Beidh an buiséad iomlán céanna ar fáil in 2024 agus 2025 mar gheall ar an maoiniú a fógraíodh an tseachtain seo caite.
D’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht Thomas Byrne go raibh “maoiniú breise os cionn €1,500,000” ceadaithe ag a Roinn do thionscadail foilsitheoireachta agus foclóireachta na Gaeilge.
“Tá an-áthas orm go bhfuil an deis agam le linn mo chuairte inniu go dtí ionad Fhoras na Gaeilge i nDún Seachlainn an maoiniú seo a chur ar fáil chun tacú leis na tionscadail thábhachtacha seo ar leas an phobail agus ar leas na teanga.
“Tabharfaidh an infheistíocht bhreise seo tuilleadh tacaíochta d’earnáil na foilsitheoireachta agus na scríbhneoireachta Gaeilge agus cinnteoidh sé infheistíocht riachtanach i gcúrsaí teicneolaíochta, margaíochta, agus taighde a bheidh de thairbhe na hearnála agus phobal na Gaeilge san iomlán,” a dúirt an tAire Stáit Byrne.
Dúirt an tAire Gaeltachta Catherine Martin gur “ealaín í an scríbhneoireacht” agus go dtabharfadh an “maoiniú breise” tacaíocht do scríbhneoirí agus d’fhoilsitheoirí Gaeilge.
“Is aitheantas é freisin ar na dúshláin atá roimh an earnáil le blianta beaga anuas mar aon le tacaíocht chun todhchaí na hearnála a chinntiú,” a dúirt Martin.
In 2008 bhí €1,800,00 ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge. Thit an figiúr sin faoi bhun milliún mar gheall ar chúlú eacnamaíochta na bliana sin. Bhí isteach is amach le €1,00,000 sa bhliain ar fáil don Chlár go dtí gur cuireadh an €300,000 breise ar fáil den chéad uair in 2021.
Fág freagra ar 'An buiséad céanna le 2021 a bheidh ag Clár na Leabhar Gaeilge in 2025'