AN BREATIMEACHT: Ná dúnaimis na súile ag súil go mbeidh gach aon rud togha sa deireadh…

An fúinn Éire neamhspleách a chur chun cinn ar mhaithe le riachtanais ár muintire féin, nó an mó againn an cúigeachas nua faoi smacht na hEorpa?

AN BREATIMEACHT: Ná dúnaimis na súile ag súil go mbeidh gach aon rud togha sa deireadh…

Tá Éire ag an gcrosbhóthar agus muid ag tabhairt aghaidh ar an dá scéal is mó i láthair na huaire – an Breatimeacht agus stádas na Sé Chontae sa domhan nua.

I dtreo na marbhántachta ó thaobh meoin agus cúrsaí trádála a théann bóthar amháin ar a bhfuil an comhartha ‘tuilleadh den chineál céanna’. Ar an mbóthar eile, deiseanna nua iontacha mar aon contúirtí móra.

Ó chuaigh muid isteach san Aontas Eorpach (mar atá anois), agus ar feadh blianta roimhe sin, ar bhealach, bhí ‘tús áite don Bhruiséil seachas don Bhreatain’ mar phrionsabal rialaithe againn.

’Sé sin, mura raibh sé ar ár gcumas eacnamaíocht láidir agus sochaí shlán a thógáil go neamhspleách – agus b’in sa deireadh an tuairim a bhí ag Ken Whitaker – chaithfimis fad a chur idir muid féin agus na Sasanaigh agus dul faoi lámh chosanta na hEorpa.

Níl aon argóint ann ach gur éirigh go maith linn i dtosach.  Bhí ardú mór ann sa bpraghas a bhí le fáil ar ár gcuid earraí talmhaíochta, is fuair muid airgead suntasach le hinfheistiú i mbóithre agus i bhfiontair infreastruchtúir eile.

Ach bhí praghas le n-íoc air sin. Díbríodh an-chuid daoine den talamh agus ní raibh i ndán dóibh ach an bád bán go dtí gur tháinig baothbhorradh faoin eacnamaíocht ag tús an chéid seo.  Chaill muid ár gcuid ceart ó thaobh iascaireachta de nach mór, ceann de na rudaí ba luachmhaire a bhí againn ach nach raibh aon leas á bhaint againn as.

Mar sin féin, tháinig forbairt eacnamaíochta is shóisialta ar an tír i gcoitinne, agus mar gheall ar an bhforbairt bíonn céatadán níos airde den phobal in Éirinn báúil leis an Aontas ná mar a bhíonn go hiondúil in aon bhallstát eile.

Ach ní raibh sa chomhphobal eacnamaíochta ar ghlac muid ballraíocht ann i 1973 ach tús an scéil. Diaidh ar ndiaidh, rinneadh leathnú ar an bhFiontar Eorpach, agus an bunús á leagan d’ollstát nua, agus de réir a chéile ghlac an AE níos mó smachta ar gach gné de shaol na hÉireann – cúrsaí uisce, cúrsaí tithíochta, cúrsaí iompair, cúrsaí baincéireachta agus cúrsaí airgeadais. Rinneadh an méid sin le  Conradh Maastricht, Conradh Nice, Conradh Liospóin agus leis an gConradh  Fioscach.

Ní aontas ar mhaithe le comhoibriú ó thaobh na heacnamaíochta agus na trádála de é an tAontas Eorpach a thuilleadh (má bhí sé riamh amhlaidh), agus níl aon phota óir le fáil uaidh a thuilleadh ach oiread. Cuireann muid níos mó airgid isteach san Aontas anois ná mar a fhaigheann muid as.

Anois tá an Breatimeacht ar leac an dorais againn. Agus mura ndéanann muid socrú ceart tá baol mór ann, mar a deir Cumann na bhFeirmeoirí (IFA), nach mbeidh ach leath an méid bia á easpórtáil go Sasana againn is atá faoi láthair.

Faoi láthair is chuig Sasana a théann leath den bhia a easpórtáiltear as Éirinn, ach má shocraíonn an tAontas Eorpach táille 50% a ghearradh ar earraí talmhaíochta a thagann isteach san Aontas, chuirfeadh Sasana an táille chéanna i bhfeidhm orainne.  Tubaiste a bheadh ann dúinn.

Caithfimid teacht ar shocrú le Sasana a laghdódh an baol sin – socrú cosúil leis an gComhaontú Angla-Éireannach a síníodh i 1965.

Ag an am céanna, ní féidir linn glacadh le teorainn chrua ar oileán na hÉireann.  Tá sé tugtha le fios ag rialtas na Breataine nach bhfuil a leithéid ag teastáil uathusan ach an oiread. Cén fáth, mar sin, go bhfuil an baol seo ann agus cén chaoi a bhféadfaí é a sheachaint?

An tAontas faoi deara é, má bhrúnn siad socrú ar Shasana nach n-oireann dúinne.

Agus an Tuaisceart?  Tá an móramh aontachtach ag dul i laghad. Ach an fúinn Éire neamhspleách a chur chun cinn ar mhaithe le riachtanais ár muintire féin, nó an mó againn an cúigeachas nua faoi smacht na hEorpa?

Tá Sinn Féin ag iarraidh stádas speisialta don Tuaisceart san Aontas, ach ní fheicim cén chaoi go bhféadfadh an tAontas a leithéid a ghéilleadh gan athrú bunreachtúil ar stádas na Sé Chontae.

Mar sin féin, má tá teorainn chrua le bheith ann idir an Bhreatain agus an Eoraip, ná bíodh sé ar oileán na hÉireann ach idir an t-oileán seo agus an Bhreatain féin.

Má theastaíonn uainn socrú a oireann dúinne a fháil i dtaobh cúrsaí trádála leis an mBreatain agus má theastaíonn uainn athrú a dhéanamh ar stádas bunreachtúil na Sé Chontae, caithfidh muid féin dul i mbun idirbheartaíochta go díreach leis an mBreatain.

Cheana féin, tá an Spáinn ag fógairt go mbeidh idirbheartaíocht dhíreach ar bun acu d’fhonn teacht ar shocrú leis an mBreatain faoi scéal Giobráltar.

Má tá sé de chiall ag na Spáinnigh gan a bheith ag brath ar ‘Fhoireann na hEorpa’, cén fáth nach leanfadh muide an sampla sin?

Agus sin é an rogha atá romhainn: an fód a sheasamh sinn féin agus féachaint i ndiaidh ár leasa féin, nó luí siar, na súile a dhúnadh agus a bheith ag súil go mbeidh gach aon rud togha sa deireadh.

Bóthar na marbhántachta nó bóthar na fuinniúlachta?

Fág freagra ar 'AN BREATIMEACHT: Ná dúnaimis na súile ag súil go mbeidh gach aon rud togha sa deireadh…'

  • donncha Ó hÉallaithe

    Tá an ceart ag Eoin. D’fhéadfadh go mbeidh muid i dtrioblóid an mhór de bharr ‘An Breatimeacht’ agus níl aon bhealach éasca as. Tá an baol ann go mbeidh praghas daor le íoc ag Éire, thuaidh is theas, as cinneadh vótóirí na Breataine. Ach is ait liom an olagón seo ag tíocht ó Eoin anois, tráchtaire a bhí ar son Breatimeacht!

  • Iarla

    Bheadh orainn an daonra a mhéadú faoi fiche, agus airm núicléacha a dhéanamh nó a cheannach in áit éigin, le bheith neamhspleách. Má fhágtar Aontas na hEorpa is ar ais sa Ríocht Aontaithe, nó mar mhogha-stát de chuid SAM, a rachaimid.

  • Eoin Ó Murchú

    A Dhonncha: ní ag olagón atá mé. Bhí me ar son Bhreatimeacht mar thuig me go dtabharfadh se seans dúinn socrú bunreahctuil níos fear a dhéanamh a thabharfadh ceannas ar Éirinn ar ais dúinn. Ach ní thiocfaidh an ceannas sin mura n-iarrann muid é, is ní féidir ár ndóchas a chur sa AE a leic chomh tubaisteach sin muid sa ghéarcheim bancaerachta. Déanaimis idirbheartaíocht dhíreach leis an dá thaobh mar sin.

    A Iarla: ní rabhamar sa Ríocht Aontaithe sula ndeachaigh muid isteach sa gCómhphobal Eorpach, cé nach raibh aon mheas ag oifigiúlacht an stáit ar neamhspleáchas. Tá neamhspleáchas ag an Ioruaidh, B’fhéidir go bhféadfadh muid a sampla siúd a leanacht.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Bhí me ar son Bhreatimeacht mar thuig me go dtabharfadh se seans dúinn socrú bunreahctuil níos fear a dhéanamh a thabharfadh ceannas ar Éirinn ar ais dúinn”, a deireann Eoin. An port céanna ag Farage: make Britain sovereign again. An port céanna ag Trump: make America great again.

    Nuair a bhí an ‘ ceannas ar Éirinn’ seo atá i gceist ag Eoin, ní mórán caoi a bhí orainn. Chonaic mé mo dhóthain den tír ‘neamhspléach’ atá Eoin ag iarraidh a athaimsiú. Ní ghá a lua ach scannal na bpáistí óga a fritheadh a gcnámha sa cesspit i dTuam.

  • Eoin Ó Murchú

    Nach trua mar sin gur chuir ár sinsir an ruaig ar na Sasanaigh as an tír seo (nó cuid de). Céard faoi a raibh muid ag smaoineamh? Agus na hEorpaigh dheasa chineálta. Nach raibh sé in am dúinn féachaint chuige nach mbeadh caillteanais ag bainc na Gearmáine th’éis an uafás a chleachtaigh muid ar mhná agus ar pháistí? Ní dóigh liom gur fíor gur muid an pobal is uafásaigh ar domhan, nó an gcreideann Donncha go raibh an ceart ag ár naimhde nuair a dhein said iarracht muid a dhíothú den domhan ar fad sa nGorta Mór?