An bhliain seo caite go mór fada ar an mbliain is teo ar an taifead

In 2023 chuathas an-ghar don sprioc a comhaontaíodh i bPáras in 2015 – go gcaithfí an teas domhanda a choimeád faoi bhun 1.5 Celsius

An bhliain seo caite go mór fada ar an mbliain is teo ar an taifead

Bhí an bhliain seo caite go mór fada ar an mbliain is teo ar an taifead, a deir seirbhís athraithe aeráide an Aontais Eorpaigh.

De réir na bhfigiúirí nua ó Copernicus, bhí an teas domhanda gar do 1.5°C os cionn an leibhéil a bhí ann sa saol réamhthionsclaíoch.

De réir anailís a rinne an BBC, is beag lá ó mhí Iúil seo caite nach amhlaidh a bhí teocht dhomhanda an aeir don tráth sin den bhliain ag dul in airde lá i ndiaidh lae agus ag sárú a raibh ar an taifead roimhe sin.

Deir lucht eolaíochta Sheirbhís Athraithe Aeráide Copernicus gur dócha go sárófar an 1.5 Celsius sa bhliain atá romhainn.

Athrú aeráide arb é an duine ba chúis leis – an méid is mó astaíochtaí carbóin riamh – agus El Niño ar gné nádúrtha den aimsir é, ba chionsiocair leis an ardú sin ar an teas domhanda.

Bhí an bhliain seo caite 1.48C níos teo ná an meán fadtéarmach agus bhí an mheánteocht in 2023 0.17C níos airde ná mar a bhí in 2016, an bhliain is measa ó thaobh an teasa dhomhanda roimhe seo.

Tá figiúr na bliana seo caite an-ghar don sprioc a comhaontaíodh i bPáras in 2015 – go gcaithfí an teas domhanda a choimeád faoi bhun 1.5 Celsius.

Deir lucht na heolaíochta go gcaithfidh tíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise láithreach bonn má táthar chun an tubaiste a sheachaint.

Má fhanann cúrsaí mar atá, deir na Náisiúin Aontaithe gur téamh 3 céim Celsius atá i ndán dúinn agus gur “tubaiste aeráide” an toradh a bheadh air sin.

De réir tuarascáil a d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe an fómhar seo caite ba ghá go laghdódh astaíochtaí 42% faoi 2030 má táthar chun an t-ardú ar theas domhanda a theorannú go dtí 1.5°C faoi 2050.

Fág freagra ar 'An bhliain seo caite go mór fada ar an mbliain is teo ar an taifead'