‘An bhfuil sé róluath Oireachtas na Samhna a lua?’ – súil chun cinn ar 2018 le Siún Ní Dhuinn

Sa tsraith seo féachann Tuairisc.ie chun cinn ar 2018 i dteanna daoine aitheanta. An babhta seo is í Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ atá linn

‘An bhfuil sé róluath Oireachtas na Samhna a lua?’ – súil chun cinn ar 2018 le Siún Ní Dhuinn

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2018?

Ní nós liom rúin a dhéanamh (mar nach gcloím leo, go hiondúil!) ach ba bhreá liom Beo, ar Éigean, an podchraoladh a bhíonn á chomhláithriú agam le hÁine Ní Bhreisleáin agus Sinéad Ní Uallacháin a fhorbairt in 2018.

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2018? Bliain na Gaeilge, dar ndóigh! Go pearsanta, tá mo dheirfiúr ag súil le leanbh san earrach agus tá mé ar bís faoi sin.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2018? An bhfuil sé róluath Oireachtas na Samhna a lua?

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2018? Tá an t-ádh orm a bheith timpeallaithe ag cairde iontacha, tá mo mhuintir ar fad sláintiúil agus tá mé ag obair i bpost a thaitníonn go mór liom – sin go leor cúiseanna dóchais!

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2018? Ba mhaith liom a bhfuil ar mo liosta léitheoireachta a chríochnú! Tá an-spéis agam sa litríocht ach ní éiríonn liom na seoda ar fad a léamh riamh.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2018, céard a d’athrófá? Fadhb na tithíochta, feictear dom go bhfuil saol go leor Éireannach á mhilleadh i láthair na huaire. 

Fág freagra ar '‘An bhfuil sé róluath Oireachtas na Samhna a lua?’ – súil chun cinn ar 2018 le Siún Ní Dhuinn'