An bhfuil Leo Varadkar i mbaol?

An bhfuil dochar déanta ag scéal na cáipéise sceite do cheannaire Fhine Gael?

An bhfuil Leo Varadkar i mbaol?

An bhfuil Leo Varadkar i mbaol? An bhfuil brú air taobh istigh dá pháirtí éirí as? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil? Tá an Tánaiste á fhiosrú faoi láthair ag na Gardaí faoi eolas a thug sé ar lámh do cheannaire grúpa dochtúirí teaghlaigh faoi chonradh a bhí á phlé le grúpa eile dochtúirí teaghlaigh. 

Glacann Varadkar leis go ndearna sé botún agus tá leithscéal gafa aige. Deir sé go bhfuil sé lánsásta cuidiú le fiosrúchán an Gharda Síochána nuair a dhéanfaidh siad teagmháil leis. Fágfaidh muid sin mar atá sé mar is fearr gan a bheith ag caint ar nithe dá leithéid.

Ach tá ceist eile le freagairt i gcónaí. An bhfuil dochar déanta ag an scéal seo ar fad dá cheannaireacht ar Fhine Gael? Agus mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil? Freagra simplí amháin ar an gceist is ea Covid-19. Níl mórán cainte á dhéanamh faoin scéal seo faoin Tánaiste mar go bhfuil muid ar fad chomh tógtha le srianta, uimhreacha, scaipeadh aicíde agus coraintín.

Tuairiscítear, in áiteanna éagsúla, go bhfuil ionadaithe tofa Fhine Gael trína chéile faoin scéal agus an dochar fadtéarmach a d’fheadfadh sé a dhéanamh d’Fhine Gael. Maidin Domhnaigh le roinnt seachtainí tá na nuachtáin lán le scéalta agus tuairiscí faoin gcor is déanaí sa bhfiosrúchán atá ar siúl ag na Gardaí. Thug an Sunday Times le fios an tseachtain seo gur labhair an tAire Ardoideachais Simon Harris leis an mBiúró Náisiúnta um Imscrúdú Coiriúil faoin scéal. Cé go bhfuair seisean iarratas ar an gcáipéis a bhí i gceist le sceitheadh Varadkar, dhiúltaigh sé í a thabhairt ar láimh.  Cá bhfios cén t-eolas eile a thiocfaidh chun cinn faoin bhfiosrúchán agus a d’fhéadfadh leanacht ar feadh míonna. Ní gá go mbeadh aon chúiseamh as a dheireadh ach tá an scamall ann i gcónaí.

Faigheann Fine Gael réidh le daoine faoi dheifir, go háirithe ceannairí. Cuimhnigh chomh tobann agus a frítheadh réidh le Alan Dukes nuair nach raibh aon bhuíochas orthu as Straitéis Thamhlachta. Bliain agus trí mhí a chaith Michael Noonan ina cheannaire. Bhí foighid thar na bearta acu le Enda Kenny ach ar ndóigh chaith sé cuid mhaith dá thréimhse ceannaireachta ag bord an rialtais.

Is maith leis an bpáirtí go n-aithneofaí iad as riar na córa – páirtí an dlí agus an chirt. Mí na Samhna 2017 d’éirigh Tánaiste na linne, Frances Fitzgerald as mar aire dlí agus cirt mar go raibh sé curtha ina leith gur chuir sí a ladar i gcás Maurice McCabe. Ar leas an náisiúin agus le holltoghchán a sheachaint a bhí sí ag éirí as a dúirt sí leis an rialtas ag an am. Léirigh binse fiosraithe Charleton níos déanaí nach raibh aon rud déanta mícheart aici. Cuireadh brú air Denis Naughten éirí as aireacht in 2018 nuair a bhí an chuma air, ach gan aon chruthúnas ann, go raibh sé ag tacú leis an gcomhlacht a bhí ag tairiscint dul i mbun an phlean náisiúnta leathanbhanda. Is é Leo Varadkar mar Thaoiseach a thug le fios do Naughten gur chóir dó éirí as.

Tugann sin ar fad ar ais muid chuig scéal Leo Varadkar agus na cáipéise. Cén fáth nach bhfuil níos mó imní ar chúlbhinseoirí agus cén fáth nach bhfuil cosmhuintir Fhine Gael níos glóraí faoin imní atá orthu faoi Varadkar? Is fíor go bhfuil sé sásta comhoibriú leis na Gardaí agus tá comhairle faighte aige nach bhfuil aon choir i gceist le sceitheadh na cáipéise úd. Faoi láthair níl an scéal ag déanamh aon dochar d’Fhine Gael sna pobalbhreitheanna agus tá siad sa rialtas, ar ndóigh. 

D’fhéadfadh an-dochar a bheith i ndán dóibh, déarfá, ag brath ar thoradh an fhiosrúcháin choiriúil. Gan trácht ar an dochar do shaol polaitiúil Varadkar féin. Neosfaidh an aimsir, ní foláir.

Fág freagra ar 'An bhfuil Leo Varadkar i mbaol?'