‘An bhfuil do thuismitheoirí fós beo?’ a d’fhiafraigh mo mháthair díom

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo, ghlac ár gcolúnaí leis go gcuimhneodh a mháthair ar bhreith a mic ach ba air a bhí an dul amú

‘An bhfuil do thuismitheoirí fós beo?’ a d’fhiafraigh mo mháthair díom

Mo bhreithlá a bhí ann an mhí seo caite. Chuir mé físghlaoch ar mo mham go luath ar maidin.

Ar ndóigh, níor shamhlaigh mé go gcuimhneodh mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi le roinnt mhaith blianta anois, ar an dáta. Deich lá roimhe sin, b’éigean dúinn a mhíniú di trí nó ceithre huaire gurbh é a breithlá féin a bhí ann an lá sin.

Ach shíl mé go gcuirfeadh sé cúrsaí i gcomhthéacs di dá labhróimis seal faoi lá mo bhreithe – an ócáid féin, seachas an dáta.

Nach ormsa a bhí an t-aiféala gur tharraing mé an t-ábhar anuas.

Ghlac mé leis gur tarlúint réasúnta thábhachtach i saol mná a bheadh i mbreith a céad mhic agus go seasfadh na cuimhní ar an lá sin an fód i gcoinne ghalar gránna Alzheimer, ach ba ormsa a bhí an dul amú. Níor chuimhin le mo mham faic na ngrást faoin lá. Níor chuimhin léi fiú amháin gníomh fisiciúil na breithe féin.

Chuir an comhrá mearbhall ar an mbeirt againn agus chuir mé deireadh leis an bhfísghlaoch sula rachadh cúrsaí ó mhaith; ní raibh mé féin thar mholadh beirte an mhaidin sin toisc go raibh an chuma ar an scéal go mbeadh mo bhreithlá á chaitheamh liom féin agam.

Uair nó dhó ina dhiaidh sin agus spionn níos fearr orm, chuir mé glaoch uirthi in athuair. Shíl mé go mbeadh sé go deas dá rachaimis siar ar bhóithrín na gcuimhní le chéile agus thosaigh ag insint scéalta di faoi lá mo bhreithe mar a chuala mé riamh iad óna béal féin. An dá ghloine pórtfhíona a mhol an dochtúir di a ól nuair a tháinig crapthaí rialta uirthi an oíche roimh ré. An teas marfach an lá sin, gar do thríocha céim Celsius ag a seacht a’ chlog ar maidin. An t-ospidéal éigeandála, foirgneamh déanta as adhmad agus Formica. D’éist sí liom go foighneach, rinne gáire sna háiteanna cuí agus nuair a chroch mé suas shíl mé go raibh gach rud i gceart.

A mhalairt a bhí fíor. Cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, chuir duine de na cúramóirí a thugann aire do mo mháthair go laethúil físghlaoch orm. Bhí mo mháthair ina suí in aice leis agus bhí sí trína chéile.

Bhí sí tar éis an tráthnóna ar fad a chaitheamh ag iarraidh a oibriú amach cé mé féin.

‘Ach an bhfuil do thuismitheoirí fós beo?’ a d’fhiafraigh sí díom.

Ba mhaith an rud é go raibh an cúramóir le feiceáil i gcúinne an scáileáin nó níl mé cinnte an éireodh liom guaim a choinneáil orm féin.

‘Bhuel… tá m’athair marbh le breis agus fiche bliain. Ach is tusa mo mháthair agus tá tú fós beo.’

Bhreathnaigh mo mháthair orm amhail is go raibh dhá chloigeann orm, fiú tar éis dom an scéal a mhíniú faoi thrí.

‘Is tusa mo mháthair agus is mise do mhac. Agus tá mac eile agat, mo dheartháir óg.’

‘Tá mac eile agam?’

Tharraing mé anáil dhomhain agus d’iarr ar an gcúramóir dhá ghrianghraf a lorg, ceann díom féin agus ceann de mo dheartháir óg, iad a chur ar an mbord agus nótaí lenár n-ainmneacha agus an focal ‘mac’ orthu a ghreamú díobh. Rud a rinne.

Bhí mo bhreithlá millte i gceart faoin am sin. Ach nuair a chiúnaigh mé síos rud beag agus nuair a thosaigh mé ag déanamh mo mhachnaimh faoi chúrsaí ar leibhéal níos oibiachtúla, tháinig mé ar an tuiscint go bhféadfadh sé nach dtuigeann mo mháthair leagan amach ár gclainne le roinnt mhaith míonna anuas. Tuigeann sí go bhfuil aithne aici orm féin agus ar mo dheartháir óg le fada agus deir sí linn i gcónaí go bhfuil muid ‘go deas’ – ach ní thuigeann sí a thuilleadh cén gaol atá aici linn.

Ar ndóigh tiocfaidh an lá – tá súil agam go bhfuil sé i bhfad uainn fós – nuair nach n-aithneoidh sí muid ar chor ar bith.

Fág freagra ar '‘An bhfuil do thuismitheoirí fós beo?’ a d’fhiafraigh mo mháthair díom'