An bhfuil corr eile sa mbrionglóid seo do Chúige Chonnacht?

Cluiche Ceannais an Pro 12: Ach an oiread le Leicester City sa sacar, is ábhar iontais agus údar neart cainte an t-éacht atá déanta ag na Connachtaigh i mbliana

Connacht Rugby Squad Training, Sportsground, Galway 24/5/2016 A view of the Connacht huddle Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Foireann Chúige Chonnacht bailithe le chéile Dé Luain agus iad ag prapáil do chluiche ceannais an PRO12 i gcoinne Chúige Laighean ©INPHO/James Crombie

I bhfad siar i mí Mheán Fómhair seo caite agus comórtas Pro 12 na bliana seo ina thús, is cinnte go raibh muid ar fad ag súil go mbeadh foireann ón tír seo in ann an chraobh a thabhairt leo. Ag an am ní raibh súil ar bith againn go mbeadh dhá fhoireann as Éirinn ag imirt sa gcraobhchluiche leis an sprioc sin a bhaint amach, ach sin díreach a tharla.

Más ábhar iontais é gur éirigh le dhá chúige an cluiche ceannais a bhaint amach, is cúis ollmhór iontais do phobal rugbaí na cruinne é go bhfuil Cúige Chonnacht ina measc. Ach an oiread le Leicester City sa sacar, is ábhar iontais agus údar neart cainte an t-éacht atá déanta ag na Connachtaigh i mbliana. Faoi stiúir Phat Lam, tá stíl imeartha atá aoibhinn le breathnú uirthi cruthaithe acu agus lucht leanta nua meallta chucu féin acu. I mbliana, d’éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar leithéide Chúige Laighean, Chúige Mumhan, na Scarlets, Ospreys agus curaidh an Pro 12, Glaschú, faoi dhó in imeacht coicíse. Don chéad uair riamh chríochnaigh siad sa dara háit ar thábla an Pro 12 agus níos tábhachtaí ná sin beidh siad ag imirt i gcraobh an chomórtais, áit nár imir siad riamh roimhe seo.

Sin aiséirí duit! B’iad na Connachtaigh a bhí ar bhun tábla an chomórtais dhá shéasúr ó shin, ach breathnaigh cá bhfuil siad anois!.

Foireann Éireannach eile a bheas mar fhreasúra ag fir an Iarthair i nDún Éideann an Satharn seo. Fuair Cúige Laighean an lámh in uachtar ar na hUltaigh sa mbabhta leathcheannais eile. Cluiche é seo a bhí thar a bheith fisiciúil freisin. Is léir go bhfuil Leo Cullen sásta go bhfuil lá sa mbreis ag a fhoireann féin le réiteach don chraobh. Seans dá bhrí sin gur leis na Laighnigh atá aon bhuntáiste atá ar fáil roimh thús an chluiche. I measc na mbuntáistí siúd, tá scíth agus lá iomlán breise ag na Laighnigh le réiteach le hais mar atá ag na Connachtaigh. Ní hamháin sin ach seo é an séú huair acu ag imirt sa gcraobhchluiche agus d’éirigh leo greim a fháil ar an gcorn ceithre huaire cheana féin. Is fiú a lua freisin go bhfuil seanchleachtadh ag na Laighnigh ar imirt i gcraobh chluichí. Tá corn sinsear na hEorpa buaite acu trí bhabhta freisin.

Cuir an taithí sin ar fad i gcomparáid le heaspa taithí na gConnachtach. Seo é an chéad bhabhta acu siúd in aon chraobhchluiche in aon chomórtas. Ní hamháin sin, ach níl mórán taithí ag imreoirí an iarthair ar a bheith ag imirt ar fhoirne idirnáisiúnta. Ní ionann an cás ag fir an oirthir. Seachas Ringrose agus T’eo tá caipíní idirnáisiúnta ag beagnach chuile imreoir atá acu fiú amháin i measc na n-ionadaithe.

Ní féidir na fíricí a sheachaint, is iad na Laighnigh an rogha atá ag chuile dhuine don chraobh seo, na geallghlacadóirí ina measc, go háirithe má chuireann tú taispeántas an deireadh seachtaine seo caite i gcoinne Chúige Uladh san áireamh. Mar sin féin, níl Cúige Chonnacht gan dóchas. Níl tada le cailliúint acu. Ag tús an tséasúir ní raibh mar sprioc acu ach cáiliú do chomórtas sinsear na hEorpa, rud a rinne siad gan stró. Anois tá siad ar cheann den dá fhoireann atá in ann comórtas an Pro 12 a bhuachan. Bí cinnte go mbeidh plean amháin eile ag Pat Lam le croitheadh a bhaint as na Laighnigh.

Bheadh dul amú ar an té a cheapfadh nach bhfuil le déanamh ag Cúige Laighean ach dul go Dún Éideann chun an corn a bhailiú. Is cinnte go mbeidh Cúige Chonnacht ag iarraidh dul céim níos faide fós sa séasúr stairiúil seo. An bhfuil corr eile sa mbrionglóid seo do Chúige Chonnacht? Is cinnte go mbeidh na mílte i nDún Éideann le tacú leo.

Cuimhnigh, níl sé i bhfad ó bhí an IRFU ag iarradh Club Rugbaí Chúige Chonnacht a scor.

Anois céard a déarfá le Cúige Chonnacht an cúige is lú sa tír?

Fág freagra ar 'An bhfuil corr eile sa mbrionglóid seo do Chúige Chonnacht?'