An bhfuil ceacht ar bith foghlamtha ó tháinig an víreas go hÉirinn bliain ó shin?

Rinne an dá rialtas a bhí freagrach as feachtas an stáit in aghaidh an víris le bliain anuas tréaniarracht moill a chur ar chinntí riachtanacha

An bhfuil ceacht ar bith foghlamtha ó tháinig an víreas go hÉirinn bliain ó shin?

Tá bliain ann ó tugadh le fios go raibh Covid-19 tagtha go hÉirinn. 

Dheimhnigh dochtúirí i mBéal Feirste go raibh an víreas ar bhean a chaith seal i dtuaisceart na hIodáile agus a bhí tar éis teacht abhaile via aerfort Bhaile Átha Cliath. Dhá lá ina dhiaidh sin, an 29 Feabhra, a fuarthas amach go raibh an víreas tolgtha ag fear as an bpríomhchathair a thug cuairt ar thuaisceart na hIodáile freisin.

Dáiríre, bhí an víreas tagtha go hÉirinn roimhe sin, cé nár deimhníodh an chéad chás (fear a glacadh isteach in ospidéal i gCorcaigh ar an 25 Feabhra agus drochthinneas cinn air) go dtí an 5 Márta. Fuair sé bás an mhí dár gcionn. Ní heol fós cé mar a tholg sé an galar ná cén áit.

Bhain gach ar tharla ó shin i leith croitheadh ó bhonn as saol gach duine sa tír agus ar fud an domhain. Ní bheidh an tionchar iomlán soiléir go mbeidh an víreas curtha faoi smacht ag vacsaíní, nó go ceann tamaill ina dhiaidh sin.

Gan dabht rinne gach duine a bhí freagrach as riar sheirbhísí an stáit in aghaidh an víris botúin ó shin. Ní cóir dearmad a dhéanamh go deo ar na daoine a chuaigh in éag – breis agus 4,000 sa Phoblacht, breis agus dhá mhíle i dTuaisceart Éireann – agus ar na mairbh a bheadh beo fós b’fhéidir murach na botúin a rinneadh.

Is leor cuimhneamh mar shampla ar neamhthoil an Choiste Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) treoir a thabhairt d’árais altranais i mí an Mhárta gan cead isteach a thabhairt do chuairteoirí – treoir a mhéadaigh an ráta báis i measc seandaoine ar dhóigh a fhéadfaí a sheachaint dá mbeadh comhairle stuama tugtha in am.

Ní foláir cuimhneamh freisin ar an éacht a rinne na húdaráis agus an pobal, agus oibrithe sláinte na tíre go háirithe, agus iad ag déileáil trí huaire as a chéile le brú as cuimse ar na hospidéil. Cuimhnigh ar an 15 oibrí sláinte a tholg an víreas sa Phoblacht atá ar shlí na fírinne. Beidh fiosrúchán de shaghas éigin riachtanach amach anseo ach is é bun agus barr an scéil nach bhfuair an phaindéim an lámh in uachtar ar an gcóras sláinte.

Is fusa teacht ar luath-thuairim faoi laigí an chórais pholaitiúil. Go deimhin is géire an riachtanas – ní ar mhaithe le milleánú, ach toisc go mbeidh dea-stiúir de dhíth ar an tír go mbeidh deireadh leis an ngéarchéim.

Dúirt an t-eacnamaí John Kenneth Galbraith fadó gur dlúthchuid den pholaitíocht é rogha a dhéanamh idir droch-chinneadh agus dianchinneadh. Rogha i bhfocail eile, dar leis, idir cinneadh a dhéanfadh díobháil as cuimse dá gcuirfí i bhfeidhm é agus cinneadh nach bhféadfaí a chur i bhfeidhm gan cur isteach ar mhórán.

Rinne an dá rialtas a bhí freagrach as feachtas an stáit in aghaidh an víris le bliain anuas tréaniarracht moill a chur ar roghanna riachtanacha. Ba léir rómhinic gur comhréiteach eatarthu á roghnaigh siad.

Is de dheasca an chur chuige seo a tugadh deis don víreas scaipeadh arís tar éis é a bheith curtha faoi smacht beagnach i lár an tsamhraidh. Is mar gheall air a chinn an rialtas, ainneoin an dainséar a bhí soiléir agus ráig na hIodáile ag dul i dtreise san earrach, gan taisteal ón Iodáil a chosc.

Is é an meon céanna arís a spreag cinneadh an rialtais srianta sláinte a mhaolú ionas go mbeadh daoine ábalta Nollaig fhiúntach (‘a meaningful Christmas’) a bheith acu.

 Ainneoin an tsuirbhé a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte, a cuireadh chucu i dtús mhí na Nollag, a thug le fios go raibh comhlíonadh threoracha sláinte an rialtais ag dul i laige. De réir an tsuirbhé (a foilsíodh ar an 14 Nollaig agus atá ar fáil anseo) ní raibh na treoracha á gcomhlíonadh ach ag 47 faoin gcéad den phobal, díreach sular mhaolaigh an rialtas iad.

Breis agus ocht mí ó shin a mhol NPHET an chéad uair go gcuirfí taistealaithe ón gcoigríoch i gcoraintín éigeantach. Táthar ag súil go rithfear an reachtaíocht a theastaíonn le coraintín a chur i bhfeidhm sa tír sa Seanad an tseachtain seo chugainn, ach ní bheidh ach fiche tír san áireamh i dtosach.

Dúirt an Dr Mike Ryan ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go minic le bliain anuas nach mbeidh rath ar fheachtas in aghaidh an Covid-19 i dtír ar bith mura dtéann na húdaráis chun cinn ar an víreas. Faraor, ní chun tosaigh ar an víreas ach rómhinic á leanacht a bhí rialtas na hÉireann le bliain, mar a léiríonn cúrsaí coraintín arís eile.

Beidh críoch leis an scéal léanmhar seo uair éigin, a bhuí leis na saineolaithe atá ag ceapadh vacsaíní nua i gcónaí. Ach níl tuairim ag saineolaí ar bith fós cé mhéad duine eile a chuirfidh an víreas seo ar shlí na fírinne go dtí go gcuirfear faoi smacht é. 

Fág freagra ar 'An bhfuil ceacht ar bith foghlamtha ó tháinig an víreas go hÉirinn bliain ó shin?'