An bhfuil aon chóras idirnáisiúnta a chuirfidh an dlí idirnáisiúnta i bhfeidhm?

Ach breathnú siar ar an gcúpla géarchéim idirnáisiúnta is déanaí tá na fadhbanna a bhaineann le córas na Náisiún Aontaithe follasach

An bhfuil aon chóras idirnáisiúnta a chuirfidh an dlí idirnáisiúnta i bhfeidhm?

Mura gcruthaíonn imeachtaí na laethanta seo caite i lár na hEorpa aon rud eile cruthaíonn sé mífheidhm an phobail idirnáisiúnta nuair a bhíonn bagairt ó thír chumhachtach a airíonn go bhfuil siad faoi bhagairt.

Má bhreathnaíonn muid ar stair na Náisiún Aontaithe agus Chomhghuaillíocht an Atlantaigh Thuaidh gan trácht ar an Aontas Eorpach deirtear go soiléir ina gcuid cáipéisí bunaidh agus in aon chaint a dhéantar fúthu gur ar mhaithe leis an tsíocháin a choinneáil a bunaíodh iad. 

Tá na heagraíochtaí sin ar fad i mbun cruinnithe rialta le laethanta agus seachtainí agus iad ag cáineadh na Rúise as a cuid bagairtí. Ach an cheist mhór – céard is féidir leo a dhéanamh nuair nach bhfuil siad sásta saighdiúirí a chur isteach ar an talamh?

Smachtbhannaí tubaisteacha atá á mbagairt ag cumhachtaí an Iarthair. Rud nach bhfaca sibh riamh cheana atá á bhagairt ag an Uachtarán Putin. 

Dhéanfadh smachtbhannaí scrios ar phobal na Rúise chomh maith leis na ceannairí. Déanfaidh siad scrios ar go leor in Iarthar na hEorpa freisin nuair a bheidh praghas breosla ag ardú tuilleadh. Agus cuirfidh siad brú ar an soláthar beatha. Tír mhór talmhaíochta í an Úcráin. Sin gan trácht ar an scrios a dhéanfar ar phobal na hÚcráine, ar an ngéarchéim nua teifeach i lár na hEorpa agus ar an mbrú a chothóidh an scéal ar fad i dtíortha eile ar theorainn na hÚcráine.

Má bhreathnaíonn muid siar ar an gcúpla géarchéim idirnáisiúnta is déanaí tá na fadhbanna a bhaineann le córas na Náisiún Aontaithe follasach. Sa tSiria, d’úsáid an Rúis a veto, i gcás na hIaráice dhiúltaigh an Fhrainc glacadh leis an teachtaireacht ó na Stáit Aontaithe agus is scéal fada le haithris nach bhfuil na Stáit Aontaithe sásta gníomhú in aghaidh Iosrael ag an gComhairle Slándála. Luíonn sé le réasún mar sin go bhfuil siad gan feidhm sa ngéarchéim seo mar gheall ar ról na Rúise.

Níl aon amhras ach go bhfuil an dlí idirnáisiúnta sáraithe ag an Rúis. Níl sé ceadaithe ar aon bhealach ionradh a dhéanamh ar thír neamhspleách gan chúis. Faoi chonradh NATO tá dualgas ar na ballstáit seasamh le chéile nuair a ionsaítear ceann acu agus áirítear ionsaí ar bhall amháin mar ionsaí orthu ar fad. An lúb ar lár sa scéal seo nach bhfuil an Úcráin ina ball de NATO. Go deimhin, imní faoi bhallraíocht na tíre sin i NATO ceann de na cúiseanna imní atá ag an Rúis.

Tá ceisteanna le cur freisin faoi éifeacht an Aontais Eorpaigh sa gcás seo. Tá siad ag seasamh le chéile, ach go praiticiúil má bhíonn sléacht san Úcráin mar a bhí san Iúgslaiv i ndeireadh an chéid seo caite, céard a dhéanfaidh siad?

Faraor, beidh tíortha móra, thoir agus thiar, ag iarraidh cumhacht agus tailte a chruinniú ina dtimpeall i gcónaí. An é sin atá anseo? Nó an bhfuil imní dáiríre faoi fhlaitheas tíre? 

Agus an cheist is mó ar fad – an bhfuil aon chóras idirnáisiúnta ann a thabharfaidh aghaidh ar an bhfadhb agus a chuirfidh an dlí idirnáisiúnta i bhfeidhm. Faraor, is mó ceisteanna ná freagraí atá ann faoi láthair.

Fág freagra ar 'An bhfuil aon chóras idirnáisiúnta a chuirfidh an dlí idirnáisiúnta i bhfeidhm?'

  • Ciarán

    Tá an ceart ar fad ag Máirín. Tá lagú déanta ar na Náisiúin Aontaithe le blianta beaga anuas ag na tíortha is cumhachtaí mar feileann sin dóibh. Luaigh Liz Truss na Náisiúin Aontaithe i ráiteas i rith na seachtaine, ach ní raibh ann ach baothchaint. Is dona go mbeadh sé fágtha faoi Nato dul i ngleic le hionradh na Rúise. Níl féidir muinín a bheith againn astu, mar tá agenda dá gcuid féin acu.