‘An baol ann nach mbeidh sa Ghaeltacht ach corrtheaghlach fánach ag caint i dteanga rúnda nach dtuigeann éinne eile’

Tá imní mhór léirithe ag cruinniú de Chomhchoiste Oideachais an Oireachtais faoin dochar mór a deirtear a d’fhéadfadh na siollabais nua atá á moladh don Ardteist a dhéanamh don Ghaeltacht, don ghaeloideachas agus don chainteoir dúchais óg

‘An baol ann nach mbeidh sa Ghaeltacht ach corrtheaghlach fánach ag caint i dteanga rúnda nach dtuigeann éinne eile’

Dúradh ag cruinniú i dTithe an Oireachtais ar maidin go raibh an baol ann go bhfágfadh polasaí oideachais an stáit nach mbeidh sa Ghaeltacht amach anseo ach “corrtheaghlach fánach anseo is ansiúd ag caint i dteanga rúnda nach dtuigeann éinne ach iad féin”.

Léiríodh imní mhór ag an gcruinniú de Chomhchoiste Oideachais an Oireachtais faoin dochar mór a deirtear a d’fhéadfadh na siollabais nua atá á moladh don Ardteist a dhéanamh don Ghaeltacht, don ghaeloideachas agus don chainteoir dúchais.

Dúirt Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, gur ar aimhleas na Gaeltachta agus an chainteora dúchais a bheadh na siollabais nua – T1 agus T2 – dá dtabharfaí isteach iad mar atá molta. Chaithfí “iniúchadh ceart” a dúirt sí a dhéanamh ar conas is fearr freastal ar an gcainteoir dúchais.

“Muna spreagfar daoine óga – mná agus fir óga ábalta na Gaeltachta – teacht in inmhe mar chainteoirí cumasacha, muiníneacha – cad atá i ndán don nGaeltacht?

“Ba dhóigh le duine gurb é an sprioc atá leis seo ar fad, nach mbeadh fágtha ach corrtheaghlach fánach anseo is ansiúd ag caint i dteanga rúnda nach dtuigeann éinne ach iad féin. Seo mar a thugtar faoi theanga-dhíothú, seo mar a thugtar faoi chinedhíothú.”

De réir mholadh na Roinne Oideachais agus an NCCA, a bhfuil próiseas comhairliúcháin phoiblí ar siúl faoi go dtí deireadh na míosa, thabharfaí dhá chúrsa nua isteach do Ghaeilge na hArdteiste – T1 agus T2.

Maítear go mbeadh an cúrsa T1 oiriúnach do dhaltaí líofa na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus go mbeadh an cúrsa T2 oiriúnach do scoileanna eile na tíre.

Ní léir go mbeadh aon phointí bónais ag baint leis an gcúrsa níos dúshlánaí T1 agus is é sin ceann de na húdair is mó imní faoin gcúrsa nua atá ag saineolaithe éagsúla.

Fíona Uí Uiginn, ionadaí Gaeloideachais

“Níl siad chun é a roghnú,” an teachtaireacht lom a bhí ag Fíona Uí Uiginn, ionadaí Gaeloideachais ag cruinniú an lae inniu.

Dúirt sí nach bhféadfadh na sonraíochtaí mar atá “freastal ar riachtanais na scoláirí ar fad”.

“Níl an status quo ag freastal ar riachtanais na gcainteoirí dúchais agus na gcainteoirí cumasacha Gaeilge. Tá deis againn le sonraíocht nua dul i ngleic leis an gceist seo agus sonraíochtaí atá oiriúnach do na scoláirí ar fad a dhearadh den chéad uair,” arsa Fíona Uí Uiginn.

Easpa eolais agus easpa taighde faoi na cúrsaí nua agus easpa eolais faoi chúrsaí nua T1 agus T2 na Sraithe Sóisearaí na húdair imní is mó eile atá luaite ag eagraíochtaí teanga.

Cúig eagraíocht teanga agus oideachais a bhí i láthair ag cruinniú an lae inniu – Conradh na Gaeilge, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, An Foras Pátrúnachta, Gaeloideachas agus Tuismitheoirí na Gaeltachta – agus bhí na heagraíochtaí go léir ar aon tuairim go dteipfeadh ar an múnla T1 agus T2 mar atá agus gur chóir na moltaí a chaitheamh i dtraipisí.

Dúirt Sorcha Ní Chéilleachair ó Thuismitheoirí na Gaeltachta go raibh baol mór ann go gcothódh na siollabais nua scoilt i bpobal na Gaeltachta agus go bhfágfaí faoin bpobal é an scoilt sin a leigheas.

Sorcha Ní Chéilleachair, Tuismitheoirí na Gaeltachta

“An iad an Roinn Oideachais agus an NCCA a chneasóidh an chréacht, an scoilt, má théann an scéal seo níos faide? Ní hiad.

“Fágfar faoi mhuintir na Gaeltachta féin é, na scoileanna agus na heagraíochtaí pobail agus teanga. Ní féidir an t-ualach seo a leagan orainne. Seo ualach don Roinn Oideachais agus don NCCA. Níl sé ceart, níl sé cóir. Bheadh sé mímhorálta agus mí-ionraic.”

Dúirt sí go raibh an-imní ar Thuismitheoirí na Gaeltachta go bhfágfaí an Ghaeltacht “in áit na leathphingine sa phróiseas seo ar fad”.

Dúirt sí go raibh “difríochtaí bunúsacha” idir scoil Ghaeltachta agus scoileanna eile agus nach raibh dóthain béime curtha ar an éagsúlacht sin sna moltaí nua.

Dúirt Sorcha Ní Chéilleachair go mbraitheann muintir na Gaeltachta “go bhfuilid fágtha ar lár” agus go bhfuil múinteoirí Gaeltachta “thar a bheith míshuaimhneach” faoin gcur chuige atá molta.

Cheistigh ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta an é go rabhthas ag filleadh ar ‘Murder Machine’ an Phiarsaigh i gcás na Gaeltachta.

“An é go bhfuilimid ag filleadh air sin? An bhfuilimid ag loic nó ag teip arís eile ar na cainteoirí dúchais agus ar an nGaeltacht?”

“Ag féachaint ar an bpróiseas ar fad a bhain leis an gcomhairliúchán ar an gcúrsa nua Ardteiste don nGaeilge agus na deacrachtaí atá leis – an bhfuiltear ag iarraidh folús eolais a chruthú go dtí go n-ídeofar fuinneamh na múinteoirí, go mbrisfear spiorad na dtuismitheoirí ar mian leo go mbeadh a gcuid leanaí ina gcainteoirí cumasacha agus muiníneacha ina dteanga féin?”

Pádraig Ó Beaglaoich, Oifigeach Oideachais Iar-Bhunscoile COGG

Dúirt Pádraig Ó Beaglaoich, Oifigeach Oideachais Iar-Bhunscoile COGG, ag cruinniú an lae inniu go bhfuil “an-mhíshástacht” léirithe ag scoláirí, tuismitheoirí agus múinteoirí sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta faoin moladh go dtabharfadh grúpa amháin scoláirí faoi chúrsa níos dúshlánaí ná grúpa eile agus gan aon bhuntáiste acu.

“Go deimhin, tá sé tuairiscthe ag príomhoidí agus ceannairí oideachais gur buille mór d’iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí na tíre a bheadh anseo, agus go dtiocfaidh laghdú dá thoradh seachas méadú, ar líon na scoláirí a dhéanfaidh freastal ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta amach anseo.

“Lena chois sin, ní mór gaois an chinnidh maidir leis an mBonnleibhéal a fhágáil ar lár a cheistiú, ós rud é go bhféadfadh cinneadh dá leithéid drochthionchar a imirt ar líon na ndíolúintí amach anseo,” arsa Pádraig Ó Beaglaoich ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta, go raibh sé riachtanach go mbeadh “spreagadh agus cúiteamh” ar fáil do dhaltaí as cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh, “mar shampla pointí bónais”.

“Tá imní ann gur teip a bheadh i ndán don chúrsa nua mura mbeidh cúiteamh ann,” arsa Caoimhín Ó hEaghra.

“Tá imní léirithe ag múinteoirí nach mbeidh daltaí meánleibhéil sásta tabhairt faoi chúrsa níos dúshlánaí, gan aon chúiteamh ann dóibh.   

D’fhéadfadh seo dochar tromchúiseach a dhéanamh do cheantair Ghaeltachta agus don oideachas lán-Ghaeilge. Caithfear dul i ngleic leis an gceist seo mar chuid den phróiseas.”

Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta

Thacaigh Caoimhín Ó hEaghra le ceann de na moltaí is coitianta a dhéanann saineolaithe oideachais i leith Ghaeilge na hArdteiste – múnla an Mhata agus an Mhata Fheidhmigh.

Is é sin go mbeadh cúrsa Gaeilge ann do chách bunaithe ar shealbhú na teanga agus go mbeadh ceann eile ann a dhíreodh níos mó ar chúrsaí litríochta agus ar shaíocht na teanga. D’fhéadfadh dalta an dá chúrsa a roghnú agus na pointí Ardteiste a fháil dá réir.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur “tinte a mhúchadh a bhíonn ar siúl go rómhinic againn in ionad pleanáil go cuimsitheach, go comhtháite agus go fadtéarmach don Ghaeilge sa chóras oideachais”.

Mhol sé go dtabharfaí polasaí nua isteach don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal agus go mbeadh an polasaí sin bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach ag gach leibhéal.

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

Lorg sé tacaíocht bhaill an Chomhchoiste don éileamh sin agus do na moltaí i bplécháipéis a foilsíodh le déanaí faoi na cúrsaí nua T1 agus T2.

“Deis amú a bheidh ann mura n-úsáidtear an Fráma Tagartha Comónta Eorpach san Ardteist agus beidh an baol ann go mbeidh glúin eile ag fágáil na scoile le scileanna agus straitéisí scrúdaithe seachas inniúlacht teanga agus cumarsáide.

“Céard is fiú do chuid amháin den Rialtas a bheith ag brú ar aghaidh leis an FTCE agus an chuid eile ag déanamh neamhaird air?

D’iarr de Spáinn ar Sheanadóirí agus Teachtaí Dála an choiste go gcuirfidís aighneacht faoi bhráid an NCCA mar chuid den phróiseas comhairliúcháin atá ar siúl faoi na cúrsaí nua.

Fág freagra ar '‘An baol ann nach mbeidh sa Ghaeltacht ach corrtheaghlach fánach ag caint i dteanga rúnda nach dtuigeann éinne eile’'

  • Greg Gearán

    “An bhfuilimid ag loic nó ag teip arís eile ar na cainteoirí dúchais agus ar an nGaeltacht?”

    Mar is iondúil. Ní léir go n-aithníonn lucht an stát nó lucht na ceann-eagraíochtaí Gaeilge go bhfuil difear ann idir riachtanais an chainteora dúchais agus riachtanais an Gaelscoláire ó theaghlach Béarla.

    Bhí an *cough* ‘athbheochan’ dírithe ón dtús ar mianta an duine cathrach nach raibh fonn orthu riamh clann a thógáil le Gaeilge ach a shíl go mbeadh sé ‘go deas’ Gaeilge a bheith ann mar ‘dara teanga’, agus inniu deir siad gur rud maith é don pháiste aon dara teanga a fhoghlaim. Is cuma leo, i ndáiríre, faoi athbheochan dáiríre… Nó an é nach bhfuil sé sin an sprioc? Is dealraitheach nach bhfuil (cé nach ndeirtear go soiléir í). Níl coibhneas cothrom idir an Ghaeilge agus an Béarla sa Ghaeltacht fiú amháin. Béarla éiginnteacht Gaeilge roghnach mar a dúradh liom.

    Níl cead ag Gaelscoileanna idirdhealú a dhéanamh idir dhuine a thógadh le Gaeilge agus duine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu. Agus ní féidir le tuismitheoirí na Gaeltachta a bpáistí a chuireadh chun rang nó naíonra nach mbíonn páistí ó theaghlaigh Béarla ann…

    Ar aon nós, ní rud nua é seo. Caithfear cinneadh a dhéanamh lá éigin, arb fhearr linn pobal beag láidir T1, nó tír mór lag gan ach an ‘cupla focal’ ag gach duine agus Gaeilge sách maith ag duine eisceachtúil?