An baol ann go scaipfidh suaitheadh an DUP ar fud chóras na polaitíochta

Dá mhéid barántais a thugtar go mbeidh polaiteoirí ar a mbionda chun seasmhacht na n-institiúidí a chosaint is ea is soiléire é go bhféadfadh fadhbanna an DUP croitheadh a bhaint astu

An baol ann go scaipfidh suaitheadh an DUP ar fud chóras na polaitíochta

Ní hiontas an DUP a bheith ina chíor thuathail. Tháinig an scéal go raibh a gceannaire, Jeffrey Donaldson, cúisithe as líomhaintí gnéis ‘stairiúla’ aniar aduaidh ar an bpáirtí fearacht an pobal fré chéile.

Tá tréaniarrachtaí ar siúl ó mhaidin Aoine an Chéasta chun srian a chur leis an dochar laistigh agus lasmuigh den DUP. Bhí ceannairí in Stormont diongbháilte nach gcuirfidh an cor drámatúil seo dá gcúrsa iad agus riarthóirí san DUP ag súil go dtig leo guaim a choinneáil ar na faicsin éagsúla sa pháirtí. Bhí an chontúirt follasach áfach, é soiléir go mbeadh roinnt ar a ndícheall ag iarraidh buntáiste a bhaint as an scannal chun éifeacht a imirt ar Stormont agus ar an DUP.

Ní foláir nó go raibh glór géar a sheanmheantóra ag scréachadh i gceann Jeffrey Donaldson le laethanta anuas. Ba é ‘all political careers end in failure’ breithiúnas Enoch Powell.

Is mar chúntóir ag Powell nuair a bhí sé ina fheisire Aontachtach san Dún Theas a thug Jeffrey Donaldson aghaidh ar bhóthar na polaitíochta ar dtús, é i bhfeighil ar fheachtais thoghcháin an iarThoraí sna hochtóidí luath.

Oíche Déardaoin seo caite nuair a cúisíodh é i stáisiún na bpóilíní in Aontroim bhí a fhios ag Donaldson go raibh a phort seinnte mar pholaiteoir. Go luath ar maidin Dé hAoine ghlac oifigigh an DUP go haibéil lena thairiscint éirí as oifig agus cheap siad Gavin Robinson, feisire as Béal Feirste Thoir mar cheannaire eatramhach. Thairis sin thug siad bata is bóthar do Jeffrey mar bhall den pháirtí, sampla a lean an tOrd Oráisteach.

Deirtear gur dhúirt sé ina litir chuig Cathaoirleach an DUP ag fógairt go raibh sé ag eirí as an gceannaireacht go séanfaidh sé na cúiseanna. Is faoin dlí a rialú an raibh an t-iarcheannaire ciontach nó neamhchiontach as na cúiseanna atá curtha ina leith, éigniú agus cionta gnéis eile.

Tá sé fós ina fheisire Parlaiminte do Ghleann an Lagáin agus ní léir an éireoidh sé as. Mura n-éireoidh is beag seans go seasfaidh sé san olltoghchán i mbliana óir is dócha go mbeidh an cás cúirte fós ar siúl. Fiú dá bhfaighfí neamhchiontach é is deacair a shamhlú nach í an chinniúint a luaigh Powell atá i ndán dó.

Gan dabht, tubaiste do Donaldson agus dá bhean a bhfuil sé curtha ina leith gur chuir sí cuidiú ar fáil i dtaca leis na heachtraí, gan dabht . Tubaiste níos measa dóibh siúd a rinne na líomhaintí má tá bunús leo; is leo sin atá comhbhá an phobail. Chuir an PSNI fainic ar dhaoine gan a bheith ag tabhairt buille faoi thuairim faoi cé hiad na gearánaithe ós sárú ar an dlí a bheadh ann iad a aithint go poiblí.

Beart neamh-choitianta ab ea é gur eisigh an PSNI ráiteas Domhnach Cásca ag rá gur i dtús mhí an Mhárta a rinneadh na gearáin agus a cuireadh tús le fiosrú na bpóilíní. Bhí an ráiteas riachtanach toisc go raibh namhaid an mhargaidh a rinne Donaldson chun an DUP a thabhairt ar ais go Stormont ag maíomh go raibh an fiosrú ar siúl sula ndearna ceannaire an DUP an socrú le rialtas na Breataine. Bhíothas ag fiafraí arbh fhéidir gur úsáideadh an scannal chun brú a chur ar Donaldson.

Is léir anois gur scéal earraigh ab ea é sin, ach nod a bhí ann faoin leas a bheifí ag iarraidh a bhaint as an scannal chun an DUP a tharraingt amach as Stormont arís nó an páirtí a scoilteadh.

I bhfianaise na contúirte bhí ceannairí in Stormont chomh maith le Gavin Robinson, ceannaire eatramhach an DUP agus an Státrúnaí Chris Heaton-Harris ar a ndícheall ag iarraidh daoine a shuaimhniú, iad go léir ag geallúint go leanfadh an obair ar aghaidh mar is gnách. Dá mhéid barántais a thugtar go mbeidh polaiteoirí ar a mbionda chun seasmhacht na n-institiúidí a chosaint is ea is soiléire é go bhféadfadh fadhbanna an DUP croitheadh a bhaint astu.

Cá bhfios cén fhad a mhairfidh fadhbanna inmheánacha an DUP? Bhí scoilt sa pháirtí mar gheall ar fhilleadh ar Stormont le teorainn fós i Muir Éireann agus bhí roinnt suíochán parlaiminte i mbaol toisc go scoiltfeadh an TUV an vóta mar agóid. Is mó go mór an seans sin anois.

Bhí Donaldson in ann móramh a bhreith leis in ainneoin an fhreasúra ach d’fhéadfadh malairt scéil a bheith ann dá éagmais. An mbeidh riarthóirí an pháirtí in ann na daoine a bhí in éadan an mhargaidh a chiúnú agus feachtas achrannach do thoghchán ceannaireachta a sheachaint? Athrú polasaí a sheachaint? Teastaíonn ón bhfoireann riartha Gavin Robinson a bhí ar fhoireann idirbheartaíochta Donaldson a dhearbhú mar cheannaire buan agus cloí lena gcur chuige in Stormont ach ní ribín réidh é. Tá stoirm air.

Fág freagra ar 'An baol ann go scaipfidh suaitheadh an DUP ar fud chóras na polaitíochta'