An baile ar fad a thugann aire don seanduine

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. ‘An baile iomlán a thógann an páiste’ a deirtear – ach dá dtabharfadh an baile ar fad aire do sheandaoine, leis?

An baile ar fad a thugann aire don seanduine

Bhí nach mór bliain ann ó thug mé cuairt go deireanach ar an mbean ar a dtugaim Mamó; róghafa le mo shaol féin agus le saol mo mháthar, a bhfuil galar Alzheimer uirthi.

Ní hí Mamó mo mhamó féin ach seanmháthair m’iarfhir chéile, bean 86 bliain d’aois a bhfuil cónaí uirthi in Tancredo Neves, bruachbhaile bocht i gcathair Salvador, sa Bhrasaíl.

Ní as Salvador ó dhúchas í ná go deimhin as stát Bahia; as stát Sergipe í, 400 ciliméadar ó thuaidh. Tá scéal iontach aici faoin aistear a chuir sí di as an áit sin go cathair Salvador nuair a bhí sí 14 bliain d’aois, ar thraein nach bhfuil ann a thuilleadh.

‘Bhí mo mháthair in Salvador le bliain anuas faoin am sin agus bhí post buan faighte aici. Chuir sí scéala chugam go raibh ár dteach in Sergipe le díol agus go raibh orm teacht go Salvador leis an airgead. D’fhuaigh mé na nótaí bainc isteach i bhfáithim an ghúna a chaith mé ar an traein agus bhí eagla mo chraicinn orm ar feadh an aistir, a mhair 14 uair an chloig.’

Ceannaíodh teach leis an airgead sin sa chathair íochtarach, an chuid sin de Salvador atá díreach in aice le Cuan na Naomh Uile, ach níor theastaigh ó Mhamó fanacht sa teach sin nuair a fuair a máthair bás. Bhí a clann féin fásta faoin am sin agus bhí garchlann uirthi; d’fhág sí an teach ag deartháir mór m’iarfhir chéile, ar sagart de chuid an chreidimh Afra-Bhrasaíligh Candomblé é, agus tá a theampall siúd ag feidhmiú ann go dtí an lá atá inniu ann.

Ag bogadh thart ó theach go teach atá Mamó ó shin. Go deimhin ba ag bogadh tí a bhí sí nuair a chuir mise aithne uirthi den chéad uair breis agus 15 bliain ó shin – is cuimhin liom mé féin agus m’iarfhear céile a bheith ag flirteáil lena chéile i gcúl an leoraí a thug a cuid troscáin go Tancredo Neves ó bhruachbhaile éigin eile.

Níl a fhios agam cá mhéad tithe éagsúla inar thug mé cuairt ar Mhamó ó shin – cuid dá pearsantacht í an síorbhogadh tí, shílfeá – ach nuair a thug mé cuairt uirthi den chéad uair le bliain anuas an lá faoi dheireadh – i dteach eile arís – dúirt sí rud éigin a bhain siar asam.

‘Sa chónra amháin a bhogfaidh mé amach as an teach seo anois.’

‘An teach seo’ – sin é bunurlár theach na hiníne is óige aici, teach ina bhfuil cónaí freisin ar ghariníon de chuid Mhamó, a fear céile siúd agus a n-iníon 9 mbliana d’aois. Is ea, sin-seanmháthair í Mamó – faoi cheathair.

Bhain a ndúirt sí siar asam ach níor tháinig sé aniar aduaidh orm ach oiread. Le dhá bhliain go leith anuas, go mórmhór ó fuair an iníon is sine aici, máthair m’iarfhir chéile, bás ó Covid, tá meath ag teacht ar a sláinte fhisiciúil agus mheabhrach araon. Tá an siúl deacair uirthi, tá a glór éirithe piachánach agus cuireann sí an cineál sin ceisteanna a chuireadh mo mháthair féin sa tréimhse sin díreach sular dearbhaíodh go raibh galar Alzheimer uirthi; ceisteanna a thugann le fios go bhfuil ag teip, ní hamháin ar a cuimhne ghearrthréimhseach ach ar a cuimhne mheántréimhseach leis.

Ní bhfuair mé an deis ceist a chur ar an gcúlráid ar éinne de na gaolta eile a bhí thart an lá a raibh mé ar cuairt an bhfuiltear tar éis breathnú isteach sa scéal sin, ach is cinnte nach mise an t-aon duine amháin ar rith sé leis le blianta beaga anuas go bhféadfadh Alzheimer a bheith ar Mhamó.

Ach má bhíonn, tá an réiteach curtha i bhfeidhm cheana féin. Sa Bhrasaíl, ní hionann agus in Iarthar na hEorpa (san Ísiltír atá cónaí ar mo mham), ní i dteach altranais nó in ionad cúraim a bhíonn seandaoine ina gcónaí, ach lena gclann – fiú má bhíonn galar Alzheimer ar an seanduine.

Ní haon dóithín é aire a thabhairt sa bhaile do thuismitheoir a bhfuil galar Alzheimer air nó uirthi, is mise atá á rá leat – breis agus mo dhóthain taithí faighte agam sular bhog mo mháthair féin isteach in ionad cúraim – ach ar a laghad ar bith tá bealach faighte ag clann Mhamó chun dul i ngleic leis an dúshlán.

Tá post lánaimseartha ag an iníon ar léi an teach ina bhfuil cónaí ar Mhamó anois, ach tá beirt iníonacha eile ag Mamó atá ar pinsean cheana féin agus a chaitheann coicís léi ar a seal, ina gcúramóirí cónaithe. Agus má bhíonn orthu sin dul in áit éigin eile ar feadh cúpla uair an chloig tá an gharchlann ann, daoine sna tríochaidí uilig faoin am seo, agus in am an ghátair níl cairde ná comharsana gann.

‘An baile iomlán a thógann an páiste’ mar a deir an seanfhocal iomráiteach úd ón Afraic, agus gan dabht de shliocht daoine a tugadh ón mhór-roinn sin go dtí an Bhrasaíl ina sclábhaithe iad muintir Mhamó.

Níor chuala mé an leagan ‘an baile iomlán a thugann aire don seanduine’ riamh, ach, agus an daonra ag dul in aois, b’fhiú dúinne san Iarthar tuilleadh machnaimh a dhéanamh faoin gcoincheap sin. Rud a rinne mé féin go minic – ach is é bun agus barr an scéil ná go gcaithfeá struchtúr na clainne agus go deimhin na sochaí ar fad a athrú agus go gcaithfí luachanna a bhfuil an-chion againne orthu san Iarthar, cosúil le saoirse agus go deimhin tús áite an duine aonair, a thabhairt suas go pointe. Ar feadh coicíse gach ré coicís, mar shampla.

Fág freagra ar 'An baile ar fad a thugann aire don seanduine'