Nach mór an suaimhneas a bheidh agam!.
‘Suaimhneas Dé’ ina theannta san, an suaimhneas is mó dá raibh tóir ag mo shinsear saonta air.
Conas a bheidh an suaimhneas san agam?
Gan féachaint ná éisteacht le haon agallamh, óráid, cuntas ná caint d’aon tsórt dá dtugann an Amhailt Oráisteach, an feileon, an meirleach bréan san atá tofa ag breis is leath de dhaonra vótóirí Stáit Aontaithe Mheiriceá, breis is seachtó a seacht milliún acu, le bheith mar Uachtarán orthu.
Gníomh eile ar mhaithe le mo shláinte intinne ná an chluas bhodhar a thabhairt d’aon scéal faoi eile faoin scrios a dhein arm Iosrael sa Phalaistín.
Chuireas mo lámh go domhain im phóca agus thugas síntiús substaintiúil do dhá eagraíocht charthanachta atá ag obair ar mhaithe leis na créatúirí bochta atá thíos leis an achrann agus an éagóir idir Hamas agus fórsaí Iosrael.
Cén mhaitheas a dhéanfaidh sé do na mílte daoine atá á marú gan taise gan trua ar fud an domhain, mise a bheith im chiapadh féin ag féachaint orthu ar scáileán nó ar leathanaigh nuachtán?
Bhí orm an rud céanna a dhéanamh anuraidh ar mhaithe lem’ mheabhair chinn agus an balcaire breá san, an blonde bombshell Boris bréan na mbréag i réim i Sasana an Bhreatimeachta.
A phlaosc neamhbhreá is a bhréaga bladair is a chuid éithigh ag truailliú an chórais parlaiminte is stáit gan scáth gan náire agus meatacháin ar éirí thiar as…
Chuirfeadh a iompar mo bhrú fola bocht ag fiuchadh.
Fuaireas ciall. Stopas ag léamh mar gheall air.
Faoiseamh ar an dtoirt.
Curtha leis an liosta tocsaineach rudaí a dtabharfaidh mé droim láimhe is an chluas bhodhar dóibh tá ‘tionchairí tiarnúla matánacha’. Ní haon phionós orm é a leithéid a dhéanamh, táim á rá leat.
Cuirfidh mé de chúram orm fhéin gan ach dea-scéalta a roghnú le léamh fúthu, le féachaint orthu, le cur síos orthu.
Léifidh mé le fonn, scéalta is cuntais ar ealaíontóirí, ar cheoltóirí, ar amhránaithe, ar aisteoirí, ar scríbhneoirí…éinne in aon chor a bhfuil a saol is a saothar á chur acu i ngníomhartha agus beartais chruthaitheacha.
Agus féachfaidh mé le fiosracht is le fonn ar Ghailearaithe gealgháireacha Tuairisc.ie
Tógfaidh siad mo chroí agus beidh suaimhneas Dé agam.
Eoin Ó Murchú
Mo léan, ach ni doigh liom gur feidir éaló as an domhan comh héasca sin. B’fhéidir go ndéanfaidh tusa neamhní den Amhailt Óráisteach, ach ní dhéanfaidh an Amhailt neamhní diot.