Díoltas na Muimhneach! Le (ró!)-fhada, tá muid ag fáil samplaí de dhrochaistriúcháin Ghaeilge ó Chúige uasal na Mumhan. Bhí muid ag déanamh ár machnaimh air seo sna hoifigí i gConamara agus pléadh cúpla teoiric – tá súil níos géire ag an Muimhneach, tá níos mó Gaelainne le feiceáil go poiblí sa Mumhain ná mar atá Gaeilge le feiceáil in áiteanna eile nó is measa i bhfad caighdeán na Gaeilge ó dheas ná áit ar bith eile in Éirinn…
Bhuel, tá deireadh tagtha leis sin uilig anois agus ríomhphost curtha ag “Muimhneach mórtasach i gCathair na dTreabh” chuig nuacht@tuairisc.ie.
An Áit: Cathair na Gaillimhe
An Béarla: Please put your rubbish in bin
An Ghaeilge: Do thoil, cuir do bruscar i araid
Focal ó na moltóirí:
Chaoin muid uisce ár gcinn nuair a chonaic muid an praiseach seo. Glan suas Gaillimh? Glanaigí sibhse an póstaer seo agus tosaígí ó bhonn aníos, le bhur dtoil! Ní hamháin nach aistriúchán cruinn é seo ach ní aistriúchán iomlán ach an oiread é! Tá leath na teachtaireachta i mBéarla agus an leath eile i dteanga atá thar a bheith cosúil leis an nGaeilge. Ar a laghad, tá na focail chearta acu. Faraor, tá siad san áit mhícheart acu. Agus níl an ghramadach thar mholadh beirte. Ná comhréir na bhfocal.
I mbeagán focal, tá sé go hainnis.
Tá leaganacha éagsúla den phóstaer seo feicthe againn cheana féin – cuid acu níos measa ná a chéile! Tá súil againn go gcuirfear “i araid” gan mhoill iad.
An leagan ceart: Cuir do bhruscar i mbosca bruscair, le do thoil.
Fearn
An déarfadh Gael ní ba Ghaelaí : “Cuir an bruscar sna boscaí chuí, mar a dhéanfadh duine maith.” Ní mé.
Ach, nach iontach a thabhairt fá dheara go bhfuil an leagan sa teanga oifigiúl eile fabhtach, nó nach bhfuil an cor “in bin” dúchasach?
Cad a dhéarfadh cainteoir dúchais Béarla?