Amhras mór faoi Chúige Mumhan agus iad de cheal Carbery

Anois uair na cinniúna do Chúige Mumhan agus Cúige Laighean agus iad ag dul chun páirce i gcluichí leathcheannais Chorn na gCuradh

Amhras mór faoi Chúige Mumhan agus iad de cheal Carbery

Joey Carbery. INPHO/Bryan Keane

Cinnte tá Cúige Mumhan agus Cúige Laighean os cionn a mbuille le gairid, trí bhua ag Cúige Mumhan le trí seachtaine agus bua faoi dhó ag Cúige Laighean san achar céanna, cluichí ceathrú ceannais na hEorpa agus Babhtaí 19 agus 20 den Pro 14 san áireamh.

Ach tá an crú ar an tairne anois agus an dá chúige ag dul chun páirce an deireadh seachtaine seo i gcluichí leathcheannais Chorn na gCuradh.

Cé nach mbeidh tada éasca ag baint le ceachtar den dá chluiche leathcheannais seo, seans gur roimh na Muimhnigh Dé Sathairn a bheidh an dúshlán is mó. Caithfidh siadsan taisteal go dtí Staid Ricoh in Coventry Shasana le tabhairt faoi Saracens, foireann atá luaite mar rogha na coitiantachta don chorn ó thús an tséasúir. 

Ní hamháin sin ach is iad Saracens atá sa dara háit ar thábla an Premiership faoi láthair agus gan ach ceithre chluiche caillte acu ó thús chomórtas inmheánach Shasana na bliana seo.

Cuir san áireamh freisin an líon mór imreoirí ón gclub atá ar phainéal idirnáisiúnta Shasana faoi láthair, Billy agus Marko Vunipola, George Kruis, Maro Itoje agus Owen Farrell gan trácht ar Liam Williams na Breataine Bige agus beidh léargas agat ar na deacrachtaí ollmhóra atá le sárú ag fir an Deiscirt. Níl aon easpa taithí ar chluichí idirnáisiúnta i gcampa na Mumhan ach ní dóigh go bhfuil dóthain imreoirí den chaighdeán sin acu. Seo é an tríú huair déag ag Cúige Mumhan imirt sna babhtaí leathcheannais agus theip orthu naoi n-uaire. Is cinnte go mbeidh neart lucht tacaíochta glórach ag an arm dearg an Satharn seo. Mar sin féin caithfidh na Muimhnigh imirt ag caighdeán agus ag leibhéal níos airde ná mar a chonaic muid uathu le fada fada an lá más leo an lámh in uachtar a fháil i gcoimhlint a bheas fíochmhar. Is dona liom a rá go bhfuil amhras mór orm go mbeidh ar a gcumas é sin a dhéanamh agus gan fáil acu ar Joey Carbery.

 Ar an Domhnach cuirfidh curaidh an chomórtais Cúige Laighean fáilte roimh Toulouse na Fraince go dtí Stáid Aviva. D’imir Cúige Laighean deich n-uaire sna cluichí leathcheannais agus bhí an lá leo ceithre huaire. Tá an t-ádh glan ar Chúige Laighean gur acu atá buntáiste an bhaile. Bhí Toulouse iontach ar fad sa gcluiche ceathrú ceannais, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Racing 92 (22 – 21) agus iad ag imirt as baile. D’éirigh le Toulouse agus Cúige Laighean greim a fháil ar an gcorn seo ceithre huaire cheana, rud a fhágann go mbeidh neart cúis gleo ag pé foireann a mbeidh an lá leo. Tá an lá i bhfad caite ó bhíodh deacrachtaí ag foirne ón bhFrainc ag imirt thar sáile, sin má bhí an deacracht sin ariamh ag Toulouse. 

Is cinnte go bhfuil cluiche iontach, fisiciúil agus sciliúil amach romhainn i mBaile Átha Cliath an Domhnach seo. Is minic a thugann imirt sa mbaile buntáiste ar leith don fhoireann bhaile. Tá súil agam nach bhfuil mallacht an tráchtaire curtha agam ar Chúige Laighean.

Fág freagra ar 'Amhras mór faoi Chúige Mumhan agus iad de cheal Carbery'