Amhras léirithe ag ranna rialtais faoi phríomhsprioc na reachtaíochta Gaeilge

Deir oifigigh i ranna rialtais go mbíonn deacrachtaí móra ann daoine a bhfuil Gaeilge acu a fháil

Amhras léirithe ag ranna rialtais faoi phríomhsprioc na reachtaíochta Gaeilge

Tá amhras caite ag ranna rialtais ar cheann de phríomhchuspóirí an Achta Teanga – gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030. 

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge an tseachtain seo, thug oifigigh ó cheithre roinn rialtais léargas ar na deacrachtaí atá ann daoine le Gaeilge a fháil don Státseirbhís. Mhaígh na hoifigigh go mbeadh obair mhór i gceist chun an sprioc 20% a bhaint amach. Dúradh go bhfuil sé sách deacair duine ar bith le Gaeilge a fháil, gan trácht ar dhuine le Gaeilge a fháil a bhfuil na scileanna cuí acu do réimse ar leith. 

Dúirt Bairbre Nic Aongusa, Rúnaí Cúnta sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, go raibh obair ar bun ina roinn chun daoine a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid agus súil ann go méadófaí líon na gcainteoirí Gaeilge ar an mbealach sin. Dúirt sí go mbíonn sé deacair daoine nua le Gaeilge a thabhairt isteach, áfach. 

“Tá deacrachtaí againn earcú a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu. Mar shampla, tá Rannóg na nOileán [atá faoi chúram na Roinne] bíonn sé deacair againn teacht ar dhaoine a bhfuil líofacht Ghaeilge acu agus na cumais eile atá ag teastáil leis an obair a dhéanamh,” a dúirt Nic Aongusa. 

“Sílim go mbeidh dúshlán ann don tSeirbhís Ceapacháin Phoiblí an sprioc [20%] sin a bhaint amach.” 

Dúirt Barry Quinlan, Ard-Rúnaí Cúnta sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, gur fhág an leibhéal íseal dífhostaíochta sa tír go raibh sé deacair ag na ranna folúntais a líonadh. 

“Tá sé deacair daoine a fháil agus tá sé deacair daoine le Gaeilge a fháil freisin,” a dúirt sé. 

Dúirt Quinlan nach leor díreach duine le Gaeilge a fháil chun folúntas a líonadh ach go gcaithfí na riachtanais a bhain le post a chomhlíonadh chomh maith. 

“De réir mar a fhéachann an Státseirbhís leis an gcuspóir [20%] a chomhlíonadh, ba cheart a chur san áireamh go bhfuil bearna ann idir inniúlacht i dteanga ar leith agus an cumas chun obair chasta, dhúshlánach agus theicniúil a dhéanamh tríd an teanga sin.” 

Thug Naoise Grisewood, Príomhoifigeach Cúnta sa Roinn Iompair, le fios go raibh 600 duine ag obair sa roinn i láthair na huaire agus saineolas teicniúil ar leith ag baint le thart ar 130 post. Mheas sé go mbeadh sé deacair daoine leis an saineolas cuí agus cumas sa Ghaeilge a fháil chun cuid de na postanna sin a líonadh. 

Léirigh anailís a rinne Tuairisc anuraidh nárbh gá Gaeilge a bheith ag duine ach do 0.4% de phostanna na státseirbhíse. 

Ghéill an tAire Airgeadais Michael McGrath, a bhí ina aire caiteachais phoiblí ag an am, go bhfuil líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu agus atá ag iarraidh dul sa státseirbhís “an-íseal i gcónaí”. 

Cé gur tosaíodh le tamall ar roinnt comórtas earcaíochta agus ardú céime a dhíriú go sonrach ar Ghaeilgeoirí, ní cosúil go raibh mórán rath ar na hiarrachtaí sin go nuige seo. 

Maidir le sprioc 20% na reachtaíochta nua, tá €325,000 curtha ar fáil ag an Rialtas d’Ollscoil na Gaillimhe chun taighde bliana a dhéanamh faoi phlean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge. 

Tá an taighde á dhéanamh faoi na laigí sa soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus déanfar moltaí faoi conas na bearnaí sa soláthar sin a líonadh. 

An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, atá bunaithe faoin reachtaíocht teanga nua atá á tabhairt isteach de réir a chéile, atá freagrach as an bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge a ullmhú. Tá go dtí an 19 Meitheamh 2024 ag an gcoiste nua chun an plean sin a ullmhú. 

Mar chuid den phlean níor mhór d’Aire Stáit na Gaeltachta spriocdháta a leagan síos chomh maith faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge. Caithfear spriocdháta eile a leagan síos faoina mbeidh gach oifigeach poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag obair trí mheán na Gaeilge. 

De réir anailís a rinne Tuairisc in 2021 níor bhain riachtanas Gaeilge ach le post amháin as gach 500 folúntas a líonadh sa státseirbhís sna trí bliana roimhe sin 

I dtuairisc ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an bhliain chéanna, dúradh gur bhain “dúshlán” le daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu a earcú de bharr a laghad acu a dhéanann iarratais ar phoist. 

Dúradh nach ndearna ach 250 duine a raibh Gaeilge acu iarratas ar chomórtas oscailte d’oifigigh chléireachais, cé go raibh os cionn 15,000 duine san iomaíocht sa chomórtas nach raibh riachtanas teanga luaite leis. 

Tá amhras caite ag dreamanna eile ar sprioc earcaíochta an Rialtais chomh maith.  

Dúirt an t-iar-choimisinéir teanga Rónán Ó Domhnaill anuraidh go mbeadh sé nach mór dodhéanta sprioc an Rialtais ó thaobh earcú Gaeilgeoirí a bhaint amach mura dtéitear i ngleic leis an easpa soláthar oideachais lán-Ghaeilge. 

Dúirt sé gur gá scagadh grinn a dhéanamh láithreach ar líon agus ar chineál na gcéimithe a bheidh ag teastáil chun an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach. 

Mhol an t-iarchoimisinéir clár náisiúnta oiliúna a bhunú i gcomhar le hinstitiúidí oideachais an stáit chun cur le líon na gcéimithe cáilithe a bhfuil Gaeilge líofa acu as seo go ceann cúig bliana nó mar sin. 

Tá ráite ag Roinn na Gaeltachta go bhfuil feachtas feasachta “mór” náisiúnta le reáchtáil ón bhfómhar seo ar aghaidh chun an pobal a chur ar an eolas maidir leis “na dualgais agus na deiseanna atá ann” don Ghaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. 

Fág freagra ar 'Amhras léirithe ag ranna rialtais faoi phríomhsprioc na reachtaíochta Gaeilge'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Aontaím le Rónán Ó Domhnaill go bhfuil oideachas lán-Ghaeilge a dhith ag an tríú leibhéal. Bheinn ag moladh fosta go mbeadh modúl Gaeilge ag achan cúrsa tríú leibhéal. Tá’n easpa leanúnachais san ábhar Gaeilge sa chóras oideachais – i cuma cén aois thú – ag déanamh scrios mhór ar an Ghaeilg. Agus nach bhfuil dóigheanna eile lena foghlaim diomaite de bheith i do shuí i seomra ranga agus ag scríobh aistí?

    I mo thuairimse ní thabharann an córas earcaíochta aon aird ar an Ghaeilg. Is córas Béarla atá ann agus cúpla duine ag déanamh seiceáil ar aon iarratas Gaeilge a thagann isteach. Mar sin, déantar an duine a fhostú le dhul i mbun oibre i gcóras Béarla ón chéad lá fostaíochta. Ní bhíonn tacaíocht ar bith ar fáil i dtaca leis an Ghaeilg a úsáid mar theanga cumarsáide sa láthair oibre (diomaite de roinn na Gaeltachta ach b’fhéidir go bhfuil neart Béarla sa rannóg sin anois fosta) ná chun seirbhís trí Ghaeilg a chuir ar fáil don phobal m.sh. mura bhfuil cleachtadh agat orthu cheanna féin (agus de ghnáth ní bhíonn), bíonn ort an leagan Gaeilge de na téarmaí teicniúla a bhaineann leis an bpost a fhoghlaim, agus fiú iad sin agat, bíonn deacrachtaí ag baill den phobal iad a thuigbhéal mar nach bhfuil cleachtadh acusan orthu ach oiread.

    Bíonn an Ghaeilg i bhfolach i gcónaí. Tá géarghá le leaganacha dátheangach de na foirmeacha rialtais uilig a chuirtear os comhair an phobail – agus leoga go hinmheánach fosta – a chuir ar fáil sa dóigh is go bhfeiceann gach saoránach go bhfuil an Ghaeilg mar theanga oifigiúil sa tír seo. Dar ndóighe bheadh tús áite ag an Ghaeilg i gcónaí. Thiocfadh fosta leagan Gaeilge de na foirmeacha céanna a chuir ar fáil daofa siúd atá léannta sa Ghaeilg agus a bhfuil ábalta iad a líonadh isteach gan amharc ar an Bhéarla.

  • Andreas Vogel

    “Tá deacrachtaí againn earcú a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu.”

    Ní fál go haer é sin. Ceard faoi caighdeán maith Gaeilge a mhúineadh do dhaoine atá le n-earcú nó earcaithecheana féin?

    Níor cheart go gcuirfeadh sé iontas ar aon duine sa státchóras (ná sa stát) nach n-éiríonn leo fómhar a bhaint nár shaothraigh siad. Níor shíl mé riamh go bhféadfaí sprioc réadúil a chur roimh ranna stáit ó thaobh céatadán áirithe foirne le Gaeilge a earcú go sonrach ar an gcaoi sin. Dar liom go mbeadh toradh i bhfad níos fearr ann dá n-aithneodh na ranna stáit ar fad gur scil thábhachtach í Gaeilge a bheith ag aon iarrthóir, céatadán fiúntach den scór i dtaobh iarratais ar phoist a bhronnadh bunaithe ar chumas cruthaithe sa nGaeilge, agus an rud céanna a dhéanamh ó thaobh aon ardú céime taobh istigh den státseirbhís. Ag an am céanna cúrsaí agus deiseanna a thairiscint do státseirbhísigh ag grád ar bith chun feabhas a chur ar an méid Gaeilge atá acu. Nuair is léir dóibh go bhfuil buntáiste suntasach le baint as, is gearr go mbeidh céatadán na státseirbhísigh le caighdeán réasúnta Gaeilge ag ardú as cuimse.

  • Seán ÓM

    An-smsoineamh go deo Aindreas.
    Sin fior-chliste.
    Gach duine éist le hAindreas.
    Scaipigí an focal faoi an smaoineamh maith seo.

  • Seán ÓM

    Go Deimhin – dá mbeadh an luach céanna ar theastas B2 nó C1 TEG sa Ghaeilge mar atá ar chéim MA a bheith ag duine, bheadh chuile iarrathóir ag iarraidh ceann a fháil chun an ceann is fearr a fháil ar na harrathóirí eile sa chomórtas.

    Ag baint úsáid as an iomaíocht!
    Aindreas = Cliste.

  • Sibéal

    Is mionlach an-bheag ar fad a labhrann an Ghaeilge go laethúil agus agus is mionlach níos lú arís na daoine go bhfuil Gaeilge d’ardchaighdeán. Tá na daoine sin gafa le postanna a bhaineann leis na meáin Gaeilge, le hoideachas lánGhaeilge, leis na heagraíochtaí Gaeilge, nó le haistriúcháin agus níl suim acu i bpost sa státseirbhís. Sin ceann des na cúiseanna nach bhfuil státseirbhísigh ar fáil atá in ann do bheith ag obair tré mheán an Gaeilge.