Eiseofar inniu na páipéir bhallóide do na rollaí toghcháin don 27ú Seanad Éireann agus roinnt cainteoirí Gaeilge san iomaíocht do shuíochán.
Tá Gaeilge ag ar a laghad aon duine dhéag den 143 iarrthóir atá ag seasamh don toghchán agus ghlac seisear iar-sheanadóirí atá ag seasamh arís i mbliana páirt i ranganna Gaeilge a chuir Tithe an Oireachtais ar fáil le linn a dtéarma dheireanaigh.
Tá Rónán Mullen, a bhí ar dhuine de na polaiteoirí is mó i dTeach Laighean a bhfuil cáil na Gaeilge air, agus an t-iarThánaiste Michael McDowell ag seasamh do rolla Ollscoil na hÉireann i mbliana. Is cainteoir Gaeilge é an Dochtúir Rónán Collins, atá ina gheiriatraí comhairleach i dTamhlacht, atá ag seasamh do rolla Ollscoil na hÉireann freisin.
Tá beirt eile a bhfuil Gaeilge acu ar rolla Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide) freisin – Ossian Smyth ón gComhaontas Glas, a bhí ina aire stáit sa rialtas deireanach, agus Paul Mulville, atá ina chomhairleoir contae do na Daonlathaithe Sóisialta i bhFine Gall.
Labhair Rónán Mullen agus Michael McDowell Gaeilge sa Seanad roimhe seo agus bhí an t-iar-aire stáit Smyth le cloisteáil go tráthrialta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá sé ráite ag Paul Mulville, a rinne staidéar ar an Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide, go bhfuil a mhian “nua-athbheochan na Gaeilge” a chur chun cinn ar cheann de na cúiseanna lena chinneadh seasamh sa toghchán.
Tá Gaeilge ag an Seanadóir Joe O’Reilly ó Fhine Gael, a toghadh chun an Rolla Oibreachais in 2020, agus san am atá caite labhair sé ar chúrsaí Gaeilge ag cruinnithe de choiste Gaeilge an Oireachtais.
Is í an t-iarFheisire Eorpach Liadh Ní Riada atá ainmnithe ag Foras na Gaeilge mar iarrthóir ar an Rolla Saíochta agus Oideachais agus is é mian an Fhorais go mbeadh “ionadaí neamhspleách i Seanad Éireann a mbeidh an Ghaeilge ina tosaíocht thar aon tosaíocht eile”. Cainteoir dúchais as Gaeltacht Mhúscraí is ea Liadh Ní Riada a tharraing aird ar chás na teanga san Aontas Eorpach agus í ina Feisire Eorpach trí dhul ar ‘stailc teanga’ i bParlaimint na hEorpa.
Ag seasamh don rolla céanna tá an nádúraí aitheanta Éanna Ní Lamhna as contae Lú. Bhí Ní Lamhna ina huachtarán ar an eagraíocht An Taisce agus is é An Taisce a chuir a hainm chun cinn don toghchán. Bíonn sí le feiceáil ar na meáin Ghaeilge agus í ag plé cúrsaí dúlra agus comhshaoil.
Tá an Seanadóir Seán Kyne ag seasamh don Rolla Saíochta agus Oideachais freisin. Is as Maigh Cuilinn i nGaeltacht na Gaillimhe é Kyne, a d’fhoghlaim an Ghaeilge nuair a toghadh ina Theachta Dála é in 2011 agus a d’úsáid go mion minic í ar RTÉ RnaG agus ar TG4 ó shin.
Tá Cathaoirleach Chomhairle Contae Chiarraí Breandán Fitzgerald as an Daingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ag seasamh don Rolla Talmhaíochta. Ba i nGaeilge a labhair Fitzgerald ina chéad óráid mar chathaoirleach ar an gComhairle Contae agus mhol sé do bhaill eile na comhairle a gcuid Gaeilge a úsáid agus iad i mbun a ngnó mar chomhairleoirí contae.
Tá cainteoir Gaeilge ag seasamh ar son Pháirtí an Lucht Oibre ar an Rolla Tionscail agus Tráchtála – sin í Laura Harmon as Baile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí a bhí ina huachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn.
Tá seisear Seanadóirí as an dáréag a ghlac páirt sna ranganna Gaeilge a cuireadh ar fáil i dTithe an Oireachtais le linn an téarma dheireanaigh ag súil lena suíochán a ghnóthú arís i mbliana. Sin iad Aisling Dolan, Mary Seery Kearney, Fiona O’Loughlin, Mark Daly, Mary Fitzpatrick agus Gerard Craughwell.
60 suíochán atá sa Seanad ach le hainmniúcháin an Taoisigh a líontar 11 díobh.
Mar sin 49 suíochán atá ar fáil sa toghchán – sé cinn ar rolla na n-ollscoileanna agus 43 ceann ar na rollaí toghcháin éagsúla eile amhail an rolla cultúir agus oideachais agus an rolla talmhaíochta.
Is iad an t-aon dream a mbíonn vóta acu sa toghchán Seanad ná céimithe Choláiste na Tríonóide agus Ollscoil na hÉireann, na Teachtaí Dála nuathofa, baill an tSeanaid dheireanaigh agus comhairleoirí contae.
Daithí MacGiobúin
A Dhuine Uasal,
Tá Gaeilge líofa ag Rónán Ó’ Coillean ar phainéal NUI freisin agus é tiománta don Ghaeilge.
Le meas
Daithí MacGiobúin