Talamh úr á treabhadh ag corrscríbhneoir greannmhar

Bainfidh tú sult as na scéalta sa chnuasach nua le Mike Mac Domhnaill, scéalta atá gairid, greannmhar agus éagsúil

Talamh úr á treabhadh ag corrscríbhneoir greannmhar

Agus Anois – Beagáinín Ciúnais
Mike Mac Domhnaill
Foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

Deirtear linn go seanfhoclach gan  leabhar a mheas bunaithe ar a chlúdach. B’fhéidir gur chóir sa chás seo, óir seo chugainn teideal mealltach agus clúdach álainn; scríbhneoireacht ar sceabha agus gléas lonrach uirthi, coróin ghoidte agus fógra rabhaidh dearg i mBéarla greamaithe os a cionn. ‘Tá sé sin difriúil,’ a dúrt liom féin, ‘Léifead é’.

Laistigh, tá fiche éigin ‘corrscríbhinn’ againn, an téarma a thugtar i réamhrá an leabhair ar na píosaí ceapadóireachta ann. Ainmhí ait éigin í an chorrscríbhinn a bhfuil gaol áirithe aici leis an ngearrscéal, leis an splancscéal agus le sruth comhfheasachta idirthéacsúil. An réamhrá féin is mór idir é agus réamhráite eile go leor – is cosúil le dán nó le manaí gairide greannmhara é agus seoltar isteach sa chnuasach sinn agus é ráite go dána bhfuil an gearrscéal marbh agus an chorrscríbhinn chun teacht ina áit.

Feictear téamaí éagsúla agus tagairtí iomadúla sna corrscríbhinní seo, an cóilíneachas, na billiúnaithe teic, an creideamh, cailleacha, cúrsaí teanga, chomh maith le roinnt scéalta atá traidisiúnta go leor ó thaobh ábhair. Cuimhní cinn, nó gearrscéal den seandéanamh is ea ‘Scéalta Scéalta’.

Tá cuid eile acu trialach go maith, áit a mbítear ag spraoi le foirm agus stíl agus a bplúchtar an insint le slaiseanna agus crostagairtí, línte as amhráin, jócanna, tagairtí liteartha, meitea-cheisteanna ar an léitheoir agus tráchtaireacht ar an scríbhneoir(eacht) féin. Tá go leor de na tagairtí te bruite rud a chuireann go mór leis an gcnuasach. Úsáidtear litreacha Iodálacha, réiltíní, mórlitreacha, braicéid chearnacha agus formáidiú na drámaíochta chun sinn a dhealú ó shaol na ngnáthghearrscéalta.

Thaitin an chéad scéal sa chnuasach ‘The Queen She Came to Call on Us’ go mór liom, agus é lán le greann searbh dubh. Ábhar é an coilíneachas a bhfilltear air roinnt uaireanta le linn an chnuasaigh agus is féidir gur leis is fearr a phléitear.

Tá an cnuasach Titlíoch go maith in áiteanna, go háirithe bréagbhluirb bharrúla an chúil.

Baintear an-fheidhm go deo as fite-fuaiteachas agus idirthéacsúlacht bhuile in go leor de na píosaí, ach an féidir go raibh an iomad den ghlór céanna le clos sna scéalta? Feictear (nó cloistear) cineál de léachtóir, seanmóirí nó praeitseálaí agus nithe iomadúla ag cur isteach ar a insint sa chnuasach.

Tá scéalta áirithe suite i suíomh stairiúil ar leith (ba dhóigh leat) ach ní fada go bhfitear gach tagairt dá nuaí isteach san insint agus is é an meascán mearaí manglamúil leathdhoiléir seo is príomhchomhartha sóirt an chnuasaigh. B’fhéidir gur dheas réimse níos leithne de ghlórtha agus de stíleanna a bheith ann.

Bhraith mé ar bhealach gur forógra a bhí san iomlán agus chuir sé sin leis. I dteannta a chéile is fearr a sheasann na scéalta, rud a láidríonn an cnuasach mar aonad. Talamh úr á treabhadh, foirm nua litríochta á giniúint agus rud éigin á rá, cé nach soiléir i gcónaí cad é an rud sin.

Gealladh i roinnt den ábhar bolscaireachta go raibh ‘prós trialach’ chugainn. Sna píosaí is aistí ar fad áfach ní imítear chomh fada sin de chosán na normáltachta. Is oth liom a rá go bhfuil an gearrscéal ina bheathaidh fós. Cén gearrscéalaí nó corrscríbhneoir amuigh ansin a bhainfidh siar ar fad asainn? Ina dhiaidh sin, déantar spraoi leis an nGaeilge ar bhealach suimiúil úr agus tá féith an ghrinn le brath go láidir ar go leor de na píosaí. Bhaineas sult as na scéalta ann. Tá siad gairid, inléite, greannmhar, éagsúil, úr. Sáigh id phóca é agus bí ag léamh leat.

Fág freagra ar 'Talamh úr á treabhadh ag corrscríbhneoir greannmhar'