Margadh faoi bhunú rialtas nua déanta ag Fianna Fáil agus Fine Gael le neamhspleáigh

Tuairiscítear go bhfaighidh an grúpa neamhspleách dhá mhóraireacht stáit, a mbeidh suíochán ag bord an rialtais ag dul leo, agus dhá aireacht stáit mar chúiteamh ar a dtacaíocht don chomhrialtas nua

Margadh faoi bhunú rialtas nua déanta ag Fianna Fáil agus Fine Gael le neamhspleáigh

Noel Grealish, Teachta Dála, a bhfuil mór-aireacht stáit á fáil aige

Tá margadh déanta ag Fianna Fáil agus Fine Gael leis an nGrúpa Réigiúnach Neamhspleách maidir le rialtas nua a bhunú. 

Tuairiscítear go bhfaighidh an grúpa neamhspleách dhá mhóraireacht stáit, a mbeidh suíochán ag bord an rialtais ag dul leo, agus dhá aireacht stáit mar chúiteamh ar a dtacaíocht don chomhrialtas nua.  

Tuairiscítear gur ag beirt Teachtaí Dála neamhspleách ón nGaillimh a bheidh an dá mhóraireacht stáit, Noel Grealish a toghadh i nGaillimh Thiar agus Seán Canney a toghadh i nGaillimh Thoir.  

Tuairiscítear gur ag Kevin ‘Boxer’ Moran as Longfort-An Iarmhí agus Marian Harkin as Sligeach-Liatroim a bheidh an dá aireacht stáit. 

Dúirt Barry Heneghan, duine eile den ghrúpa neamhspleách a bheidh ag tacú leis an rialtas, go raibh sé sásta leis an méid a baineadh amach don Ghaeilge sa mhargadh. 

I measc na n-éileamh a luaigh Heneghan, a toghadh i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh, roimhe seo bhí foirgneamh buan do Gaelscoil Reachrann i nDomhnach Míde. Gheall sé chomh maith go mbeadh sé “ag troid” ar son mhuintir na Gaeltachta sa Dáil nua. 

Níl Gaeilge ag aon duine den cheathrar neamhspleách atá luaite leis na haireachtaí stáit agus beidh lucht na teanga ag súil dá réir nach ar aon duine acu a leagfar cúram na Gaeltachta sa chéad rialtas eile. 

Bhí an Grúpa Réigiúnach ag súil le haireacht shinsearach ach níor ghéill Fianna Fáil agus Fine Gael don éileamh áirithe sin. Meastar gur ochtar airí sinsearacha a bheidh ag Fianna Fáil agus go mbeidh seachtar ag Fine Gael.  

Meastar go mbeidh cruinnithe amárach ag páirtithe parlaiminte Fhianna Fáil agus Fhine Gael chun clár nua rialtais a phlé.  

Fág freagra ar 'Margadh faoi bhunú rialtas nua déanta ag Fianna Fáil agus Fine Gael le neamhspleáigh'