Amhras ann faoina bhfuil i ndán do bhille teanga agus gan é foilsithe go fóill

Tá cos curtha i dtaca ag an bhfeasúra cheana féin faoi ghné amháin den bhille nua, is é sin nach bhfuil aon spriocam luaite leis an mórchuspóir ann

Amhras ann faoina bhfuil i ndán do bhille teanga agus gan é foilsithe go fóill

Tá amhras ann faoina bhfuil i ndán don bhille teanga nua agus gan é foilsithe go fóill fiú.

Ghlac an Rialtas inné leis an mbille a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar an acht teanga agus mhaígh an Taoiseach Leo Varadkar go ndéanfadh an reachtaíocht nua “difear mór don Ghaeilge”.

Ach tá cos curtha i dtaca ag an bhfeasúra cheana féin faoi ghné amháin den bhille nua, is é sin nach bhfuil aon spriocam luaite leis an mórchuspóir ann.

Dheimhingh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne inné nach bhfuil aon spriocam luaite sa reachtaíocht maidir leis an moladh ann go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí ina nGaeilgeoirí.

Dúirt Kyne chomh maith nach bhféadfaí a leithéid de sprioc a chur sa reachtaíocht agus chuir sé i leith an fhreasúra nach raibh aon taighde déanta acu i leith an scéil.

Thug sé le fios freisin go raibh roinnt airí sinsearacha i gcoinne an phlean 20% féin a chur sa reachtaíocht agus go raibh an bille chomh láidir is a d’fhéadfadh sé a bheith.

Thug polaiteoirí sinsearacha ón bhfreasúra le fios, áfach, nach bhféadfaí glacadh leis an mbille gan spriocam soiléir a bheith luaite leis an bplean earcaíochta.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív nach n-oibreodh an plean gan spriocam agus nach bhféadfaí glacadh leis an mbille mar atá toisc nach bhfuil a leithéid ann.

Chuir Catherine Connolly, an Teachta Dála neamhspleách atá ina cathaoirleach ar an gcoiste Oireachtais a dhéanfaidh scagadh ar an mbille nua gur “dea-scéal amach is amach” a bhí ann go raibh an bille á fhoilsiú faoi dheireadh, ach dúirt sí nach bhféadfaí glacadh leis mura mbeadh spriocam curtha leis an gcuspóir faoi chúrsaí earcaíochta.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin agus an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Moynihan, beirt bhall eile de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus nOileán, nach mbeadh tacaíocht a bpáirtithe ag an mbille nua mar gheall ar cheist an spriocama.

Fágann seasamh an fhreasúra agus baill  choiste Oireachtais na Gaeilge go bhfuil sé ionann is cinnte go ndéanfar an bille a leasú i dTithe an Oireachtais chun go mbeidh spriocam luaite leis an bplean earcaíochta, leasú a dhealraíonn sé atá curtha as an áireamh ag Aire Stáit na Gaeltachta agus a chomhghleacaithe rialtais.

Meastar go bhfágfadh easaontas dá leithéid idir an rialtas agus an freasúra go gcuirfí moill le haistear an bhille trí Thithe an Oireachtais agus gur ar éigean a bheadh sé achtaithe roimh an olltoghchán atáthar ag súil leis an bhliain seo chugainn.

Mhaígh an Taoiseach inné go ndéanfadh an bille teanga nua “difear mór don Ghaeilge agus do shaol na teanga sa tír seo”.

I ráiteas a chuir Roinn na Gaeltachta amach tráthnóna inné, deimhníodh go luaitear sa reachtaíocht nua cuid de na nithe ba mhó a bhí faoi thrácht agus an bille á phlé, ach ní bheidh a fhios an cathair mar a tuairisc é go dtí go bhfoilseofar amárach é.

Fág freagra ar 'Amhras ann faoina bhfuil i ndán do bhille teanga agus gan é foilsithe go fóill'