‘Déanfaidh an bille teanga difear mór don Ghaeilge’ – an Taoiseach

Ghlac an Rialtas inniu leis an dréachtreachtaíocht nua atá in ainm is an tAcht Teanga a neartú ach Déardaoin a fhoilseofar é

‘Déanfaidh an bille teanga difear mór don Ghaeilge’ – an Taoiseach

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go ndéanfaidh an bille teanga nua ar ghlac an Rialtas inniu leis “difear mór don Ghaeilge agus do shaol na teanga sa tír seo”.

Ghlac an Rialtas inniu leis an dréachtreachtaíocht nua atá in ainm is an tAcht Teanga a neartú agus a bhfuiltear ag fanacht uirthi le breis is seacht mbliana anuas.

I ráiteas a chuir Roinn na Gaeltachta amach tráthnóna, deimhníodh go luaitear sa reachtaíocht nua cuid de na nithe ba mhó a bhí faoi thrácht agus an bille á phlé, ach ní bheidh a fhios an cathair mar a tuairisc é go dtí go bhfoilseofar Déardaoin é.

Deirtear chomh maith sa ráiteas go dtabharfar isteach faoin mbille plean náisiúnta nua chun seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar, cé nach léir go fóill cén stádas faoin dlí a bheidh ag an bplean nua seo.

Ábhar imní do lucht na teanga a bheidh ann nach luaitear sa ráiteas a chuir Roinn na Gaeltachta amach tráthnóna aon sprioc maidir le mórchuspóir an bhille, gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí amach anseo.

Tá ráite ag Conradh na Gaeilge cheana, mar shampla, gur beag fiúntas a bheadh le haon reachtaíocht a thabharfaí isteach mura mbeadh sprioc chinnte leis an bpríomhchuspóir ó thaobh na hearacaíochta.

Níl pobal na Gaeltachta ná aon socrú speisialta dóibh maidir le seirbhísí luaite sa ráiteas a eisíodh tráthnóna ach oiread.

Bhí an moladh i gceannteidil an bhille go leagfaí síos sa dlí go mbeadh Gaeilge ag fostaithe uile an stáit sa Ghaeltacht ar na moltaí is mó ar chuir an Coimisinéir Teanga, Conradh na Gaeilge agus daoine eile fáilte roimhe.

Luaitear chomh maith sa ráiteas roinnt de na moltaí a bhí i gceannteidil an bhille a foilsíodh i mBealtaine 2017.  Deirtear, mar shampla, go dtabharfar córas bunaithe ar chaighdeáin seirbhísí isteach in áit chóras na scéimeanna teanga, an córas faoina leagtar dualgais ó thaobh na Gaeilge ar chomhlachtaí poiblí.

Deirtear chomh maith go mbeidh soláthar sa bhille do chóras teicneolaíochta a chabhróidh le comhlachtaí poiblí ainmneacha Gaeilge a úsáid i gceart.

Dúirt an Taoiseach gur “céim mhór chun cinn” a bheadh i bhfoilsiú Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú).

“Cinnteofar leis an mBille go mbeidh sé ar chumas cainteoirí Gaeilge teagmháil a dhéanamh leis an Rialtas agus teacht a bheith acu ar sheirbhísí trí Ghaeilge ar ardchaighdeán,”  arsa an Taoiseach Leo Varadkar.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go raibh sé “an-sásta” go raibh a mbeannacht tugtha ag an Rialtas don bhille inniu agus go raibh sé ag súil é a chur faoi bhráid Dháil Éireann roimh shaoire na Nollag.

Dúirt sé go raibh Coiste Comhairleach ar Sheirbhísí Gaeilge á bhunú aige le tacú le cur chuige an bhille nua.

“Táim ag súil go mbeidh cur chuige níos fuinniúla mar thoradh ar na bearta seo d’fhonn líon na gcainteoirí Gaeilge san earnáil phoiblí a mhéadú chun seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil do gach aon saoránach,” arsa Seán Kyne.

Fág freagra ar '‘Déanfaidh an bille teanga difear mór don Ghaeilge’ – an Taoiseach'

  • Mac an Mheiriceánaigh

    “ní bheidh a fhios an cathair mar a tuairisc é go dtí go bhfoilseofar Déardaoin é” << an ormsa atá an mearbhall? ní thuigim an mhéid seo :I