Amharclannaíocht lúthchleasaíochta agus tragóid teaghlaigh

Tugann an saothar léanmhar ‘The Iron Claw’ léargas dúinn ar scéal tragóideach theaghlach Von Erich

Amharclannaíocht lúthchleasaíochta agus tragóid teaghlaigh

The Iron Claw
Scríbhneoir/Stiúrthóir:
Sean Durkin
Cliar: Zac Efron, Jeremy Allen White, Harris Dickinson, Holt McCallany, Maura Tierney

Tuigimid ar fad go bhfuil áiféis agus cur i gcéill ag baint leis an iomrascáil phroifisiúnta.

“Amharclannaíocht lúthchleasaíochta,” a baistear air agus n’fheadar an le meas nó drochmheas a dhéantar sin. Ní haon ionadh mar sin nach bhfuil luí ag scéalaithe leis an spórt, is deacair saothar le téagar nó le hardú croí a bhaint as. Eisceacht is ea The Wrestler (2008), scannán corraitheach inar thug Mickey Rourke taispeántas thar na bearta uaidh. Eisceacht eile é The Iron Claw, a dhéanann scéal fíor atá deacair a chreidiúint a reic.

Ach oiread le The Wrestler feidhmíonn an spórt mar chúlra nó mar ardán le cíoradh a dhéanamh ar charachtair chigilteacha, thragóideacha. B’iomrascálaí cumasach é Fritz (McCallany) ina óige ach níor éirigh leis riamh barr na cruaiche a bhaint amach.

Brionglóidí nár comhlíonadh, éagóracha nár cuireadh ina gceart, uaillmhian gan srian agus coimpléasc géarleanúna atá á thiomáint anois. É ag éirí thiar as a chlann mhac leis na brionglóidí a fhíorú. Séard a leanann ná scéal léanmhar ar geall le traigéide Ghréagach é.

Tugtar siar sin chuig Texas 1979 sin ag tús an scannáin mar a bhfuil babhta iomrascála ar siúl. Seisear mac a bhí ag Fritz agus tá duine acu caillte faoin tráth seo; buachaill  beag a cailleadh i dtimpiste. An cúigear eile ag tabhairt faoin bhfáinne duine ar dhuine, agus le chéile. Laistigh de dheich mbliana bheadh ceathrar acu sin básaithe. Gan fágtha sa deireadh ach Kevin (Efron). Go deimhin tá tragóid Von Erich chomh mór sin gurbh éigean, ceal ama, duine de na mic a fhágaint as an scéal. Fiú leis sin táimid ag léimt ó thragóid amháin go tragóid eile; róthapa uaireanta, rud a laghdaíonn cumhacht na n-eachtraí seo.

Duine tíoránach, ródhiongbháilte, neamhthuisceanach é an t-athair. Is trí shúile Kevin a instear an scéal agus nílimid i bhfad isteach sa scéal go dtéann sé chuig an mháthair (Tierney) le himpí uirthi tathant ar an athair gan a bheith róchruaidh ar dhuine de na deartháireacha. Tugann sí an chluas bhodhar dó. Tá an dísle caite.

Ní oireann an spórt do chuid de na mic, d’fhéadfadh conair a eile a bheith tógtha ag cuid acu; ba lúthchleasaí cumasach é Kerry (White) go dtí gur chuir baghcat Mheiriceá ar chluichí Oilimpeacha Mhoscó a chuid brionglóidí go tóin poill. Tá dlúthchairdeas idir na deartháireacha agus cumas iontach ag cuid acu ach tá righne an athar á milleadh agus á gcur ar bhóthar a n-aimhleasa.

I saothair spóirt bíonn an-tábhacht ag baint leis an léiriú a dhéantar ar eachtraí ar pháirc na himeartha, níl aon bhlas le fáil ar na babhtaí seo. Cuma áiféiseach orthu ach b’fhéidir gur d’aon ghnó a deineadh sin. Faoi mar a dúrt ag an tús is í an tragóid teaghlaigh atá i lár an aonaigh anseo. Tugann an chliar ar fad taispeántais bhreátha uathu agus tá cumhacht ar leith i gciúnas Efron.

Fág freagra ar 'Amharclannaíocht lúthchleasaíochta agus tragóid teaghlaigh'