Ambasadóir ceithrechosach Chonamara ar a seanléim tar éis na paindéime

Beidh seónna chapaillíní Chonamara ar ais an samhradh seo tar éis a bheith ar ceal le dhá bhliain de bharr an choróinvíris

Ambasadóir ceithrechosach Chonamara ar a seanléim tar éis na paindéime

Capaillin i gCasla. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

‘Now cracks a noble heart,

Good night sweet Prince,

And flights of angels sing thee to thy rest.’

Ní bheadh aon cheapadh agat go mbeadh foclaíocht de chuid Shakespeare luaite i leabhar bliantúil Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara. Capaillín cruachúiseach an ghleanna agus bharr na gcnoc. Ach tá stádas go hard na spéire ag an gcapaillín dúchasach i gcroíthe na ndaoine i bhfad agus i ngearr

Bean a choinníonn capaillíní Chonamara i lár na tíre seo a scríobh na línte sin sa leabhar bliantúil, An Capaillín. Ag caitheamh i ndiaidh na stalach, ‘Prince of Thieves’, a fuair bás i mí Lúnasa anuraidh a bhí sí. ‘D’imigh go leor de mo chroí in éineacht leis nuair a scar sé linn,’ a deir sí.

Más brónach féin, is deas an mhír í seo i leabhar Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara, ina dtugtar ómós do chapaill a fhaigheann bás ó bhliain go bliain.

Ach ní maoithneachas amháin a bhaineann leis an bhfoilseachán bliantúil seo, cé gur cheart go mbeadh sin ann i gcónaí. Leanann An Capaillín cosán na gcapaillíní ar fud na cruinne, as Sasana go Meiriceá, go dtí an Astráil, an Afraic Theas, Ceanada, Críoch Lochlann agus cuimse críocha eile.

Go deimhin, d’fhéadfaí a rá go bhfuil an capall dúchasach seo ar an ambasadóir is fearr atá ag Conamara ar fud an domhain mhóir anois.

Ar an taobh eile den Atlantach, tá craobh an-láidir de Chumann Lucht Capaillíní Chonamara i Meiriceá. Tá siad ar ais ag eagrú seónna agus imeachtaí eile i mbliana tar éis cruóg an choróinvíris. Bhí ócáid eolais agus oiliúna aci in Hinsdale i New Hampshire an lá cheana agus beidh Seó Capaillíní Chonamara ag an Green Mountain Horse Association i gceantar álainn Woodstock i Stát Vermont i mí Iúil. Anonn linn anois go cósta na Mara Ciúine agus beidh Seó Capaillíní Chonamara acu sa Santa Cruz County Fairgrounds in Watsonville i gCalifornia i ndeireadh mhí Iúil. Níl ansin ach beagán den chlár atá leagtha amach acu ar fud na Stát Aontaithe i mbliana.

Níl díomhaoin atá siad i Sasana i ndiaidh na paindéime ach oiread agus tá riar mór imeachtaí eagraithe acu thall. Bronnafar corn in ómós Pat Lyne, bean a rinne cuimse oibre ar mhaithe leis an gcumann, ag seó cheantar chnoic Chiltern i mbliana. Tugtar Gradam an Mháilligh ag an Seó sin freisin chuile bhliain mar aitheantas do dhuine éigin a bhfuil obair mhór déanta aici/aige ag cur stádas chapaill Chonamara chun cinn.

Deir seanfhocal nach bhfaigheann minic meas ach níl aon easpa measa i gceist anseo. Tá cleachtadh ag cuid mhaith againn a bheith ag dul isteach agus amach doras siopa agus stór Tí Mháille i Ros Muc; bíodh féar nó grán nó rud éigin eile ag teastáil. Is furasta, agus deifir an tsaoil ag cur fuadair faoi do chosa, imeacht thar an bplaic atá crochta ar an mballa. Tugann an phlaic sin ómós do Mhicheál Ó Máille as an gceannródaíocht a bhain lena chuid oibre ag slánú agus ag neartú mianach chapaillíní Chonamara. Ba é Micheál athair mór fhear an tí i ngnó na Máilleach anois – sin é Tomás Ó Máille agus a dheirfiúr Máire atá ansin leis.

Is dual dóibh uilig go dtabharfaí aitheantas ar leith don Ghaeltacht agus do Mhicheál Ó Máille ach a mbeifear ag ceiliúradh 100 bliain d’obair Chumann Lucht Capaillíní Chonamara an chéad bhliain eile.

Ceaptar nach raibh Micheál Ó Máille sásta le cuid d’obair na ndaoine a tháinig ina dhiaidh sa gcumann, agus is beag eagraíocht sa saol nach mbíonn éagsúlacht tuairimí ag baint léi. Go deimhin, is mar sin atá an saol fós.

Bhí Tomás Mac Lochlainn as Maigh Cuilinn – iarUachtarán ar Chumann Lucht Capailliní Chonamara – ag labhairt ag Féile Joe Éinniú i gCarna le gairid. Níl Tomás sásta le cuid den treo ina bhfuil Cumann Lucht Capaillíní Chonamara ag dul. Tá, a deir Tomás, an capaillín ag éirí rómhór. Mura stoptar an claonadh sin, ní bheidh capaillín Chonamara dílis do ghinealas agus do thréithe an mhianaigh.

Ceist í atá á tarraingt anuas níos minice le tamall blianta.

Is dóigh gur de bharr póraithe ar bhonn eolaíochta, beatha mhaith, aríst ar bhonn eolaíochta, agus aire mhaith ag éirí aníos dóibh, atá na capaillíní ag méadú. Tá cuid acu ag dul thar 15 lámh anois; 13 lámh agus beagán leis a bhíodh ina theorainn airde acu san aimsir a caitheadh. (Is ionann lámh i dtéarmaí capaillíní agus 4 horlaí – leithead lámh fir).

Tá údar gnó agus eacnamaíochta lena cheist freisin, a deir Tomás Mac Lochlainn. “Má choinníonn na capaillíní ag méadú ní bheidh siad cóiriúil do mharcaigh óga.”

Ceist eile a bheidh le láimhsiú ag Cumann Lucht Capaillíní Chonamara. Meas tú céard a déarfadh Micheál Ó Máille? Ní bheidh a fhios againn é sin go brách ach ní théann 100 bliain thart gan líon na gceisteanna a bheith níos líonmhaire ná líon na bhfreagraí.

Idir an dá linn, tá ambasadóir ceithrechosach Chonamara ag treabhadh leis sa saol mór agus ag cur cáil an cheantair, as ar fáisceadh a mhianach, i dtreo na spéartha i gcónaí. Ach sa deireadh thiar thall, is ainmhí ciúin agus cineálta é capaillín Chonamara a chothaíonn ceangal croí leo siúd ar leis é. Níl na focail againne a thabharfadh onóir cheart do chapaillíní Chonamara; bhí ag Shakespeare.

Fág freagra ar 'Ambasadóir ceithrechosach Chonamara ar a seanléim tar éis na paindéime'