Alex Hijmans ag léamh sleachta óna shaothar nua i nGaillimh anocht

Léifidh an t-údar sleachta as a leabhar nua agus scéalta eile i gCathair na dTreabh Dé Céadaoin 20 Bealtaine

Alex Hijmans
Alex Hijmans

Beidh an t-údar agus an t-iriseoir Alex Hijmans, comhfhreagraí rialta le Tuairisc.ie, ag léamh sleachta óna shaothar nua An Tearmann agus scéalta eile leis i gClub Áras na nGael ar Shráid Doiminic i nGaillimh Dé Céadaoin ag 7 a chlog.

Cuirfidh Cois Life agus Club Áras na nGael fáilte roimh chách ag an ócáid. Foilseofar An Tearmann in earrach na bliana 2016. Seo é an ceathrú leabhar Gaeilge ó pheann an Ollanaigh; tá leabhair leis foilisithe ag Cois Life cheana faoin saol sa Bhrasaíl, áit a bhfuil cónaí air anois.

Pléann An Tearmann scéal Eoin, Éireannach óg a thaistil chun na Brasaíle ar scoláireacht taighde atá ag iarraidh an t-aighneas idir bundúchasaigh na tíre agus na feirmeoirí atá ag treabhadh na talún dúchais a réiteach.