‘Aithním an chanúint. An as Iarthar na hÉireann sibh?’

Agus í ar cuairt ar Learpholl fuair ár gcolúnaí blaiseadh de stair na hÉireann agus stair na loingseoireachta

‘Aithním an chanúint. An as Iarthar na hÉireann sibh?’

Cuireadh fainic orainn gan dul isteach i Halla an Bhaile Mhóir i Learpholl mura raibh ticéad againn. Ach bhíomar faoi bhrú ama agus muid ag dul abhaile an tráthnóna céanna.

‘Triailfimid céim nó dhó a thógáil isteach sa Halla,’ a mhol mo chara. ‘Déarfaimid nach bhfuilimid ag iarraidh dul níos faide.’

Tháinig fear chomh fada linn ar an bpointe. Bhí cuma sórt oifigiúil air. ‘Cé as sibhse?’ d’fhiafraigh sé.

Ansin. ‘Aithním an chanúint. An as Iarthar na hÉireann sibh?’

Bhí sé ag coinneáil súil ar an halla fad is a bhí an treoraí oifigiúil imithe le dream eile ar thuras timpeall an tí. Dúirt sé ar an bpointe go ligfeadh sé isteach muid agus go n-inseodh sé dúinn faoin Halla ársa.

‘Nach as Acaill mo mhuintir!’ arsa seisean. ‘Is duine de mhuintir Scally mé agus bím ar cuairt ann go minic.’

Chuir sé na múrtha fáilte romhainn agus thaispeáin sé na hiontais ar fad dúinn – an staighre agus an cruinneachán gloine os a chionn, an t-urlár leis na tíleanna Minton, an teallach mór adhmaid, na múrphictiúir chomh maith leis an mbailiúchán luachmhar earraí airgid.

Bhí an tréith chéanna sa bhfear seo agus a thugamar faoi deara i ngach éinne a casadh orainn i Learpholl – daoine thar a bheith cairdiúil agus oscailte iad ar fad.

Foirgneamh mór suntasach é Halla an Bhaile Mhóir. Tá an chathair lán le foirgnimh mar é. Ach caithfidh an turasóir seasamh siar ar an tsráid agus breathnú suas orthu le radharc a fháil i gceart orthu. Gach ceann acu difriúil ón gcéad cheann eile – túr anseo, balcóin ansiúd, cruinneachán ar bharr cuid acu, ornáidíocht sa chloch nó sa phlástar ar chuid eile.

Ní thabharfá faoi deara iad ar an gcéad amharc toisc go bhfuil siopaí agus gnóthaí éagsúla lonnaithe ar leibhéal na sráide agus níl go leor acu sin thar mholadh beirte. Tá fianaise fós ann go raibh lagtrá eacnamaíochta sa gcathair roinnt blianta ó shin nach bhfuil deireadh iomlán leis fós.

Ach bhí Learpholl ar cheann de chathracha móra Impireacht na Breataine tráth. Is ón ré sin a tháinig na foirgnimh mhóra mhaorga – ainmneacha na dteaghlach a bhunaigh na gnóthaí móra fós le feiceáil greanta ar a mbarr, cé go mb’fhéidir gur gnó árachais nó bloc árasán atá anois ann.

Ní stair é sin a mbeadh gach duine an-sásta leis anois toisc an bhaint a bhí ag Learpholl le ré na sclábhaíochta. Ar a laghad tugtar aitheantas dó sin i Músaem na Sclábhaíochta, atá suite ag an seanduga, in aice le roinnt mhaith músaem agus dánlanna eile.

Tá an t-ainm ‘Cunard’ fós le feiceáil ar cheann de na foirginimh stairiúla gar do na duganna. Bhí tráth ann agus bhí Cunard ar ceann de na comhlachtaí loingseoireachta ba mhó sa mBreatain. Bhíodh sé ina chomórtas idir é agus an comhlacht mór eile, an White Star Line, cé aige an raibh an long thrasAtlantach ab fhearr.

Bhí na longa ba mhó cáil ag an dá chomhlacht sin ach b’acusan a bhí na longa ba mhó droch-cháil freisin.

Déantar comóradh ar na longa móra sin sa Mhúsaem Loingseoireachta. Ba é an comhlacht Cunard a thóg an long an RMS Lusitania i 1906. De bharr go raibh an ‘White Star Line’ ceannaithe ag comhlacht Meiriceánach, bhí Rialtas na Breataine ag iarraidh a chinntiú nach bhfaigheadh na Meiriceánaigh an ceann is fearr orthu ó thaobh luais ar an Atlantach. Mar sin, thugadar cúnamh airgid do Cunard agus coimisiúnaíodh an ‘RMS Lusitania’.

Ar an 7 Bealtaine 1915 i lár an Chéad Chogaidh Dhomhanda, scaoil U-long Ghearmánach leis an Lusitania agus bádh í. Fuair 1,197 duine bás sa tubaiste. Amach ó chósta Chorcaí a bhí sí ag an am agus tháinig go leor iarsmaí i dtír ansin ina dhiaidh sin. I measc na rudaí truamhéalacha atá ar taispeáint sa Mhúsaem, tá cuid de sheaicéad sábhála agus crios sábhála agus an t-ainm ‘Lusitania’ orthu.

D’iarr úinéir an ‘White Star Line’ ar Harland & Wolff i mBéal Feirste long mhór ghalánta, ghasta a thógáil sa mbliain 1908-  b’in í an RMS Titanic. Ar a céad turas, d’fhág sí Béal Feirste agus bhí sí le dul isteach go calafort Learphoill ach chuaigh sí caol díreach go Southampton agus as sin go Cóbh, Contae Chorcaí.

Ar an 15 Aibreán, 1912, amach san Atlantach bhuail sí oighear agus cé go raibh sí ar an long ba nua-aimseartha fós a tógadh leis an turas trasAtlantach a dhéanamh, níor thóg sé ach dhá uair go leith uirthi dul go tóin poill.

Ar liosta an 1,496 duine a bhásaigh, tá roinnt mhaith ainmneacha Éireannacha ach ar ndóigh ba sa lóistín tríú grád a bhíodar sin.

Tugtar an-aitheantas do Bruce Ismay, Cathaoirleach agus Stiúrthóir Bainistíochta an White Star Line, sa taispeántas i Learpholl. Ach níl tagairt ar bith sa mhúsaem do Chonamara, do Lodge Chasla, ná don tréimhse a chaith Bruce Ismay ansin i ndiaidh bhá an Titanic.

Agus ar ndóigh, chuaigh sé ar an gcéad turas mí-ámharach sin agus é an-bhródúil as an long nua ghasta. Mar atá a fhios ag gach éinne, d’éirigh leis teacht slán. I ndiaidh na tragóide, cheannaigh sé Teach Chasla i gConamara agus chaitheadh sé an samhradh ann ag iascach agus ag baint taitneamh as an gceantar. Is cosúil gur úinéir maith agus duine féaráilte, cineálta a bhí ann a thug fostaíocht do mhuintir na háite.

Faoin am ar thug mise cuairt ar an teach cúpla bliain ó sin, bhí gach rian de ré Bruce Ismay imithe as. Bhí ceant ar siúl agus na húinéirí ag imeacht as. Ach ní fhéadfadh duine dearmad a dhéanamh, ag siúl thart ar an teach, ar na cuimhní damanta a chaithfeadh a bheith ag Bruce Ismay an chuid eile dá shaol. Fuair sé bás i 1937 i Londain.

Bhí cuimhne nach mbeifeá ag súil léi ag fear Halla an Bhaile. ‘An bhfeiceann sibh an staighre sin?’ a d’fhiafraigh sé dínn. Staighre álainn ag dul suas ón halla, timpeall coirnéil agus cruinneachán gloine os a chionn.

‘Bhaineadar úsáid as an staighre sin agus an scannán ‘Titanic’ á dhéanamh sa mbliain 1997,’ a dúirt sé. Ar ndóigh bhí sé cosúil leis an mbunstaighre ón long, ar go leor bealaí.

‘Cad a bhíonn ar siúl agat féin?’ a d’fhiafraigh muid sular fhág muid. ‘Ó is mise tiománaí an Ard-Mhéara,’ a dúirt sé. ‘Téim chuig na hócáidí ar fad in éindí leis.’

‘Feiceann tú go leor rudaí suimiúla,’ a dúirt mé féin.

‘Muise, ní fheicim,’ ar sé. ‘Bíonn ormsa fanacht  taobh amuigh. Ach b’fhéidir go bhfeicfinn sibhse in Acaill lá éin?’

Fág freagra ar '‘Aithním an chanúint. An as Iarthar na hÉireann sibh?’'