Tá an ceathrú heastát faoi ionsaí – tá práinn le saoirse iriseoireachta

Chomh maith leis an spíodóireacht abhus tá cinsireacht á cur i bhfeidhm i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus iriseoirí á marú in Gaza

Tá an ceathrú heastát faoi ionsaí – tá práinn le saoirse iriseoireachta

MI5 ag spíodóireacht ar iriseoir. Bhain an admháil ó sheirbhís rúnda na Breataine go ndearna sí iniúchadh go mídhleathach ar ghuthán an iriseora Vincent Kearney stad as an bpobal. Sé Kearney eagarthóir RTÉ i dTuaisceart Éireann anois ach baineann admháil MI5 le tréimhse nuair a bhí sé ina chomhfhreagraí san BBC i mBéal Feirste. Rinneadh an spíodóireacht, a deir siad, in 2006 agus in 2009. Ní fios go fóill an ar an dá ócáid sin amháin a rinneadar an faireachas, ach admhaíodh freisin gur roinneadh an fhaisnéis leis an Met – póilíní Londan –  agus leis an PSNI. Tá imní ar mhórán go raibh an spíodóireacht ar iriseoirí forleathan.

Tháinig admháil MI5 de bharr eolais a fuair binse i Londain atá ag scrúdú chás na n-iriseoirí Barry McCaffrey agus Trevor Birney maidir le brathadóireacht a rinneadh orthu go mídhleathach i dtaca lena scannán faoi shléacht Loch an Oileáin, No Stone Unturned. Tá an tuairisc ó fhiosrú faoi spíodóireacht an PSNI ar iriseoirí le foilsiú go luath. Sárú ar chearta daonna na n-iriseoirí is ea spíodóireacht na seirbhísí slándála ach tá ciallachais thromchúiseacha aici don iriseoireacht go ginearálta.

Tá an ceathrú heastát i gcontúirt i gcian agus i gcóngar. Chomh maith leis an spíodóireacht abhus chímid cinsireacht á cur i bhfeidhm i Stáit Aontaithe Mheiriceá ach saoirse cainte á héileamh d’fhoinsí atá spárálach leis an bhfírinne. Agus i measc na mílte atá maraithe ag Iosrael in Gaza, tá na céadta iriseoirí, an líon is mó in aon chogadh.

Seans go gceapfá gur áibhéil é brathadóireacht na seirbhísí slándála i dTuaisceart Éireann ar na meáin a chur i gcosúlacht leis an ár sa Mheánoirthear nó fiú le claonadh an réimis reatha in Washington lucht a cháinte a chur ina dtost, ach tá ceangal eatarthu. Tá an aidhm chéanna acu – fíricí a fholú, an bonn a bhaint d’iriseoireacht iniúchta, cuntasacht a sheachaint agus cumhacht a choinneáil ag grúpa beag. Is gnéithe éagsúla iad de lagú an daonlathais, eolas faoi fheidhmiú stáit a cheilt ar shaoránaigh.

Seans freisin go gceapfar gur iriseoirí ag tochras ar a gceirtlín féin atá ag tabhairt foláirimh faoin gcontúirt a bhaineann leis na hiarrachtaí chun srian a chur ar shaoirse iriseoireachta nó í a chealú ar fad. Tráth a bhfuil an uile chineál bréag á scaipeadh ar mheáin shóisialta, tá sé an-deacair breithiúnas a dhéanamh faoi inchreidteacht scéil. San atmaisféar sin is tábhachtaí ná ariamh é go mbeifí in ann muinín a chur sna meáin ‘thraidisiúnta’, mar a thugtar anois ar pháipéir nuachta, raidió agus teilifís.

Feidhmíonn siad sin faoi rialacha a thuigeann daoine.

Nílim ag rá nach sáraítear na rialacha ach má dhéantar tá rochtain ar cheartú nó ar na cúirteanna. I bhfocail eile caitheann iriseoirí gairmiúla a bheith freagrach as a gcuid oibre. Chun an obair sin a dhéanamh i gceart ní mór dóibh a bheith in ann ábhar a bhailiú ó fhoinsí difriúla. Nuair is foinsí rúnda iad sin sé dualgas an iriseora a chinntiú nach nochtfar cé hiad na foinsí sin. Ní geallúint neafaiseach í aithne na foinse a cheilt ach oibleagáid, fiú má chuirtear an dlí ar an iriseoir.

Forais phoiblí a bhí á n-iniúchadh ag na hiriseoirí ar deineadh spíodóireacht orthu abhus. Ba í aidhm na brathadóireachta na foinsí a aithint – go mídhleathach agus iarracht a dhéanamh a chinntiú go gceilfí eolas ar an bpobal. Coir ab ea an bhrathadóireacht, níor choir í an iriseoireacht. Tráth a bhfuil an daonlathas leochaileach fiú i dtíortha a mhaíodh gurb iadsan a chrann taca ní mór féachaint chuige nach ligtear do na póilíní ná na ‘púcaí’ é a chreimeadh a thuilleadh abhus. Tá práinn le saoirse iriseoireachta.

Fág freagra ar 'Tá an ceathrú heastát faoi ionsaí – tá práinn le saoirse iriseoireachta'