Áit ar bith le dul i bhfolach ann agus ceol na fuinseoige i bPáirc an Chrócaigh

Is beag a bheidh idir Cill Chainnigh agus Corcaigh sna babhtaí ceathrú ceannais ach tiocfaidh deireadh le gaiscí Laoise

Áit ar bith le dul i bhfolach ann agus ceol na fuinseoige i bPáirc an Chrócaigh

Michael Cody (Cill Chainnigh) agus Shane Kingston (Corcaigh). Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan

Níl áit ar bith le dul i bhfolach ann anois agus an chraobh iomána ag teannadh le ceann scríbe. Tá ceol fós le cloisteáil i Sráid na Cathrach ag Féile Willie Clancy, ach beidh ceol de shórt eile i gceanncheathrú CLG amárach agus na cluichí ceathrú ceannais iomána ar siúl.

Bhí chuid maith ar na meáin éagsúla faoin móiminteam a bhí faoi churaidh na hÉireann sa bhabhta seo anuraidh nuair a tháinig siad ón tríú háit i gcomórtas na Mumhan chun Cill Chainnigh a chloí.

An t-aistear céanna a bhí roimh an gClár nuair a bhuaigh siadsan Corn Mhic Cárthaigh in 2013.

Bhuel tá Corcaigh agus Laois, sea Laois, ag teacht ón áit chéanna i mbliana agus an móiminteam sin acu. Feicfimid an leor é an deireadh seachtaine seo.

Tá foireann seo Chorcaí ar an mbóthar le cúpla bliain anois agus dul chun cinn déanta acu. Tá dhá chraobh na Mumhan sa mhála acu ach tá níos mó ag teastáil óna leantóirí anois. Ní mar a chéile a imríonn siad ó chluiche go cluiche, tá easpa ceannairí orthu agus níl an instinn mharfach sin acu atá ag foirne eile.  Ach tá siad ar an mbóthar fós agus lucht leanúna ollmhór in éineacht leo. Is deacair aon léamh a dhéanamh ar an taispeántas a thugadar seachtain ó shin i gcoinne na hIarmhí. Ach is mór an scór é 1-40, cé gur ghéilleadar scór cúilín. Pé rud faoi, bua maith a bhí ann agus ba mhór an chabhair an cluiche sin agus leathshúil acu ar choimhlint an lae amárach

Tá sé deacair go leor léamh a dhéanamh ar an gcluiche seo, ach tá a fhios againn gurb iad Cill Chainnigh atá i gceist. 

Ní raibh ach cúl idir na Cait agus Loch Garman coicís ó shin agus cé nach bhfuil foireann Brian Cody ar fheabhas i mbliana beidh sé deacair iad a bhualadh mar sin féin.

Ach níl foireann shocair acu agus tá easpa leanúnachais ag cur isteach orthu. Ar a shon sin uile, tá TJ Reid, Adrian Mullen agus Colin Fennelly acu agus is tosaithe den scoth iadsan ar féidir leo scrios a dhéanamh mura gcoimeádtar súil ghéar orthu.

Nílim cinnte in aon chor cé a bhuafaidh an ceann seo. Dar ndóigh, ba mhaith liom go mbeadh an lá ag Corcaigh! 

Déarfainn go raibh gá le binse fiosrúcháin i dTiobraid Árann i ndiaidh an lagthaispeántais a thug siad i gcluiche ceannais na Mumhan coicís ó shin. Mar a deir an seanrá, bíodh an bua agat nó bíodh rud éigin foghlamtha agat, agus tá mórán le foghlaim ag Tiobraid Árann ón lagiarracht a chuireadar isteach, go háirithe sa dara leath. Cinnte is laige an t-aonad tosaithe gan Bonner Maher agus bhraith siad uathu Cathal Barrett chomh maith. Cé go ndearna Brendan Maher jab an-mhaith ar Aaron Gillane, ba laige an líne leathchúil dá uireasa.

Maidir le tosaithe na dTiobraid Árannach bhí siad an-mhaith sna cluichí craoibhe roimhe sin ach cuma lagmheasartha a bhí orthu nuair a chinntigh Luimneach nach raibh oiread céanna spáis, ama nó seilbhe acu.

Dúramar coicís ó shin faoi bhua Loch Garman i gCúige Laighean gurbh é bua na bliana go dtí sin é. Bhuel níor fágadh an stádas sin aige rófhada mar thug Laois taispeántas iontach uathu chun deireadh a chur le séasúr Átha Cliath.

Tá ardmholadh ag dul do na himreoirí agus an bhainistíocht faoi stiúir Eddie Brennan. Bhí díocas oibre i bhfad níos mó ar Laois ná mar a bhí ar a bhfreasúra agus bhuaigh an fhoireann ab fhearr an lá sin.

Tabharfaidh an bua sin an-mhuinín do Laois ach is deacair d’imreoirí amaitéaracha cluiche craoibhe a imirt trí sheachtain i ndiaidh a chéile gan géilleadh don tuirse.

Fuaireadar an tús a bhí ag teastáil uathu seachtain ó shin le cúl Aaron Dunphy agus tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuireann siad tús maith leis an gcluiche amárach. Fiú má dhéanann siad sin, áfach, ní dóigh liom go bhfuil mórán seans acu an bua a fháil. Tá éacht déanta go dtí seo acu, ach tiocfaidh deireadh lena séasúr éachtach amárach.   

Fág freagra ar 'Áit ar bith le dul i bhfolach ann agus ceol na fuinseoige i bPáirc an Chrócaigh'