Cuirfear ar ceant an tseachtain seo leabhar uathúil leis an mórfhile dátheangach Michael Hartnett – a aistriúchán ar Seanfhocail na Mumhan le Pádraig Ó Siochfhradha, nó An Seabhac.
Tháinig an scéala go raibh saothar iomráiteach an tSeabhaic aistrithe ag Michael Hartnett aniar aduaidh ar shaineolaithe ar a shaothar.
De réir an eolais atá tugtha ag na ceantálaithe, Purcell Auctioneers, faoin leabhar, coimisiúnaíodh go speisialta é mar bhronntanas do dhuine eile de shliocht Shiochfhradha, Martin Shugrue, Meiriceánach a bhí ina cheann feadhna ar an aerlíne Pan Am nó gur bhásaigh sé in 1999.
Is cosúil gur bronnadh an leabhar ar Shugrue nuair a thug sé aitheasc ag comhdháil náisiúnta margaíochta a reáchtáladh in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann in 1986.
Tá nótaí curtha ag Hartnett leis na seanfhocail a roghnaigh sé le haistriú i Seanfhocail na Mumhan (Old Sayings of Munster) agus tá míniú aige sa leabhar chomh maith ar a rogha.
“Tá scata beag den 2,607 mír i leabhar an tSeabhaic roghnaithe agus aistrithe agam thuas, ach níl aon deisbhéalaí ag baint leis na cinn go léir a d’fhágas ar lár ná níl siad chomh Gaelach sin.”
Dúirt an Dr Róisín Ní Ghairbhí ó Choláiste Mhuire gan Smál, saineolaí ar Michael Hartnett gur tháinig aimsiú Seanfhocail na Mumhan (Old Sayings of Munster) aniar aduaidh uirthi.
“Níorbh eol dom go raibh a leithéid ann. Leabhar ríshuimiúil é seo – is álainn an cleamhnas é an Seabhac agus an Hairtnéideach.
“Ar shlí eile, deineann sé ciall. D’aithin mé, mar shampla, rian na dtréannna, atá ana-láidir i seanfhocail na Mumhan, ar shaothar Hartnett, sa dán Gaeilge leis ‘An tSochraid Mheidhreach’, mar shampla.
“Chaith Hartnett tréimhsí móra fada i mbun dianstaidéir ar litríocht na Gaeilge agus an tAthair Pádraig Ó Fiannachta mar mheantóir aige. Ní chuirfeadh sé iontas orm dá mbeadh plé déanta ag an mbeirt acu ar shaothar an tSeabhaic.”
Dúirt Ní Ghairbhí gur bhain “ardú croí” leis an scéala gur mar choimisiún a d’aistrigh an file as iarthar Luimnigh saothar an tSeabhaic.
“Tá sé mar a bheadh ról patrúin i gceist, mar a bhí i gcás na bhfilí Gaelacha ón tseanré a bhí ina laochra ag Michael Hartnett.”
Dúirt Róisín Ní Ghairbhí go raibh súil aici go gceannófaí Seanfhocail na Mumhan (Old Sayings of Munster) chun é a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil spéis acu i saothar Hartnett, an tSeabhaic agus litríocht na Gaeilge.
Tá dóchas ag na ceantálaithe, Purcell Auctioneers, go mbainfidh Seanfhocail na Mumhan (Old Sayings of Munster) idir €600 agus €1200 amach ach a gcuirfear ar ceant é. Tá sé á dhíol mar chuid de cheant dhá lá ag a ndíolfar ábhar ó bhailiúchán Tommy Smith, nach maireann, a bhí ina úinéir ar Theach Tábhairne cáiliúil Grogan’s i mBaile Átha Cliath.
Fág freagra ar 'Aistriúchán Michael Hartnett ar sheanfhocail an tSeabhaic le díol ar ceant'