Aistriúchán agus ateangaireacht san AE – dul chun cinn agus moilleadóireacht

Tugadh le fios ag cruinniú rialtais i nGaeltacht Dhún na nGall inné go bhfuiltear ‘ar an sprioc’ maidir le deireadh a chur le maolú stádas na Gaeilge san AE. Is í fírinne an scéil go bhfuil dul chun cinn agus moilleadóireacht araon i gceist le cás na teanga san Eoraip

Aistriúchán agus ateangaireacht san AE – dul chun cinn agus moilleadóireacht

Maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, tá maolú i gceist a bhfuil cinneadh soiléir déanta ina leith go dtiocfaidh deireadh leis ag deireadh na bliana 2021. Baineann an maolú seo le haistriú na reachtaíochta, agus socraíodh go gcuirfí de réir a chéile leis an méid a chaithfí a aistriú go Gaeilge ó 2017 ar aghaidh, ionas go mbeadh seirbhís iomlán trí mheán na Gaeilge ar fáil, agus an Ghaeilge ar comhchéim leis na teangacha eile, ón gcéad lá d’Eanáir 2022.

Titeann na dualgais seo go háirithe ar na príomh-institiúidí lárnacha – An Chomhairle, an Coimisiún, agus an Pharlaimint.

Tháinig dualgais bhreise i gceist don Chomhairle agus don Pharlaimint ag tús 2017 agus arís ag tús 2018. Tá an cur i bhfeidhm ar siúl de réir dlí, céim ar chéim, agus ní raibh aon deacracht ag na hinstitiúidí seo cloí leis an dlí agus na haistriúcháin chuí a chur ar fáil.

Níl aon deacracht ar leith ag an gCoimisiún ach an oiread coinneáil suas leis an ualach aistrithe i dtreo na Gaeilge atá orthu. Dá dteipfeadh ar an gcóras i gcás aon teanga, an Ghaeilge san áireamh, chuirfí isteach go mór ar an gcóras reachtaíochta agus bheadh éigeandáil feidhmiúcháin ann.

Reáchtáladh comórtas earcaíochta d’aistritheoirí le Gaeilge thar 2018/19, agus cé nár sroicheadh an líon ard iarrthóirí a bhí á lorg don phainéal óna gceapfadh na hinstitiúidí aistritheoirí, d’éirigh níos fearr leis an gcomórtas i gcomparáid leis na comórtais a ritheadh roimhe seo.

San iomlán, ainmníodh 15 de na hiarrthóirí ar an bpainéal, agus tá postanna buana á dtabhairt dóibh de réir a chéile ag na hinstitiúidí. Is faoi na hinstitiúidí atá sé daoine a cheapadh de réir a gcuid riachtanas.

Is féidir leis an bParlaimint a rialacha nós imeachta féin a leagan síos, fad is go gcuireann sí an reachtaíocht i bhfeidhm, na rialacha maidir leis an maolú ginearálta san áireamh. Cruthaíonn sé seo mearbhall sna meáin ó am go chéile. I measc rialacha na Parlaiminte, tá rialacha a bhaineann le hateangaireacht agus le haistriúchán a dhéanamh ar dhoiciméid ullmhúcháin.

Faigheann an Pharlaimint cead ón bParlaimint, is é sin, ó na Feisirí, chun maolú inmheánach a chur i bhfeidhm ar a rialacha féin maidir le hateangaireacht agus le doiciméid áirithe ullmhúcháin – nithe nach dtagann faoin maolú ginearálta atá i bhfeidhm agus a bhfuil deireadh á chur leis de réir a chéile.

I mí Márta na bliana seo, rinne an Pharlaimint athnuachan ar mhaolú inmheánach a bhí i bhfeidhm le blianta fada. Níorbh aon rud nua é seo. Sea, bhain sé leis an nGaeilge. Ach an rud nach ndeirtear go minic sna meáin in Éirinn ná go mbaineann sé le teangacha eile freisin.

An socrú a rinne an Pharlaimint i mbliana ná nach gcuirfí seirbhís ateangaireachta iomlán ar fáil sa chéad Pharlaimint eile, an ceann nua atá anois ann, i gcás na Cróitise, na Gaeilge, agus na Máltaise, agus tugadh mar leithscéal nach raibh dóthain ateangairí comhdhála oilte ar fáil do na teangacha sin.

Déantar ateangaireacht ar óráidí sna teangacha sin ag na cruinnithe iomlánacha, agus ag cruinnithe áirithe eile nuair a iarrtar é. Maidir le haistriúchán, baineann maolú inmheánach na Parlaiminte le doiciméid ullmhúcháin seachas leis na doiciméid a chaithfidh siad a aistriú go Gaeilge de réir dlí.

Bhí drogall áirithe ar an bParlaimint roimhe seo daoine a bhí ar fáil ar an bpainéal a earcú, d’fhonn a buiséad a chaomhnú, agus tá an dealramh ar an scéal go bhfuil an drogall sin fós uirthi. Seachas daoine a tharraingt ó aistriú na ndoiciméad ullmhúcháin chun go bhfreastalóidís ar na riachtanais nua Ghaeilge, ba chóir go mbeadh an Pharlaimint anois ag ceapadh daoine ón bpainéal i bpostanna nua buana.

Sin mar a chaitheann sí le formhór na dteangacha eile. Agus níl aon leithscéal ag an bParlaimint gan ateangairí comhdhála oilte creidiúnaithe le Gaeilge atá ar fáil a cheapadh i bpostanna buana.

Maidir le hathnuachan na rialacha a thug an Pharlaimint i bhfeidhm níos túisce i mbliana, is cóir an méid seo a rá. Braitheann cosaint na Gaeilge sa Pharlaimint ar na Feisirí Parlaiminte.

Tháinig an cinneadh maidir le síneadh ama a chur leis an riail a choinnigh maolú inmheánach i bhfeidhm i leith na hateangaireachta i gcás na Cróitise, na Gaeilge, agus na Máltaise, agus maolú i leith aistriúchán go Gaeilge, os comhair na Parlaiminte ar an 12 Márta 2019. Cruinniú iomlánach den Pharlaimint a bhí ann, agus cead ag gach Feisire labhairt ar son nó in aghaidh an rúin, in aon cheann de na teangacha oifigiúla, roimh an vótáil.

An t-aon Fheisire a labhair roimh an vótáil ná Ruža Tomašić, FPE, ón gCróit. Bhí an méid seo a leanas le rá aici ina hóráid (i gCróitis):

Ciallaíonn síneadh ama i gcás Alt 159 go gcuirfear ar athlá cur i bhfeidhm na Cróitise, na Gaeilge, agus na Máltaise, leis an míniú nach mbeidh na hacmhainní ann chun seirbhís iomlán aistriúcháin a chur ar fáil fiú ag tús an chéad téarma Parlaiminteach eile. Mar sin, cé mhéad céadta bliain a bheidh ag teastáil chun na hacmhainní sin a dheimhniú?

Mar fhreagra (i mBéarla), dúirt Mairead McGuinness, FPE, a bhí sa chathaoir mar Uachtarán:

Buíochas leat as do phointe, Ms Tomaševski. Is dóigh liom go bhfuarthas cuid mhór comhairle ar an ábhar seo.

Níor labhair aon Fheisire ó Éirinn ar son ná in aghaidh an rúin. Bhí siad i láthair ag an gcruinniú iomlánach de réir an tinrimh. Glacadh leis an rún le móramh simplí. Níor iarr aon Fheisire go ndéanfaí vótáil fhoirmiúil.

Tuairiscíodh le déanaí go ndúirt Mairead McGuinness, FPE agus Leas-Uachtarán de chuid na Parlaiminte, go raibh seirbhís reatha na Parlaiminte i dtaca le hateangaireacht comhionann leis an tseirbhís atá ar fáil i dTithe an Oireachtais. Tá, beagnach. Ach ní hí sin an tslat tomhais a úsáidtear nuair a bhíonn institiúidí an Aontais á measúnú.

Ní comparáid le cúrsaí sa bhaile sna Ballstáit éagsúla a dhéantar. Is iad na critéir lena meastar an bhfuil dea-riarachán nó drochriarachán ar siúl ag an bParlaimint ná dlí an Aontais Eorpaigh agus a bhunphrionsabail, ina measc comhionannas na dteangacha oifigiúla.

Maidir leis an maolú ginearálta, is dóigh liom féin go mbeifear in ann líon dóthanach aistritheoirí a earcú sa tréimhse suas go dtí 2022. Ach is dóigh liom freisin go mba chóir moltaí a rinne mé ó chianaibh a chur i bhfeidhm san oiliúint atá á maoiniú ag an Stát – is é sin go mbeadh dualgas ar na soláthraithe socruithe foirmiúla a dhéanamh le Ranna Teangacha eile chun go mbeadh oiliúint sa tríú teanga ar fáil, agus dualgas ar na hiarrthóirí freastal ar na cúrsaí seo chun a dheimhniú go mbeadh cumas sách ard acu sa tríú teanga i gcomhthéacs na gcomórtas earcaíochta.

Chomh maith leis sin, is gá, mar atá molta agam le fada, sain-oiliúint a chur ar fáil maidir leis na trialacha iontrála.

Maidir leis an ateangaireacht, bheadh oiliúint bhreise i dteangacha eile i gceist freisin, ach an rud ba thábhachtaí ná go dtosódh an Pharlaimint ag earcú agus ag tabhairt postanna buana d’ateangairí comhdhála atá lán-oilte agus creidiúnaithe cheana féin,.

Léirítear dímheas ar an nGaeilge uaireanta le tagairtí do “cúpla focal” i dtaca le húsáid na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa. Go hiondúil bíonn teorainn aon nóiméad amháin nó trí nóiméad le hóráidí ag na seisiúin iomlánacha. Sa Pharlaimint deiridh, ba mhinic a labhair Éireannaigh ar feadh trí nóiméad i nGaeilge.

Agus minic go leor, labhair Feisirí ón Danmhairg ar feadh na dtrí nóiméad i mBéarla. Is teangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh iad araon, Gaeilge agus Béarla. Agus cead ag na Feisirí iad a labhairt gan scáth.

Fág freagra ar 'Aistriúchán agus ateangaireacht san AE – dul chun cinn agus moilleadóireacht'