Airgead don phleanáil teanga, seoladh Cúla4 agus ceapachán an Choimisinéara Teanga nua i measc ‘éachtaí’ airí na Gaeltachta

Agus machnamh á dhéanamh acu ar an mbliain, rinne Airí na Gaeltachta cur síos ar an maoiniú agus ar na bearta ba thábhachtaí, dar leo, a chabhraigh leis na hearnálacha atá faoina gcúram fás i mbliana

Airgead don phleanáil teanga, seoladh Cúla4 agus ceapachán an Choimisinéara Teanga nua i measc ‘éachtaí’ airí na Gaeltachta

Ba é an maoiniú breise a d’fhógair sé do lucht na pleanála teanga ar fud na tíre an t-ábhar bróid ba mhó a bhí ag Aire Stáit na Gaeltachta agus é i mbun a chúraim i mbliana.

Agus machnamh á dhéanamh acu ar an mbliain, rinne an triúr airí sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, Patrick O’Donovan agus Thomas Byrne, cur síos ar an maoiniú agus ar na bearta ba thábhachtaí, dar leo, a chabhraigh leis na hearnálacha atá faoina gcúram forbairt i mbliana.

Dúirt Patrick O’Donovan, a raibh a chéad bhliain aige mar Aire Stáit na Gaeltachta, gurb é buaicphointe na bliana ná an tacaíocht bhreise a d’fhógair sé don phróiseas pleanála teanga cúpla mí ó shin.

“I mo réimse féin, an Ghaeltacht agus an Ghaeilge, ba bhliain thar a bheith tábhachtach í 2023. Bhí bród orm an maoiniú a mhéadú dár Limistéir Pleanála Teanga, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge, go háirithe,” a dúirt O’Donovan. “Rachaidh an maoiniú méadaithe seo go mór i dtreo ár n-aidhmeanna an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga bheo bhríomhar phobail sna ceantair Ghaeltachta agus a húsáid laethúil taobh amuigh den Ghaeltacht a chur chun cinn.”

D’fhógair an tAire Stáit mí Dheireadh Fómhair go raibh ardú 20% ceadaithe ag a Roinn ar bhuiséid na bpleananna teanga ar fud na tíre. Is fiú beagnach €900,000 breise sa bhliain an t-ardú.

Bhí bunú Choimisiún na Meán áirithe ar na buaicphointí ag Aire sinsearach na Gaeltachta, Catherine Martin, ach thagair sí freisin do sheoladh Cúla4, cainéal nua TG4 do pháistí, agus don mhaoiniú breise atá tugtha aici don stáisiún.

“Tacóidh an Ciste Meán nua freisin le cúrsaí craolacháin agus meán níos leithne, agus neartaigh maoiniú breise a cuireadh ar fáil do TG4 i mbliana forbairt agus seoladh Cúla4, an chéad chainéal teilifíse Gaeilge do dhaoine óga.”

Seoladh Cúla4 ag tús mhí Mheán Fómhair agus d’fhógair an tAire Martin beagnach €5m breise do TG4 i mBuiséad 2024, rud a fhágann go mbeidh buiséad €57 milliún ag an stáisiún Gaeilge an bhliain seo chugainn.

Bhí maoiniú breise d’Ealaín na Gaeltachta, d’fhoilsitheoireacht Ghaeilge, do Chonradh na Gaeilge, do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, agus d’fhorbairt na hUltaise ar chuid de na príomhbhearta a tugadh isteach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht in 2023, dar leis na hAirí.

Luadh freisin cur i bhfeidhm phríomh-ailt an Achta Teanga, bord eatramhach Údarás na Gaeltachta agus buanchomhaltaí nua an bhoird a cheapadh, ainmniúchán an Choimisinéara Teanga nua, Séamas Ó Concheanainn, agus a cheapadh go hoifigiúil an tseachtain seo caite.

Fág freagra ar 'Airgead don phleanáil teanga, seoladh Cúla4 agus ceapachán an Choimisinéara Teanga nua i measc ‘éachtaí’ airí na Gaeltachta'