€900,000 breise sa bhliain do chur i bhfeidhm na bpleananna teanga ar fud na tíre

D’fhógair an tAire Stáit Patrick O’Donovan go bhfuil ardú 20% ceadaithe aige ar bhuiséad na bpleananna teanga

€900,000 breise sa bhliain do chur i bhfeidhm na bpleananna teanga ar fud na tíre

Tá beagnach €900,000 breise sa bhliain le cur ar fáil don phleanáil teanga.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan go bhfuil ardú 20% ceadaithe aige do bhuiséad na bpleananna teanga atá á i gcur i bhfeidhm ar fud na tíre sna Limistéir Phleanála Teanga Gaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge.

Ardú €20,000 sa bhliain a bheidh i gceist d’fhormhór na Limistéar Pleanála Gaeltachta ach airgead níos mó a bheidh i gceist le roinnt eile.

€30,000 breise sa bhliain a bheidh ar fáil do na pleananna atá á gcur i bhfeidhm i nGaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir; i gCois Fharraige; i gConamara Láir agus i gCiarraí Thiar.

Chomhlíon na LPTanna sin critéir áirithe a leagadh in 2017 chun maoiniú breise a fháil. Beidh siad in ann anois beirt Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú ina gcuid limistéar pleanála teanga in áit Oifigeach Pleanála Teanga amháin agus Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga, mar atá i gceist anois. Is mó an tuarastal a fhaigheann Oifigeach Pleanála Teanga ná Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga.

Tá tacaíocht bhreise ar leith ceadaithe do LPT Mhaigh Eo Thuaidh de bharr cás a chuir an LPT sin os comhair na Roinne i Márta 2023. Tá cead tugtha do LPT Mhaigh Eo Thuaidh an dara hOifigeach Pleanála Teanga a fhostú sa limistéar anois agus cuirfear buiséad ar fáil atá ar comhchéim leis ns ceithre LPT a luadh thuas – €150,000 sa bhliain.

Rinneadh cás eisceachtúil do LPT Oileáin Árann agus beidh €360,000 anois ar fáil gach bliain chun an plean teanga a chur i bhfeidhm ar na trí oileán, ardú €60,000.

€16,000 breise sa bhliain a bheidh i gceist do gach Líonra Gaeilge agus Baile Seirbhíse Gaeilge.

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan gur aitheantas é an t-ardú 20% ar bhuiséad na bpleananna teanga ar “an obair thábhachtach” atá ar bun faoin bpróiseas pleanála teanga agus go gcuirfidh sé le cumas na gcoistí dul i ngleic leis an ardú atá tagtha ar na costais mhaireachtála le cúpla bliain anuas.

Tá pleananna teanga i bhfeidhm i ngach ceann den 26 LPT Gaeltachta agus pleananna ceadaithe d’ocht gcinn de na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus don trí Líonra Gaeilge chomh maith.

Tá athbhreithniú neamhspleách ar bun faoi láthair ar dheich gcinn de na pleananna teanga sna limistéir phleanála.

Fág freagra ar '€900,000 breise sa bhliain do chur i bhfeidhm na bpleananna teanga ar fud na tíre'