Aird ar ‘Ard an Bhóthair’ agus geansaí nua Chiarraí seolta

Sheol CLG Chiarraí geansaí nua inniu atá bunaithe ar an ngeansaí a chaith Páidí Ó Sé agus é ina chaptaen ar an Ríocht nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann i 1985

Aird ar ‘Ard an Bhóthair’ agus geansaí nua Chiarraí seolta

Déantar ceiliúradh ar Pháidí Ó Sé, an laoch peile as Ard an Bhóthair, i bhfíseán nua atá curtha amach ag CLG Chiarraí. Cuireadh an físeán amach mar chuid den fheachtas bolscaireachta atá ar bun do gheansaí nua na Ríochta, atá bunaithe ar an gceann a chaith Ó Sé i 1985, nuair a bhí sé ina chaptaen ar an bhfoireann a bhuaigh Craobh na hÉireann.

San fhíseán, bronnann bainisteoir na foirne sin, Mick O’Dwyer, an geansaí nua ar mhac Pháidí, Pádraig Óg, a bheidh ag imirt don Ghaeltacht i gCluiche Ceannais Idirmheánach an Chontae Dé Domhnaigh.

Tugtar ómós chomh maith do laochra eile ó fhoirne peile Chiarraí atá imithe ar shlí na fírinne, John Egan agus Tim Kennelly ina measc.

Is é an t-iarpheileadóir, Paul Galvin, a dhear an geansaí nua a chaithfidh foirne an chontae in 2018 agus 2019.

Fág freagra ar 'Aird ar ‘Ard an Bhóthair’ agus geansaí nua Chiarraí seolta'